Skip to main content

EC135 P2+

EC135 P2 HÉILEACAPTAR

Dhá aerárthach EC135 P2+ atá ar obair ag an Aerchór faoi láthair. Chuaigh na haerárthaÁ sin i mbun seirbhÁse sa bhliain 2005 agus oibrÁonn siad seacht lá na seachtaine don Aerchór, i mbun iliomad rólanna.

Nuair a chríochnaíonn siad a gcúrsa ‘Sciatháin’, sruthaítear na daltaí i dtreo oibríochtaí sciathán dobhogtha nó oibríochtaí sciathán rothlach. Is é an EC135 an príomhaerárthach a úsáidtear san Aerchór do thraenáil sciathán rothlach ab initio. Maireann gnáthchúrsa tiontaithe sciathán rothlach timpeall sé mhí. Lena linn sin cuirfidh na daltaí lear mór oibríochtaí míleata sciathán rothlach i gcrích ar nós druileanna rópadóireachta, lasta a chrochadh, eitleoireacht sléibhe agus foirmíochtaí oirbheartaíochta.

Rólanna:

  • Traenáil phíolótaí
  • Tacaíocht don Arm
  • Aerárthach othar
  • Iompar daoine mór le rá agus iompar míleata
  • Úsáid ghinearálta
Staitisticí EC135 P2+
Cineál AerárthaighEurocopter EC 135 P2+
Ról(anna)Traenáil phíolótaí, tacaíocht don arm, aerárthach othar, iompar pearsanra mór le rá
& míleata agus úsáid ghinearálta
Criú1 Píolóta, 1 Fear criú & suas le 5 trúpa
Córas Tiomána2 x Pratt & Whitney PW206B2
Trastomhas Rótair10.2 méadar (33 troigh, 6 orlach)
Airde3.51 méadar (10 dtroigh, 9 orlach)
Fad12.16 méadar (39 troigh, 11 orlach)
Armáil Neamhbhainteach
Chuaigh i mbun SeirbhíseSamhain 2005

Feidhmíocht EC135 P2+
Uas T/O Meáchan2,835 cileagram (6,245 punt)
Síleáil Seirbhíse25,000 troigh
Luas Cúrsála135 cnota
Uasluas155 cnota
Seasmhacht2 uair an chloig
Raon270 muirmhíle