Skip to main content

Aicmí Armchúirteanna

Tá trí aicme armchúirteanna ann, mar seo a leanas:-

  • Armchúirt Achoimre
  • Armchúirt Theoranta
  • Armchúirt Ghinearálta

Nóta: Tagairt ar bith do Bhreitheamh Míleata sna hailt ina dhiaidh seo, is féidir glacadh leis go gciallaÁonn sin Breitheamh Míleata nó Breitheamh de chuid na Cúirte Cuarda arna ainmniú chun feidhmeanna Breithimh Mhíleata a dhéanamh.

An Armchúirt Achoimre

Is buanchúirt mhíleata an Armchúirt Achoimre lena mbaineann Breitheamh Míleata ina shuí ina aonar. Tá d'údarás ag gach Breitheamh Míleata bheith i gceannas agus feidhmiú mar Armchúirt Achoimre. Déanann an Riarthóir Armchúirte, ar threoir a fháil ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata, cásanna a chur faoi bhráid na hArmchúirte Achoimre. Éisteann an Armchúirt Achoimre, i bhfeidhmiú dlínse bhunaidh nó dlínse achomhairc di, cásanna lena mbaineann cionta in aghaidh an Dlí Mhíleata agus/nó in aghaidh Dhlí Choiriúil an Stáit nach iad na cionta is tromchúisí iad. Is féidir daoine ar gach céim suas go dtí céim choimisiúnta an Cheannfoirt a chur ar a dtriail os comhair Armchúirte Achoimre. Is féidir leis an Armchúirt Achoimre suí in áit ar bith, taobh istigh nó taobh amuigh den Stát. Tugann an Breitheamh Míleata breith ar gach ceist dlí nó fíorais a thagann chun cinn os comhair na Cúirte Achoimre. Sé mhí príosúnachta an phianbhreith príosúnachta is faide is féidir a ghearradh san Armchúirt Achoimre.

Armchúirt Theoranta

Ní Buanchúirt Airm atá san Armchúirt Theoranta (ACT) agus ní thionólann an Riarthóir Armchúirte (RAC) í ach amháin ar threoir ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata. Bíonn Breitheamh Míleata i gceannas agus Bord Armchúirte ar a mbíonn ar a laghad triúr ball foirne de chuid Óglaigh na hÉireann i gceist le ACT. An RAC a shonraíonn comhaltaí an Bhoird ar iondúil triúr comhalta air (beirt oifigeach coimisiúnta agus oifigeach neamhchoimisiúnta sinsearach amháin, nó d'fhéafadh é bheith déanta suas as oifigigh coimisiúnta ar fad) agus ní mór ar a laghad oifigeach amháin nach ísle céim ná Ceannfort airm a bheith ar an mBord. Ní féidir le ACT cás a éisteacht ach amháin sa chás gur duine ar chéim neamhchoimisiúnta a chúisítear. Is féidir le ACT suí in áit ar bith, taobh istigh nó taobh amuigh den Stát. Is é an Breitheamh Míleata a thugann breith ar gach ceist dlí a thagann chun cinn agus an Bord Armchúirte a thugann breith ar cheisteanna fíorais. Ní mór tromlach dhá thrian i ndáil le cinneadh fíorais. Socraíonn an Breitheamh Míleata an phianbhreith a ghearrtar, má ghearrtar pianbhreith ar bith. Dhá bhliain príosúnachta an phianbhreith príosúnachta is faide is féidir a ghearradh san Armchúirt Theoranta.

Armchúirt Ghinearálta

Mar a chéile le hArmchúirt Theoranta (ACT), ní Buanchúirt Airm atá san Armchúirt Ghinearálta (ACG) agus ní thionólann an Riarthóir Armchúirte (RAC) í ach amháin ar threoir ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Míleata. Bíonn Breitheamh Míleata i gceannas agus Bord Armchúirte ar a mbíonn ar a laghad cúigear ball foirne eile de chuid Óglaigh na hÉireann i gceist le ACG. An RAC a shonraíonn comhaltaí an Bhoird ar a bhféadann oifigigh coimisiúnta maille le haon oifigeach neamhchoimisiúnta sinsearach amháin a bheith nó é déanta suas as oifigigh coimisiúnta ar fad. Sa chás gur oifigeach coimisiúnta atá á chúiseamh ní mór comhaltaí uile an Bhoird a bheith ina n-oifigigh coimisiúnta. Ní mór ar a laghad oifigeach amháin nach ísle céim ná Cornal airm a bheith ar an mBord. Éisteann ACG cásanna lena mbaineann cionta tromchúiseacha in aghaidh an Dlí Mhíleata agus/nó in aghaidh Dhlí Choiriúil an Stáit nach iad na cionta is tromchúisí iad. Ní féidir oifigigh coimisiúnta ar chéim nach ísle ná Leifteanantchornal a chur ar a dtriail os comhair Armchúirte Achoimre ná ART. Is os comhair ACG amháin is féidir oifigigh ar chéim nach ísle ná Leifteanantchornal a chur ar a dtriail. Is féidir le ACG suí in áit ar bith, taobh istigh nó taobh amuigh den Stát. Mar a chéile le nós imeachta ACT, is é an Breitheamh Míleata a thugann breith ar gach ceist dlí a thagann chun cinn os comhair ACG agus an Bord Armchúirte a thugann breith ar cheisteanna fíorais. Ní mór tromlach dhá thrian i ndáil le cinneadh fíorais. Socraíonn an Breitheamh Míleata an phianbhreith a ghearrtar, má ghearrtar pianbhreith ar bith. Is féidir le ACG pianbhreith príosúnachta suas go dtí príosúnacht saoil a ghearradh agus príosúnacht saoil san áireamh.