Skip to main content

An Stát a Chosaint

An Stát a chosaint in aghaidh foghanna faoi airm; toisc gur teagmhais é seo, braithfidh na hullmhúcháin lena chur i bhfeidhm ar mheasúnú leanúnach a dhéanfaidh an Rialtas ar an timpeallacht shlándála agus chosanta;

Cúnamh don chumhacht shibhialta

Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta/ leis an Údarás Sibhialta (rud a chiallaíonn cúnamh a thabhairt nuair a iarrtar sin don Gharda Síochána, ar a bhfuil an phríomhfhreagracht maidir le dlí agus ord, lena n-áirítear slándáil inmheánach an Stáit a chosaint).

Síocháin ilnáisiúnta agus faoiseamh daonnúil

Chun páirt a ghlacadh i dtacaíocht síochána ilnáisiúnta, in oibríochtaí bainistithe géarchéime agus in oibríochtaí faoisimh dhaonnúil, chun tacú leis na Náisiúin Aontaithe agus faoi mhandáid na NA lena n-áirítear misin réigiúnacha slándála a údaraíonn na NA.

Slándáil Muirí & Cosaint Iascaigh

Is í an tSeirbhís Chabhlaigh an phríomhghníomhaireacht mhuirí atá ag an Stát agus cúram ginearálta uirthi freastal ar riachtanais theagmhasacha agus fhíora na cosanta mara. Leagtar réimse ról cosanta agus ról eile mar dhualgas uirthi. Áirithe ar na róil chosanta sin tá cosaint na bhfarraigí teorann, cosc a chur le bearta ionsáiteacha nó ionsaitheacha, faireachas a dhéanamh ar muir, láithreachas armtha cabhlaigh a choinneáil, ceart gluaiseachta a chinntiú, agus acmhainní muirí a chosaint.

Searmanais

Glacann Óglaigh na hÉireann páirt i searmanais náisiúnta éagsúla i rith na bliana. Bíonn ról le himirt ag gach seirbhís laistigh d’Óglaigh na hÉireann le linn na searmanas sin. Gardaí Oinigh, Cúirtéisí Gunna agus Aithris Cheoil a d’fhéadfadh a bheith i gceist le rannpháirtíocht Óglaigh na hÉireann, ag brath ar an searmanas.