Skip to main content

An Scuadrún CIS

Is é a jab, déileáil le gach gné den trealamh agus de na córais Chumarsáide, Loingseoireachta agus Eolais Teicneolaíochta a bhíonn de dhíth ar an Aerchór lena rólanna sannta a chur i gcrích. Cuireann siad cinntí polasaí na bhFórsaí Cosanta maidir le Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais i bhfeidhm san Aerchór le foireann eagraithe ardoilte díograiseach agus dea-threalmhaithe.

Eagrú an Scuadrúin Seirbhísí Cumarsáide & Eolais

Ceann Ceahtrú an Scuadrúin Seirbhísí & Eolais

Is í an Cheanncheathrú atá freagrach as an Riarachán Pearsanra, Riarachán an Aonaid, Uainchláir Dualgais an Aonaid agus an Aerchóir agus na Stórais Theicniúla sa Scuadrún Seirbhísí Cumarsáide & Eolais. Is iad Riarachán Pearsanra a dhéileálann le cothabháil agus riar na ndoiciméad pearsanra i gcás gach ball den aonad. Is iad na Stórais Theicniúla atá freagrach as an gcuntasaíocht, agus as trealamh teicniúil a eisiúnt agus a fháil ar ais ar fud an Aerchóir.

An Eitleog um Sheirbhísí Aerpháirce

Tá an Eitleog um Sheirbhísí Aerpháirce freagrach as lear mór trealaimh theicniúil a shuiteáil, a sheirbhísiú agus a chothabháil: Áiseanna Loingseoireachta Aerpháirce ar nós Raon Uilethreoch Ardmhinicíochta/Trealamh Tomhais Achair, Córas Tuirlingthe Ionstraime agus an Trealamh Tomhais Achair a ghabhann leis, Treo-aimseoir Aeróg Cómhalartaithe.

I seomra raidió an Rialú Aerthráchta bíonn lasc ghutha le suíomhanna sa túr agus san ascnamh, glacadóirí agus cumarsáid na rogha deiridh. Tá córas meitéareolaíochta ann freisin agus fotha radair ó Aerfort Bhaile Átha Cliath, mar aon le hUathsheirbhís Faisnéise Teirminéil agus córas ceamaraí meitéareolaíochta.

Tá radailíonraí míleata an-ardmhinicíochta/ardmhinicíochta (VHF/HF) fadraoin agus gearr-raoin ag an Lárionad Cumarsáide a sholáthraíonn malartán gutha agus sonraí mar thacaíocht don tionlacain mhuirí agus airgid thirim.

An Eitleog Chumarsáide

Is í an Eitleog Chumarsáide a chuireann an chumarsáid thalamhbhunaithe uile, mar aon le cuid den chumarsáid aerbhunaithe, ar fáil don Aerchór le raidiónna ultra-ardmhinicíochta, ardmhinicíochta agus an-ardmhinicíochta. Tá dhá fheithicil Nissan FFR (faoi fheistiú raidió) ann a sholáthraíonn an chumarsáid idir na haerárthaí agus an bhunáit le linn obair pháirce.

Bíonn foireann sa Lárionad Cumarsáide 24 uair an chloig, agus iad freagrach as an trácht raidió agus as teachtaireachtaí cripteagrafacha scríofa agus labhartha. Cuireann siad oibrithe cumarsáide oilte ar fáil do na patróil mhuirí agus nuair a bhíonn airgead tirim le tionlacan.

An Eitleog um Sheirbhísí Teicniúla

Is í an Eitleog um Sheirbhísí Teicniúla atá freagrach as Líonrú, Gléasra Cumhachta agus Teileachumarsáid sa Scuadrún Seirbhísí Cumarsáide & Eolais.

Is iad Líonrú atá freagrach as cothabháil, seirbhísiú agus suiteáil na gcrua-earraí líonra reatha agus nua, lena n áirítear cáblaí snáthoptaice, cáblaí copair casphéire neamhdhíonta, painéil phaiste, caibinéid, lasca líonra agus asraonta ríomhaire don líonra, don Chóras AS400 agus don Idirlíon. Bíonn siad ag plé freisin le pleanáil, dearadh agus feidhmiú córas cáblaí struchtúrtha, cáblaí snáthoptaice san áireamh, agus le bainistiú cáblaí agus crua-earraí líonra agus le foinsiú agus le ceannach na gcomhpháirteanna líonra uile.

An Eitleog um Eolas Teicneolaíochta

Is í an Eitleog um Eolas Teicneolaíochta a bhíonn freagrach as ceartfheidhmiú an Líonra Seirbhísí Cumarsáide & Eolais san Aerchór agus sa Chóras Airsoft AS400.

Tá dhá réimse san Eitleog um Eolas Teicneolaíochta: Oibríochtaí agus Forbairt. Bunaíodh réimsí oibre chun deisiú/uasghrádú na gcóras a éascú.  Pearsanra sa réimse Oibríochtaí is mó a dhéanann an obair sin, agus is pearsanra as Forbairt a dhéanann na saoráidí AS400 agus an suíomh gréasáin a chothabháil.