Skip to main content

Cad is Earcaíocht san Airm?

What is an Army recruit

Cad is Earcaíocht san Airm?

Liostálann Earcach Airm le haghaidh Seirbhís Ghinearálta i gCéimnigh Eile Óglaigh na hÉireann. Tar éis an cúrsa tosaigh Traenála Earcaigh a chur i gcrích go rathúil, rachaidh an tEarcach ar aghaidh chuig an gCúrsa Saighdiúra Shingil Dhá Réalta sula gcáilíonn sé/sí mar Shaighdiúir Singil Trí Réalta san Arm. 

Faisnéis faoi Earcú Seirbhíse Ginearálta an Airm

Tá daoine á lorg ag Óglaigh na hÉireann a bhfuil gairm mhíleata atá dúshlánach go fisiciúil á lorg acu. Ní mór d’iarratasóirí:

  • An cumas a bheith acu le feidhmiú i dtimpeallacht mhíleata smachtaithe
  • An cumas oibriú le daoine eile mar fhoireann
  • Oibriú go maith i dtimpeallacht ina bhfuil go leor cúramaí fisiciúla lena mbaineann go leor struis
  • A bheith toilteanach a dhul ar seirbhÁs thar lear ar feadh tréimhsí fada

Ar cháiliú dóibh gheobhaidh earcaigh post mar shaighdiúir singil trí réalta le ceann de na Cóir SheirbhÁse seo a leanas,  an Cór Coisithe, an Cór Airtléire, an Cór Marcra, an Cór Iompair nó an Cór Córas Eolais Cumarsáide.

Cáilíochtaí

Níl aon cháilíochtaí foirmiúla oideachais ag teastáil chun páirt a ghlacadh in Óglaigh na hÉireann mar earcach. Mar sin féin, ní mór duit an Bord Agallaimh agus an tOifigeach Earcaíochta a bhfuil tú caighdeán leordhóthanach oideachais do sheirbhís in Óglaigh na hÉireann a shásamh.

Teorainneacha Aoise

Ní mór d'iarratasóirí a bheith 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 25 bliain d'aois ar an dáta a meastar gurb é an dáta deiridh d'iarratais.

Ionduchtú

Reáchtáiltear Comórtais i ngach aon Bhriogáid de chuid an Airm de réir mar is gá agus is é sin an t-aon bhealach amháin le liostáil in Óglaigh na hÉireann mar Shaighdiúir Singil. Cuirtear iarrthóirí faoi thástáil aclaíochta, tástáil síciméadrach, faoi agallamh agus faoi scrúdú liachta. I gcomhar leis seo, beidh gach iarrthóir a bheith slándála sheiceáil ag an nGarda Síochána. Ní mór d'iarrthóirí dhá réiteoir a chur ar fáil mar chuid den phróiseas iniúchadh slándála. Beidh ar iarrthóirí pas a fháil sa scrúdú leighis agus seiceála slándála a mheas le haghaidh ionduchtaithe araon. Cinnfidh an Próiseas Ionduchtaithe cibé an bhfuil an cumas agat le bheith i do Shaighdiúir Singil san Arm.

Traenáil

Tá an Siollabas Traenála d’Earcaigh deartha le Saighdiúir Coisithe Dhá Réalta atá aclaí go fisiciúil, a bhfuil smacht aige/uirthi air/uirthi féin agus atá spreagtha, a dhéanamh d’earcach.  Is ionann an traenáil a fhaigheann earcach agus traenáil mhíleata bhunúsach. Maireann an traenáil cúig seachtaine déag. Leantar é sin le traenáil 3 réalta agus ina dhiaidh sin le cúrsaí Sain-Traenála don Saighdiúir Traenáilte.

D'fhéadfadh go mbeadh ar earcaigh a gcuid traenála a chríochnú i láthair ar bith de chuid Óglaigh na hÉireann agus i ndiaidh a gcuid traenála d'fhéadfaí iad a chur chuig láthair ar bith de chuid Óglaigh na hÉireann faoi réir ag riachtanais Óglaigh na hÉireann.

Íoslódáil an leabhrán mionsonraithe ar Ionduchtú agus Traenáil >>

Dul Chun Cinn Gairme

Spreagtar Saighdiúir Singil nua-cháilithe chun iad féin a chur chun cinn ar mhaithe le tuilleadh cúrsaí a dhéanamh san Arm. D’fhéadfadh na cúrsaí sin cur ar chumas an tsaighdiúra speisialú a dhéanamh i réimsí áirithe den Arm le haghaidh ardú ceime nó cáiliú le dul ar sheirbhís thar lear.