Skip to main content

13 Deireadh Fómhair 2023: An tEolas is Déanaí maidir le hÓglaigh na hÉireann atá ar dualgas in Iosrael, sa Liobáin agus sa tSiria

Tá pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ag fónamh le UNIFIL sa Liobáin, UNDOF sa tSiria agus UNSTO sa Liobáin, sa tSiria agus in Iosrael. Féach thíos chun eolas sonrach ar an misean a fháil
Flag-United-Nations-Logo

UNIFIL 

Le 48 uair an chloig anuas tharla malartú scaoilte ó am go chéile trasna na Líne Gorma idir Fórsaí Cosanta Iosrael (IDF) agus Gníomhaithe Neamh-Stáit (NSA) i nDeisceart na Liobáine. Tá laghdú ar dhéine an scaoilte ón uair ba mheasa a bhí sé ar an 06 agus 07 Deireadh Fómhair 23. 

 

Ar roinnt ócáidí ó cuireadh tús leis an gcogaíocht tá UNIFIL, agus go háirithe IRISHPOLBATT, faoi réir GROUNDHOG (ar foscadh i suíomhanna cosanta). Chuaigh trúpaí na hÉireann sa 122ú Cathlán Coisithe in UNIFIL i mbun GROUNDHOG inniu ag 1430 uair (GMT) agus leanann siad de mhonatóireacht a dhéanamh ar an gcás ó shuíomhanna cosanta. Tá cuntas ar gach saighdiúir de chuid na hÉireann agus tá siad sábháilte. Leanfaidh siad ar aghaidh i mbun oibríochtaí creata pleanáilte nuair a bheidh sé sábháilte é sin a dhéanamh. Tá 342 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ag fónamh le UNIFIL. 

 

UNDOF 

 

Tá trúpaí na hÉireann sa 68ú Grúpa Coisithe ag coinneáil aird ardleibhéil agus ag leanúint le monatóireacht a dhéanamh ar an gcás. Tá gach gníomhaíocht neamhriachtanach curtha ar fionraí. Leanann siad d'oibríochtaí creata a sheoladh ar aon dul le cur chun feidhme an tsainordaithe. Tá 116 pearsanra ag fónamh le UNDOF faoi láthair. Tá an staid i Réimse Freagrachta UNDOF (AOR) fós socair.

 

UNTSO 

Tá an pearsanra na hÉireann atá ag fónamh ina mBhreathnóirí NA le UNTSO in Iosrael, sa Liobáin agus sa tSiria ag coinneáil aird ardleibhéil agus ag leanúint le monatóireacht a dhéanamh ar an gcás. Tá siad UILE slán sábháilte agus go maith agus tá siad ag cloí le réamhchúraimí slándála na NA. Tá sé seo dírithe go príomha ar bheith ag taisteal gan ghá. Tá 13 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ag fónamh le UNTSO.