Skip to main content

Boinn Óglaigh na hÉireann

Boinn Óglaigh na hÉireann

Bronntar boinn mhíleata mar aitheantas ar ghníomhartha nó ar sheirbhís ar leith. Bronntar iad ar chúiseanna éagsúla ó ghnáthdhualgas go crógacht agus gaisciúlacht. Bíonn ardluach ar bhoinn mhíleata agus meastar go léiríonn siad gach a bhfuil le moladh i ndianiarracht an duine daonna.

Baineann boinn in Óglaigh na hÉireann le dhá chatagóir leathana: boinn a bhronnann an tAire Cosanta ar mholadh ón gCeannfoirne agus boinn a bhronntar ar phearsanra incháilithe do sheirbhís thar lear ar mhisin atá faofa ag an Rialtas.

Modh Caithimh

An tArm agus an tAerchór

Tá boinn le caitheamh os cionn an phóca brollaigh ar chlé. Caithfidh bannaí píob agus píobairí a mboinn os cionn Dealg na Teamhrach agus iad ar dualgas searmóine.

An tSeirbhís Chabhlaigh

Caithfidh Mairnéalaigh Cheannais agus Mairnéalaigh boinn go lárnach ar bhrollach clé an gheansaí leis na claspaí ar aon líne le barr an phóca taobh istigh. Do gach aicmeach cabhlaigh eile caithfear boinn go lárnach ar ghualainn chlé an chóta agus na claspaí ar aon líne le gearradh an lipéid.

Boinn Iolracha

Crochfar Bonn singil ó bharra crochta. Crochfar idir dhá agus cúig bhonn ó bharra crochta amháin a mbeidh fad a dhóthain ann chun an líon riachtanach bonn a iompar gan forluí. I gcás go gcaitear sé nó seacht mbonn, déanfar forluí cothrom orthu ar bharra crochta cúig bhonn. Beidh an príomhbhonn go hiomlán gan chlúdach. I gcás go gcaitear níos mó ná seacht mbonn, caithfear an darna sraith bonn. Sna cásanna seo beidh uasmhéid cúig bhonn curtha ar an dá shraith sula gcuirtear tús leis an bhforluí ar an sraith in uachtar. Caithfear an Bonn Míleata Calmachta agus an Bonn Seirbhíse Dearscna ina n-aonar agus os cionn aon tsraith eile bonn de ghnáth.

Na hÓcáidí ina gCaitear Iad

Mura n-ordaítear a mhalairt, caithfear boinn ag freastal ar a leanas:

  • An Lá Cuimhnithe Náisiúnta
  • Insealbhú an Uachtaráin agus searmanais eile a bhfreastalaíonn an tUachtarán orthu
  • Litir chreidiúnaithe á cur i láthair ag Nuinteas Aspalda ainmnithe, ambasadóir nó aire ainmnithe
  • Searmanas Lá Cuimhnithe Bliantúil 1916
  • Searmanais Choimisiúnaithe
  • An tAifreann cuimhneacháin bliantúil d’oifigigh agus do phearsana liostáilte atá ar shlí na fírinne
  • Oifigigh agus pearsanra liostáilte Gardaí Onóra agus Coimhdeachtaí Onóra
  • Comhaltaí den chúirt ag armchúirt
  • Iompróirí brat bróin, marascail, coimhdeacht, páirtithe scaoilte, iompróirí agus bannaí ag sochraidí stáit agus míleata
  • Ócáidí eile dá leithéid arna údarú ag an Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht), nó an Ginearáloifigeach i gCeannas briogáide nó eagair.
Ní chaithfear boinn ar na hócáidí a leanas
  • Searmanas do bhronnadh oird, oirnéalta nó boinn
  • Cóisir, dinnéar foirmiúil nó fáiltiú oifigiúil, mura dtugann an t-óstach a mhalairt le fios
  • Le cótaí móra, ar chótaí móra nó casóga móra
  • Oifigeach nó pearsa liostáilte i gcoimeád
  • Pearsanra liostáilte atá i bpríosún nó faoi choinneád

DF-Medals-1070

Caitheamh Bonn ar Fheisteas Sibhialach

Ní chaithfidh pearsanra ar seirbhís, lena n-áirítear an Cúltaca Céad Líne agus Óglaigh Chúltaca, boinn ar fheisteas sibhialach. Féadfaidh pearsanra ar scor boinn a chaitheamh ar fheisteas sibhialach ar na hócáidí céanna a gcaitheann pearsanra ar seirbhís boinn, agus ar an mbealach céanna.

Baill Teaghlaigh

Níor chóir do neasghaolta boinn duine marbh den teaghlach a chaitheamh, ach sa chás go mbronntar an bonn tar éis báis. Bronntar boinn mhíleata ar dhaoine aonair mar aitheantas ar ghníomhartha nó ar sheirbhís ar leith agus níor chóir ach don duine ar a bronnadh é, é a chaitheamh. Níor chóir do theaghlach comhaltaí marbh d’Óglaigh na hÉireann ach na boinn seo a leanas a chaitheamh nuair a bhronntar an t-oirnéaladh go díreach ar an neasghaol.

  • Bonn Míleata Calmachta
  • Bonn Seirbhíse Dearscna
  • Réalta Mhíleata
  • Bonn Seirbhíse
  • Bonn Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe

Boinn Feistithe

Is sliocht an t-eolas thuas as an bhfoilseachán Boinn Óglaigh na hÉireann (2010). Tá tuilleadh eolais sa bhfoilseachán faoi bhoinn agus na boinn éagsúla a bronnadh

Íoslódáil an Foilseachán Boinn Óglaigh na hÉireann (As Béarla - pdf 9.9Mb)

Íoslódáil An tSeirbhís Míleata (1916 -1923) Bailiúchán na bPinsean (As Béarla - PDF 5.2Mb)