Skip to main content

Maidir Linne (PSS)

DF Families About Us

Aithníonn Óglaigh na hÉireann an ról tábhachtach atá ag teaghlaigh chun tacaíocht a thabhairt dár bpearsanra agus tríd an tseirbhís Tacaíochta Pearsanra (PPS) táimid tiomanta cuidiú leat tacú le duine muinteartha leat.

Tá sé mar rún againn go mbeadh sé éasca ag teaghlaigh eolas a aimsiú agus rochtain a bheith acu ar sheirbhísí atá ar fáil dóibh agus is é an mhian atá againn go mbraithfeadh Teaghlaigh Óglaigh na hÉireann níos ceangailte agus go mbeadh tacaíocht ar fáil dóibh.

Ar dhuine de na daoine is tábhachtaí a chasfar ort i do bheairic nó bunáit áitiúil is ea duine den Fhoireann Seirbhíse Tacaíochta Pearsanra (PSS). Beidh duine amháin ar a laghad den fhoireann tacaíochta seo ar gach láthair de chuid Óglaigh na hÉireann a bheidh in ann cúnamh a thabhairt duit. Tá an PSS comhdhéanta de mheascán Oifigeach Tacaíochta Pearsanra agus Oibrithe Sóisialta atá in ann cúnamh a chur ar fáil sna réimsí seo a leanas:

  • Fadhbanna teaghlaigh agus caidrimh
  • Déileáil le himscaradh
  • Fadhbanna sláinte lena n-airítear alcól agus meabhairshláinte
  • Obair agus Airgeadas
  • Eolas agus atreorú