Skip to main content

Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann

Defence Forces School of Music

Tá an Scoil Cheoil eagraithe mar a bheadh Cór de chuid an Airm ann agus dá réir sin tá Stiúrthóireacht ann, chomh maith le Ceanncheathrú a chuimsíonn Banna Uimh. 1 an Airm agus bhanna míleata scoite, agus is iad sin Banna chéad Bhriogáid agus Banna Dhara Bhriogáid.

Stiúrthóireacht & Ceanncheathrú

Tá Stiúrthóir Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann freagrach as treoir fhoriomlán pholasaí an cheoil laistigh d’Óglaigh na hÉireann. I dteanna le ceannacht gléasanna, ceol agus trealamh banna nua a mhaoirsiú, tá Stiúrthóir DFSM freagrach as ionstraimeoirí nua a earcú, ionstraimeoirí Óglaigh na hÉireann atá ann cheana a thraenáil go leanúnach agus píobairí agus drumadóirí as na haonaid nach mbaineann le ceol laismuigh den DFSM a thraenáil.

Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, é an Leifteanantchornal Mark Armstrong, stiúrthóir reatha Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann.  Bhí sé ina stiúrthóir ar Bhanna Ceoil Cheannas an Churraigh (1989-2001) agus ar Bhanna Uimh. 1 an Airm (2001-2010) sular ghlac sé post ina Stiúrthóir ar Scoil Cheoil Óglaigh na hÉireann in 2010.

Chaith Leifteanantchornal Armstrong tréimhsí ina aoi-stiúrthóir leis na ensemble, cóir agus ceolfhoirne ceoil éagsúla is fearr in Éirinn - Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta, Cheolfhoireann Choirme RTÉ, Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, Ceolfhoireann Scannán na hÉireann agus Cór Fiolarmónach RTÉ agus is stiúrthóir ceoil é le Cumann Cóir Thamhalachta.  Mar chóiritheoir agus duine a dhéanann ionstraimiú tá a chuid oibre fadréimseach agus tá albaim léirithe aige do na ceoltóirí is fearr in Éirinn agus cóirithe léirithe aige do bhannaí.

Cé gur i mbun cúraimí riaracháin ar pholasaí ceoil foriomlán agus earcaíochta is mó a bhíonn an  Leifteanantchornal Armstrong anois, sheinn sé le bannaí míleata sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Liobáin agus sa Bheilg le blianta beaga anuas.

Banna Uimhir 1 an Airm

I 1923 a bunaíodh Banna Uimh. 1 agus bhí a chéad léiriú poiblí aige faoi stiúir an Choirnéil Fritz Brase sa Theatre Royal i mBaile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair na bliana sin. Bhí an Banna sin ar an gcéad bhanna míleata de cheithre cinn a bunaíodh idir 1923 agus 1936, agus tá an teideal céanna coinnithe aige ó bunaíodh é.

Tá ceol seinnte ag Banna Uimh. 1 ag gach mórócáid shearmóineach ó bunaíodh an Stát, lena n-áirítear gach uile Insealbhú Uachtaránachta ó aimsir Uachtarán Dubhglas de hÍde i leith.

Cuimsíonn sceideal reatha an bhanna freastal ar Áras an Uachtaráin ag searmanais a bhaineann le Cur i Láthair Díntiúirí Ambasadóirí nua-cheaptha, le soláthar ceoil mar thaca le cuairteanna Stáit Lucht Ceannais Stáit eile ar Éirinn agus le Mórócáidí Stáit mar an Lá Náisiúnta Cuimhneacháin. Ina theannta sin, comhlíonann an banna gach riachtanas maidir le ceol míleata a sholáthar do Bhriogáid an Oirthir d’Óglaigh na hÉireann.

Cuid rialta de shaol an bhanna is ea coirmeacha ceoil sa Cheoláras Náisiúnta, ceadail i bhFaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath agus clár rathúil maidir le Ceolchoimeacha do Scoileanna. Tá léirithe tugtha ag an mbanna ag féiltí agus ag tatúnna míleata san Iodáil, san ísiltír, sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Ó 2010 i leith is é an Captaen Fergal Carroll atá freagrach as treoir cheoil Bhanna Uimh. 1 an Airm chomh maith lena stiúradh.

