Skip to main content

Cad is Teicneoir Aerárthach faoi Oiliúint

An Cineál Duine a Theastaíonn Uainn

Déanann teicneoirí cothabháil agus seirbhísiú ar aerárthaí san Aerchór, ar a gcuid aerfhrámaí, inneall, córas, agus trealamh. Tá daoine óga, díograiseacha le bua na teicneolaíochta á lorg ag an Aerchór, daoine atá ag cuardach deis ní hamháin gairm nua a fhoghlaim ach deis an ghairm sin a úsáid i ndálaí dúshlánacha. Faigheann Teicneoirí faoi Oiliúint a gcuid oiliúna acadúla sa Scoil Traenála Teicniúla ag Aeradróm Mhic Easmuinn, áit a bhfuil an tAerchór lonnaithe.

Teicneoirí Aerárthaigh san Aerchór

Tar éis bunchúrsa oiliúna míleata seacht (7) mí a chur i gcrích, tosóidh an teicneoir faoi oiliúint ar a chuid staidéir acadúil.

Is clár lánaimseartha é an Clár Oiliúna Teicniúla a mhaireann trí bliana go leith.

Tá Scoil Traenála Teicniúla an Aerchóir faofa ag EASA (an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta) mar Eagraíocht Oiliúna Cuid 147. Tá an Scoil Traenála Teicniúla creidiúnaithe ag Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, OT Bhaile Átha Cliath, chun Céim Bhaitsiléara Teicneolaíochta Innealtóireachta sa Teicneolaíocht Eitlíochta Míleata a chur ar fáil. Trí na cláir seo, tabharfar teagasc do theicneoirí faoi oiliúint i ngach disciplín a bhaineann le cothabháil aerárthaigh ar eitleonaic nó aerárthaí sciatháin dhobhogtha nó rótarárthaí agus córas tiomána.

Beidh modúil an EASA (Teoiric agus Ceardlanna Praiticiúla) agus na scrúduithe a bhaineann leo comhlánaithe go hiomlán sula rachaidh an teicneoir faoi oiliúint ar aghaidh chuig Céim Bhaitsiléara Teicneolaíochta Innealtóireachta sa Teicneolaíocht Eitlíochta Míleata.

Beidh an clár comhdhéanta de;

  • Léachtaí
  • Ceachtanna praiticiúla
  • Turgnaimh saotharlainne
  • Socrúchán oibre
  • Tráchtas agus Tionscadal Grúpa
  • Riarachán cúrsa
  • Scrúduithe/trialacha

Seo a leanas na hábhair a bheidh i gceist;

  • Matamaitic
  • Fisic
  • Buneolas Leictreach
  • Buneolas Leictreonach
  • Teicnící Digiteacha/Córais Uirlisí Leictreonacha
  • Bunábhair agus Crua-earraí
  • Cleachtaí Cothabhála
  • Aeraidinimic Bunúsach
  • Fachtóirí Daonna
  • Reachtaíocht Eitlíochta
  • Aeraidinimic Eitleán Tuirbín, Struchtúir agus Córais - Aerárthach Sciatháin Dhobhogtha
  • Aeraidinimic Héileacaptar, Struchtúir agus Córais – Rótarárthaí
  • Aeraidinimic Aerárthaigh, Struchtúir agus Córais - Eitleonaice
  • Tiomáint
  • Inneall Gástuirbín
  • Liáin
  • Taithí Phraiticiúil ar bord Aerárthaigh
  • Tráchtas agus Tionscadal Grúpa
  • Córais Aerárthaí Míleata
  • Reachtaíocht Eitlíochta – Míleata
  • Córas Bainistíochta Cothabhála Aerárthaigh

Srianta Aoise

Ní mór do gach Iarrthóir a bheith 18 mbliana déag d’aois agus faoi bhun 23 mbliana d’aois an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Cáilíochtaí

Ní mór d'iarrthóirí na híoscháilíochtaí oideachais a bheith bainte amach ar dhul isteach san Aerchór.

Ní mór d'iarrthóir gráid faoi leith a bheith bainte amach aige san Ardteistiméireacht/Coibhéis Náisiúnta ar dhul isteach san Aerchór (seachas an t-am a ndéantar iarratas). Pas i gcúig ábhar ag an mbunleibhéal, lena n-áirítear Matamaitic agus Béarla agus ábhar amháin teicniúil nó cáilíochtaí coibhéise náisiúnta an íos-riachtanas caighdeánach iontrála.

Ní cháilíonn Bonnleibhéal ná an Ardteistiméireacht Fheidhmeach don chomórtas seo.

Ní mór d'iarrthóir a n-éireoidh leis pointí CAO a bheith aige atá coibhéiseach le ceanglais DT 011, arb é an clár sibhialta é atá á thairiscint ag an Institiúid Acadúil creidiúnaithe – OT Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 2018 theastaigh 341 pointe CAO.

Ionduchtú

Glactar le Printísigh/Teicneoirí faoi Oiliúint in Óglaigh na hÉireann de réir mar a bhíonn gá leo. Ní féidir iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas ach amháin nuair atá sé fógartha sna nuachtáin náisiúnta agus ar ár láithreán gréasáin. Dúshlán a bheidh sa Phróiseas Ionduchtaithe ach is amhlaidh an ghairm féin.

Oiliúint

Maireann an Clár Teicneoirí Aerárthaí faoi Oiliúint ceithre bliana go leith (4.5). Caitear na chéad seacht (7) mí faoi oiliúint mhíleata, ag foghlaim ceird bhunúsach na saighdiúireachta. Ina dhiaidh sin beidh an clár oiliúna teicniúla, lena n-áirítear an EASA agus na cláir chéime, á reáchtáil sa Scoil Traenála Teicniúla.

Céim an Phrintísigh a bhíonn ag Teicneoirí Aerárthaí faoi oiliúint agus íoctar iad ón lá a théann siad isteach in Óglaigh na hÉireann.