Skip to main content

Próiseas Iarratais

Ceisteanna Coitianta i ndáil leis an bpróiseas iarratais d'Óglaigh na hÉireann

Cá háit a bhfaighidh mé foirm iarratais le hiarratas a dhéanamh ar Óglaigh na hÉireann?

Ní­l foirmeacha iarratais maidir le liostáil in Óglaigh na hÉireann le fáil ach amháin ar an láithreán gréasáin seo nuair a bhí­onn na comórtais earcaíochta Éagsúla ar oscailt. Ní ghlacann Óglaigh na hÉireann le hiarratais nuair nach mbí­onn comórtais oscailte a thuilleadh.

Féach ar na Comórtais Reatha

Cad iad trialacha cumais/inniúlachta nó trialacha sícíméadracha?

Is éard atá sna trialacha cumais nó trialacha sícíméadracha ná trialacha a mheasann difríochtaí daoine aonair in go leor réimsí ar a n-áirítear pearsantacht, spreagadh, inniúlacht agus cumais.

Cén fáth a n-úsáidtear trialacha inniúlachta?

Is cuid choiteann den phróiseas roghnúcháin iad na trialacha inniúlachta agus cabhraíonn siad le hÓglaigh na hÉireann tuiscint níos fearr a fháil ar iarrthóirí agus a shocrú an bhfuil na scileanna cuí acu don phost.

Cén fáth a bhfuil ag tabhairt faoi Mheasúnachtaí Cumais Ar-líne?

Tá measúnachtaí cumais ar-líne á n-úsáid ag Óglaigh na hÉireann mar chuid de phróiseas earcaíochta na Seirbhíse Ginearálta. Tá sé léiríthe go dtugann na measúnachtaí seo eolas cruinn faoi shaighdiúirí agus faoi mhairnéalaigh agus iad i mbun a gcuid oibre.

An ndéanfar maoirseacht ar na trialacha?

Déanfar na trialacha tosaigh ar líne a chomhlánú gan aon mhaoirseacht. D'fhéadfadh sé go ndéanfaí na hiarrthóirí atá ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile sa chomórtas a chur faoina dtriail an athuair faoi mhaoirseacht. D'fhéadfadh go gcuirfí iarratasóirí as an áireamh don phróiseas roghnúcháin sa chás go dtabharfaí neamhréireachtaí suntasacha faoi deara idir an chéad triail gan mhaoirseacht agus an atriail faoi mhaoirseacht.

Conas a n-aimsím na Trialacha Ar-Líne?

Gheobhaidh tú cuireadh ríomhphoist ó support@mindmill.co.uk. Beidh URL sa ríomhphost a threoróidh tú chuig leathanach ar líne.

Céard a theastaíonn uaim chun tabhairt faoi Mheasúnacht Cumais Ar-Líne?

  • Iarrtar ort na trialacha a dhéanamh ar PC nó ar ríomhaire glúine
  • Tabhair 30 nóiméad duit féin chun na measúnachtaí a chomhlánú
  • Áit chiúin nach gcuirfear isteach ort

An mbeidh deis agam na Measúnachtaí Ar-Líne a chleachtadh sula dtosaím?

Beidh. Is féidir leat trialacha cleachtaidh a chabhróidh leat dul i dtaithí ar leagan amach na dtrialacha agus ar an gcineál eolais a bheidh romhat sna fíor-thrialacha a chomhlánú. Is féidir leat iad seo a chomhlánú chomh minic agus is mian leat agus ní dhéanfar do fhreagraí a thaifeadadh.

Cá fhad a thógfaidh sé na Measúnachtaí Ar-Líne a chomhlíonadh?

Tuairim is 30 nóiméad. Ní mór duit dul trína ceisteanna go gasta agus go beacht chun an líon is mó ceisteanna a fhreagairt.

Tá deacracht foghlama agam. Céard ba cheart dom a dhéanamh?

Má cheaptar go gcruthóidh céim na Measúnachta Cumais Ar Líne den Chomórtas Liostála i Seirbhís Ghinearálta an Airm deacracht duitse mar gheall ar dheacrachtaí foghlama, déan teagmháil, le do thoil le recruitment@defenceforces.ie agus cuir do riachtanas in iúl.

Céard í an Triall Induchtaithe um Infheidhmeacht Coirp?

Tá an triall seo deartha le hinfheidhmeacht coirp an iarratasóra ag an am a thastáil, agus léiríonn an t-iarratasóir don Bhord an cumas atá aige/aici déine na traenála mí­leata a sheasamh.

Tá dhá ghné ag baint leis:

  • Buaine Aeróbach
  • Buaine Mhatánach átiúil

Buaine Mhatánach Áitiúil

  • Fireann - 20 brú-aní­os agus 20 suí-aniar
  • Baineann - 20 brú aní­os (Modhnaithe) agus 20 suí­-aniar.

Uas-aga ceadaithe 1 nóiméad. Is triall Pas nó Teipe í seo.

Buaine Aeróbach

Beidh ar iarratasóirí­ má­le go leith a rith (1 & 1/2) laistigh de theorainn ama Óglaigh na hÉireann thíos. Sin iad na huas-agaí a cheadaítear. Is triall Pas nó Teipe é­ seo.

  • Fireann - 11 Nóiméad 40 seic
  • Baineann - 13 Nóiméad 10 seic.