Skip to main content

Eolais faoi Searmanais

Searmanais Óglaigh na hÉireann

Glacann Óglaigh na hÉireann páirt i searmanais náisiúnta éagsúla i rith na bliana.  Bíonn ról le himirt ag gach seirbhís laistigh d’Óglaigh na hÉireann le linn na searmanas sin. Gardaí Oinigh, Cúirtéisí Gunna agus Aithris Cheoil a d’fhéadfadh a bheith i gceist le rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann, ag brath ar an searmanas.

Rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann

Óglaigh na hÉireann páirt i searmanais an Stáit a mbíonn baint acu leis nithe seo a leanas:

  • Insealbhuithe Uachtaráin
  • Cuairteanna Stáit an Uachtaráin Thar Lear
  • Ceannairí Stáit ar Cuairteanna Stáit chun na hÉireann
  • Dintiúir á gcur i láthair ag Ambasadóirí
  • Ceannairí Rialtais ar Cuairteanna Stáit chun na hÉireann
  • Searmanais Chuimhneacháin ar 1916, GPO/Cnoc an Arbhair
  • Sochraidí Stáit
  • Cúirtéisí Gunna ag Longa Cogaidh
  • Lá Náisiúnta de shearmanais chuimhneacháin
  • Paráid na Cásca
  • Comóradh Náisiúnta ar an nGorta

Gardaí Oinigh

Baintear úsáid as Gardaí Oinigh chun onóir phearsanta a léiriú ar dhaoine a bhfuil céim nó staid acu a thugann teideal ar Gharda Oinigh dóibh agus iad ag déanamh ar áit nó á fágáil. Coimeádtar Gardaí Oinigh le haghaidh searmanas stáit nó searmanas míleata, nó le haghaidh searmanas lena mbaineann saintréithe náisiúnta agus iad sin amháin. Bíonn Gardaí Oinigh éagsúla ann, ag brath ar an searmanas:

Garda Oinigh na gCaptaen

Bíonn an garda oinigh seo comhdhéanta de 3 Oifigeach — 1 Captaen, 2 Leifteanant, 1 Sáirsint Complachta, 3 Sáirsint agus 100 eile as céimeanna comhdhéanta de Cheannairí agus Saighdiúirí Singil.

Garda Oinigh Trí-Sheirbhíse na gCaptaen

Bíonn an garda oinigh seo comhdhéanta de 3 Oifigeach — 1 Captaen, 2 Leifteanant, 1 Sáirsint Complachta, 3 Sáirsint agus 99 eile as céimeanna comhdhéanta de Cheannairí agus Saighdiúirí Singil as na trí sheirbhís de chuid Óglaigh na hÉireann.

Garda Oinigh na Leifteanant

Bíonn an garda oinigh seo comhdhéanta de 3 Oifigeach — 1 Captaen, 2 Leifteanant, 1 Sáirsint Complachta, 3 Sáirsint agus 100 eile as céimeanna comhdhéanta de Cheannairí agus Saighdiúirí Singil.

Garda Oinigh na nDaltaí

Bíonn an garda oinigh seo comhdhéanta de 2 Leifteanant agus 50 Dalta

Bíonn Gardaí Oinigh Cúirtéise de na cineálacha céanna ann freisin, ach le níos lú daoine páirteach iontu.

Cuimhdeacht Oinigh

Cuirtear Coimhdeacht Oinigh Gluaisrothar Marcra ar fáil ag ócáidí searmanais, de ghnáth, chun cur le dínit na hócáide trí iompar, cuma agus gléasadh na coimhdeachta agus lena chinntiú go rachaidh an fheithicil faoi choimhdeacht ag luas a fhágfaidh go mbainfidh sí an ceann scríbe amach ag an am ceart.

Bíonn Coimhdeacht Oinigh comhdhéanta d’eagar trúpaí ar mhuin capaill agus trumpadóir (3).

Coimhdeacht Oinigh an Chaptaein

Bíonn Coimhdeacht Oinigh an Chaptaein comhdhéanta de 3 Oifigeach - 1 Captaen, 2 Leifteanant , 24 eile as céim ONC agus/nó trúipéirí agus and 2 buabhallaí.

Coimhdeacht Oinigh an Leifteanaint

Bíonn Coimhdeacht Oinigh an Leifteanaint comhdhéanta de 1 Leifteanant,  16 eile as céim ONC agus/nó trúipéirí agus and 1 buabhallaí.

Léigh tuilleadh faoi Stair na Coimhdeachta Oinigh

Cúirtéisí Gunna

Bíonn Onóracha Míleata i bhfoirm Cúirtéisí Gunna comhdhéanta de ghunna agus fiche, ach amháin i gcás cúirtéise gunna don Sacraimint Bheannaithe ina scaoiltear 50 gunna mar chúirtéis.

Bíonn Bataire Airtléire Mhachaire a scaoileann cúirtéis ghunna comhdhéanta de 6 gunna. Tugtar Cúirtéisí Gunna Míleata ar na hócáidí seo a leanas:

  • Insealbhú Uachtaráin
  • Cuairt nach cuairt phríobháideach í, ó Cheannaire Stáit Eachtraí, agus é nó í ag teacht isteach sa Stát agus á fhágáil
  • Le cúirtéis a thabhairt don tSacraimint Bheannaithe
  • Mar fhreagairt ar chúirtéis ghunna arna scaoileadh ag long chogaidh eachtrannach
  • Sochraid Mhíleata do Ghinearáloifigeach nó do chomhalta Míleata na Comhairle Cosanta, ar údarú an Leas-Chinn Foirne (Tacaíocht)