Skip to main content

Sciathán Oibríochtaí Uimh 3

SCIATHÁN OIBRÍOCHTAÍ UIMH 3

Is é Sciathán Oibríochtaí Uimhir a Trí a dhéanann na tascanna agus na hoibríochtaí sciatháin rothlacha uile a shanntar don Aerchór. Tá an sciathán foroinnte ina trí scuadrún oibríochtúla ar leith, agus gach scuadrún díobh i mbun a chuid rólanna féin.

Oibríonn an sciathán ocht n aerárthach ar fad faoi láthair, sé Augusta Westland AW139 agus dhá Eurocopter EC-135. Agus tá an sciathán freagrach freisin as cothabháil chéad líne na n aerárthaí uile a shanntar dó.

Ar na hoibríochtaí tipiciúla tá:

  • Tacaíocht don Arm
  • Aerárthach Othar
  • Iompar míleata
  • Cúnamh sibhialta
  • Cuardach & Tarrtháil Intíre
  • Úsáid ghinearálta
  • Traenáil píolótaí sciatháin rothlacha
  • Seirbhís Aeriompair Airí