Skip to main content

Soláthar Capall

Faigheann Scoil Eachaíochta an Airm a gcapaill ar na modhanna seo a leanas:

  • Ceannach
  • Ar léas
  • Pátrún

An Bord um Ceannach Capall

Measann An Bord um Ceannach Capall oiriúnacht gach capall ionchasach mar chuid den phróiseas ceannaigh. Seo iad comhaltaí an Bhoird:

An tOifigeach i gCeannas Scoil Eachaíochta an Airm

  • 2IC Scoil Eachaíochta an Airm
  • Cor E.V. Campion (Ar scor)
  • Oifigeach Marcaíochta reatha
  • Príomhoifigeach an Bhrainse Fheidhmiúcháin RC

Pátrún

Ó bunaíodh Scoil Eachaíochta an Airm tá riar capall bronnta ar an scoil ag daoine mar Sir John Galvin, Lady Moria Forbes agus faoi láthair, Maurice Cassidy agus an Captaen Eoghan Lavelle (ar scor). Go dtí seo tá ceithre chapall thrialacha bronnta ar an scoil ag an Uas. Cassidy. Comhartha iontach flaithiúil agus spórtúil is ea Pátrúnacht na Scoile, tugann sé tacaíocht don Scoil agus do Chapall na hÉireann agus táimid iontach buíoch as sin.

Capaill ar Léas

Tá dhá chapall ar léas óna gcuid uinéirí ag Scoil Eachaíochta an Airm faoi láthair, Bonmahon Master Blue & Tullbawn Áoctar táille bhliantúil léasa leis na húinéirí ar feadh ré iomaíochta an chapaill. De bhreis ar an táille léasa bíonn bónais fheidhmíochta áirithe sa chomhaontú léasa.

Tá an-bhuntáiste i gcoincheap an léasa do Scoil Eachaíochta an Airm agus d’úinéir an chapaill araon, mar go dtugann an t-úinéir a c(h)apall don Scoil Eachaíochta ar tháille bhliantúil. Le linn na tréimhse léasa déantar traenáil agus téitear i mbun comórtas de réir a chéile gan deifir. Tá Scoil Eachaíochta an Airm an-bhródúil as a saoráidí traenála agus bheimis iontach muiníneach as ár gcumas agus as ár saineolas leis an acmhainneacht is fearr atá sa chapall a fhorbairt.

Baineann an Scoil Eachaíochta agus úinéir an chapaill buntáiste as an gcapaill a ligean ar léas leis an Scoil Eachaíochta mar go gciallaíonn sé go bhfuil fáil ag an Scoil Eachaíochta ar chapaill ach fós go bhfanann na capaill i seilbh a n-úinéirí, agus tugtar na capaill ar ais do na húinéirí nuair a thagann deireadh le ré iomaíochta na gcapall tráth a mbíonn a luach ardaithe go mór.

Tá an córas léasa seo iontach oiriúnach do láracha agus do staileanna. Spreagann an Scoil Eachaíochta daoine a bhfuil capaill acu a d’fhéadfadh a bheith ina réalta smaoineamh ar iad a ligean ar léas leis an Scoil Eachaíochta ar feadh a ré iomaíochta.

Capaill a Fháil

Is é an misean atá ag Scoil Eachaíochta an Airm bolscaireacht a thabhairt do Chapall na hÉireann trí rannpháirtíocht i gcomórtais idirnáisiúnta ag an leibhéal is airde. Mar gheall ar a dheacra is atá spórt Léimní Seó agus Trialacha Trí Lá ní mór cáilíochtaí ar leith a bheith ag an gCapall Spóirt Éireannach. Ní mór na cáilíochtaí seo a leanas a bheith ag an gcineál capaill a theastaíonn ó Scoil Eachaíochta an Airm:

Cáilíochtaí Ginearálta

  • Fonn agus cumas léimeanna a chaitheamh GO CÚRAMACH
  • Dearbhú a cheadóidh don chapall an oiread agus is féidir a bhaint as a ré iomaíochta. Ní mór don chapall a bheith dea-dhéanta le gualainn shínte, fad maith muiníl ach GAN é a bheith inbhéartaithe, droim normalach go dtí giortach agus na ceathrúna deiridh a bheith láidir. Ar ndóigh, mura bhfuil an capall in ann léimneach is beag is fiú na cáilíochtaí sin. Ach sin ráite, ní mór a bheith cúramach leis an síolrú lena chinntiú nach mbeidh an stoc síolraithe atá roghnaithe ag síneadh anuas aon laigí móra dearbhaithe.
    Ní mór don chapall a bheith slán agus caithfidh sÁ dul faoi scrúdú tréadlia.
  • I bhformhór na gcásanna ní mór don chapall a bheith 16.1 lámh ar airde ar a laghad.
  • Cé go bhfuil fad na habhóige tábhachtach tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh an capall in ann giorrú nuair is gá (tá gaol díreach aige sin le haois, taithí agus an staid ag a bhfuil traenáil an chapaill)
  • Ní mór meon maith a bheith ag an gcapall agus Í a bheith éasca a thraenáil agus a stiúradh
  • Teastaíonn TEICN͍C mhaith léimnigh. Ní mór don chapall a bheith in ann a glúine a fhilleadh, liongáil thar an léim agus a speireacha a lúbadh
  • Bua an-tábhachtach do chapall léimnigh is ea SCÓP
  • Tá trí ABHÓG mhaithe tábhachtach don chapall Trialacha agus ní mór di a bheith in ann fadú agus giorrú laistigh de gach ceann de na trí abhóg