Banna 1ú Bhriogáid

In Aibreán 1925 a cuireadh Banna Uimh. 2 an Airm le chéile ag Dún Sceach an Bhacaigh, Baile Átha Cliath. Cuireadh go Corcaigh é an bhliain dar gcionn, agus is i nDún Uí Choileáin atá an banna lonnaithe faoi láthair.

Aistríodh teidil uimhriúla na mbannaí, seachas Banna Uimh.1, go dtí teidil na n-áiteanna ina raibh siad lonnaithe; ar an mbealach sin aistríodh teideal Bhanna Uimh.2 an Airm go dtí Banna Cheannasaíocht an Deiscirt. Ceapadh an teideal reatha atá aige, Banna Chéad Bhriogáid an Deiscirt, ar atheagrú Óglaigh na hÉireann i 1997.

Chomh maith lena chuid dualgais mhíleata, bíonn páirt shuntasach ag an mbanna i saol ceoil agus cultúir réigiún theas na tíre. Bíonn sé rannpháirteach go rialta in imeachtaí tábhachtacha, leithéid Féile Idirnáisiúnta Córúil Chorcaí agus bíonn taibhithe ceolchoirme acu ag láthaireacha mar Halla na Cathrach, Corcaigh agus dá thoradh is mó lucht féachana a leanann iad. Táthar an-bhuíoch de Chlár Ceolchoirme Scoile an Bhanna in Óglaigh na hÉireann mar go gcuidíonn sé go mór le leis an bpobal.

Gné d’obair an bhanna le blianta beaga anuas is ea taibhithe thar sáile agus fuair sé ardmholadh ar imeachtaí éagsúla mar an Fhéile Idirnáisiúnta de Cheol Míleata ag Saumur, san Fhrainc agus Paráid na Féile Pádraig i dToronto, Ceanada.

Bannaí Píobairí Óglaigh na hÉireann

Sular bunaíodh Scoil na Píobaireachta ar an gCurrach i 1926 ba ar bhonn ad-hoc a bhíodh bannaí píobaireachta ag obair. Ó foilsíodh fógra earcaíochta in eagrán Eanáir An t-Óglach (nuachtán Óglaigh na hÉireann) cuireadh bannaí éagsúla ar bun.

Faoi 1929 bhí cúig bhanna ceoil curtha ar bun sna haonaid seo a leanas:

  • 7 Cathlán Coisithe ag Dún Portobello (Dún Chathail Bhrugha anois), Baile Átha Cliath
  • 5 Cathlán Coisithe ag Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath
  • Campa Traenála an Churraigh, Co. Chill Dara
  • 12 Cathlán Coisithe ag Dún an tSáirséalaigh, Luimneach
  • 2 Cathlán Coisithe ag Dún Chostúim, Baile Átha Luain

Rinne pearsanra a ról i mbun ceoil a chomhlíonadh i dteannta a ndualgas príomha míleata mar mhuscaedairí agus ghlac na bannaí páirt i bparáidí míleata agus in imeachtaí áitiúla sibhialta. Ó am go chéile, sheinneadar ag mórócáidí searmanais i mBaile Átha Cliath. Bhuanaigh léiriú Tatú Mhíleata i dtailte Chumann Ríoga Átha Cliath i 1945 áit na mbannaí i gCeol Airm.

Cuid rialta ó na 1960í i leith ab ea seirbhís thar lear le Cathláin Coisithe mar chuid de Mhisin na Náisiún Aontaithe. Bhí ról tábhachtach ag bannaí ar seirbhis sa Chongó, sa Chipir agus sa Liobáin maidir le meanma na dtrúpaí a choinneáil. Ar an dóigh sin, bhí seamsán na bpíob le clos in áiteanna chomh fada ó bhaile le Stanleyville, Elizabethville, Manono, Famagusta, Larnaca agus Tibnin.

Bhí bannaí píobaireachta machaire ag an FCA (Óglaigh Chúltaca) — an ceann le Complacht ‘B’, 10 Cathlán Coisithe (Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman) ar an gceann ba rathúla.

Tá banna píobaireachta ag gach ceann de naoi gcathlán coisithe Óglaigh na hÉireann i láthair na huaire. Tá ag éirí go maith le banna an Aerchóir, chomh maith. Leanann na bannaí le ról tábhachtach a imirt ag ócáidí searmóiní agus spóirt agus is dócha gur fearr aithne ag pobal éiste na hÉireann orthu trína gclos ag seinnt ag Seó Capall Chumann Ríoga na hÉireann i mí Lúnasa gach bliain.