Skip to main content

GOC Airmheán Traenála

2019-dftc-GA-lg_

Tá an Briogáidire-Ghinearál David Dignam ag fónamh ina oifigeach in Óglaigh na hÉireann le 38 mbliana. Is ina oifigeach coisithe a thraenáil sé agus d'fhóin sé i réimse leathan ceapacháin ar fud Óglaigh na hÉireann agus thar lear.

Taithí Mhíleata

Sa bhaile, d'fhóin sé ina Cheannasaí Buíne, Ceannasaí Complachta, ina Leas-Cheannasaí Cathláin agus Oifigeach i gCeannas an 28ú Cathlán Coisithe i nDún na nGall. D'fhóin sé freisin i gCeanncheathrú Óglaigh na hÉireann agus bhí sé ina theagascóir sna Scoileanna Coisithe, Ceannais agus Foirne. Bhí sé ina Cheannasaí Scoile ar an Scoil Coisithe agus ina Cheannasaí OF sa Scoil Mhíleata.

Taithí Thar Lear

I measc na seirbhíse atá tugtha aige thar lear tá ceapachán ina Cheannasaí Buíne agus ina Oifigeach Cúnta Oibríochtaí le Cathlán na hÉireann sa Liobáin agus d'fhóin sé san Afganastáin, sa Chosaiv, sa Chróit agus i Sead. Ina Oifigeach i gCeannas an 107ú Cathlán Coisithe i UNIFIL ó 2012-2013 an ceapachán deiridh a bhí aige thar lear.

Oideachas

Is céimí é de chuid Scoil Cheannais agus Foirne na hÉireann, den Joint Services Command and Staff College sa Ríocht Aontaithe agus tá Céim Mháistreachta aige i gCeannaireacht, Bainistíocht agus Staidéar Cosanta ó Kings College Londain. Is céimí freisin é de chuid chlár Ceannaireachta Straitéisí Óglaigh na hÉireann. Ina Stiúrthóir Oibríochtaí agus Pleananna, DFHQ, an ceapachán deiridh a bhí aige. Fuair sé ardú céime go céim Briogáidire-Ghinearál i mí na Nollag 2018 agus ghlac le ceapachán Ginearáloifigeach i gCeannas (GOC), Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann.

Tá sé pósta ag Orla agus tá beirt iníonacha acu, Celine agus Heather. Tá cónaí orthu in Áth Garbháin gar don Droichead Nua, Co. Chill Dara.