Skip to main content

Andúil - Tacaíochtaí i leith Mí-Úsáid Alcóil agus Drugaí

Seirbhísí Andúile Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Seirbhísí atá ar fáilMionsonraí Teagmhála
Tugann Seirbhísí Andúile FSS tacaíocht maidir le raon comhtháite seirbhísí coisctheacha, teiripeacha agus athshlánúcháin a sholáthar d’fhonn freastal ar riachtanais sláinte agus cúraim shóisialta ár gcuid úsáideoirí seirbhíse, rud a dhéantar ar mhodh cuntasach, sorochtana agus cothrom.Líne Chabhrach maidir le Drugaí agus Alcól: 1800 459 459
Idirlíon: www.drugs.ie

Alcoholics Anonymous/Alcólaigh Gan Ainm

Comhlacht fear agus ban is ea é Alcólaigh Gan Ainm agus comhroinneann siad a gcuid eispéireas, a neart agus a ndóchas lena chéile agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach dá gcomhfhadhb agus cabhrú le daoine eile an t-alcólachas a chur díobh.Idirlíon:www.alcoholicsanonymous.ie  

Al-Anon

Tairgeann Al-Anon tuiscint agus tacaíochta do theaghlaigh agus do chairde daoine a bhfuil fadhb óil acu i dtimpeallacht anaithnid, cibé acu atá, nó nach bhfuil, an t-alcólach ag ól fós.Ionad Eolais Al-anon
Seomra 5,
5 Sráid Chéipil,
Baile Átha Cliath 1
Éire
Uaire Oscailte: 10.30 am - 2.30pm Mon - Fri
Fón : ++353 1 8732699
Ríomhphost : info@al-anon-ireland.org

Alateen

Comhlacht de chuid Al-Anon is ea é Alateen agus is seirbhís do dhaoine óga í san aoisghrúpa 12 - 17 go huile, ar daoine óga iad atá ag iarraidh déileáil le duine ag a bhfuil fadhb óil.Chun teacht ar eolas faoi Al-Anon/Alateen i gContae Chorcaí, déan teagmháil le:
Bosca Poist 55
An Tóchar,
Corcaigh
Fón : ++ 353 21 4311899

Gamblers Anonymous/Cearrbhaigh Gan Ainm

Comhlacht fear agus ban (G.A.) is ea é Cearrbhaigh Gan Ainm agus comhroinneann siad a gcuid eispéireas, a neart agus a ndóchas lena chéile agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach dá gcomhfhadhb agus cabhrú le daoine eile an cearrbhachas a chur díobh. Is é an t-aon cheanglas amháin i leith ballraíochta ná fonn ar dhuine éirí as an gcearrbhachas.Baile Átha Cliath: 01-8721133
Corcaigh: 087-2859552
Gaillimh: 086-3494450
Tiobraid Árann: 085-7831045
Port Láirge: 087-1850294
Port Láirge: 086-2683538
Idirlíon: www.gamblersanonymous.ie
Ríomhphost: info@gamblersanonymous.ie

Narcotics Anonymous/Támhshuanaigh Gan Ainm

Is comhlacht neamhbhrabúis fear agus ban é Támhshuanaigh Gan Ainm (NA) agus baineann sé le daoine a bhfuil drugaí tar éis teacht chun bheith ina mórfhadhb dóibh. Is andúiligh sinn atá ag téarnamh agus tagaimid le chéile go tráthrialta chun cabhrú lena chéile staonadh ó dhrugaí a úsáid.Irish Region of Narcotics Anonymous
Narcotics Anonymous Ireland,
29 Sráid Bhríde,
Baile Átha Cliath 8.
Teil: +353 (0)1-6728000 (líne eolais amháin)
Idirlíon: www.na-ireland.org
Ríomhphost: info@na-ireland.org