Skip to main content

PBN Defender

Summary-Images_defender

Aerárthach Pilatus Britten Norman Defender 4000 amháin atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair, i gcomhar leis an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Chuaigh an t-aerárthach sin i mbun seirbhíse sa bhliain 1997 agus oibrionn sé seacht lá na seachtaine ina ról Aerthacaíochta don Gharda Siochána.

Is faoin Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí atá an rialú oibriúcháin i gcás an aerárthaigh, ach is é an tAerchór a sholáthraíonn píolótaí agus teicneoiri aerárthaigh d’Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána chun an t aerárthach a eitilt agus a chothabháil.

Rólanna

  • Aerthacaíocht an Gharda Síochána
Staitisticí PBN Defender 4000
Cineál AerárthaighPBN Defender 4000
Ról(anna)Aerthacaíocht an Gharda Síochána
Criú 1 Píolóta agus 2 Garda Síochána
Córas Tiomána2 x inneall turba-liáin Allison 250-B17F
Réise Sciathán16.15 méadar (53 troigh)
Airde 4.3 méadar (14 troigh, 2 orlach)
Fad12.2 méadar (40 troigh, 4 orlach)
ArmáilNeamhbhainteach
Chuaigh i mbun Seirbhíse1997

Feidhmíocht PBN Defender 4000
Uas T/O Meáchan 3,859 cileagram (8,500 punt)
Síleáil Seirbhíse10,000 troigh
Luas Cúrsála154 cnota
Uasluas161 cnota
SeasmhachtAg brath ar an misean
RaonAg brath ar an misean