Skip to main content

CÚRSAÍ i bhFÓRSA CÚLTACA AN AIRM

null

Forbairt Ghairmiúil Pháirtaimseartha trí Óglaigh na hÉireann
Is i mbun traenála go príomha a bhíonn Fórsa Cúltaca an Airm. D'fhéadfadh traenáil le hÓglaigh na hÉireann cur le d'fhorbairt ghairmiúil i gcomhar leis an oideachas nó an fhostaíocht ina bhfuil tú. Bíonn deiseanna ann go minic páirt a ghlacadh i dtraenáil nó tabhairt faoi chleachtadh chun róil agus freagrachtaí bainistíochta agus ceannaireachta a chur i gcrích ag leibhéil agus ag scálaí éagsúla.

Tá sampla thíos de na cúrsaí ar féidir le Cúltacairí tabhairt fúthu:

Buntraenáil

I ndiaidh fianú a chur i gcrích, tugann earcaigh faoi shiollabas traenála trína fhéachtar le croíscileanna a fhorbairt in obair bhuíne, féinsmacht agus ceannaireacht. Cáileoidh iarrthóirí ina Saighdiúirí Singil 2 Réalta ar an gcúrsa a chríochnú. 

Scileanna Míleata 
Scileanna Inaistrithe
MáirseáilObair Bhuíne Shioncronaithe
Scil Raidhfil na nArmScileanna Mínluaileacha a Fhorbairt
NavigationFéintuilleamaí, líníochtaí a athbhreithniú, tuiscint ar léiriú grafach agus mar a bhaineann siad leis an tír-raon.
LoingseoireachtAg obair mar chuid d'fhoireann bheag (9 nduine) faoi threoir i dtimpeallachtaí fuinniúla ardluais.

Traenáil 2 go 3 Réalta

Chun cáilíocht a bhaint amach ag an leibhéal 3 Réalta, beidh ar Shaighdiúirí Singil tabhairt faoi thraenáil leanúnach ina n-áirítear na scileanna seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh. 

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

Meaisínghunna Ilfheidhmeach

Uirlisí Meicniúla a Oibriú agus a Chothabháil

Garchabhair Comhraic

Garchabhair ag an Obair

Oirbheartaíocht ag Leibhéal Gasra

Obair Bhuíne Mheánmhéide (30 duine) i dtimpeallacht oibríochta ardluais.

Traenáil san Ord Poiblí

Teacht aniar agus oibriú faoi strus

Ábhar Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe

Is é an cúrsa d'Ábhair Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe an chéad chéim ar dhréimire gairme Óglaigh na hÉireann de ghnáth, agus tá sé leagtha amach chun bunphrionsabail na ceannaireachta a theagasc. 

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

An Modh Teagaisc

Scileanna cuir i láthair - seachadadh, struchtúr, leagan amach

Ceannas Oirbheartaíochta a ghlacadh ar Ghasra

A bheith i gceannas ar suas le 8 nduine agus iad a bhainistiú, freagracht a ghlacadh as leas, traenáil agus forbairt foirne.

Misin a Phleanáil

Daoine agus lóistíochtaí a phleanáil agus a ullmhú sula ndéantar tascanna a chur i gcrích go neamhspleách.

Orduithe a fháil agus a chur in iúl

Rún duine níos sinsearaí a thuiscint, tascanna faoi seach a asbhaint agus a chur le chéile i gcomhair achoimre saincheaptha do d'fhoireann féin.

Gnáth-Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe

Chun leanúint ar aghaidh ó Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe Sóisearach go dtí Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe Sinsearach, ullmhóidh an cúrsa seo tú don mheánbhainistíocht.

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

Buíon a Bhainistiú

Freagracht a ghlacadh as leas, traenáil agus forbairt ~30 duine

Pleanáil Lóistíochta

Rún duine níos sinsearaí a thuiscint agus ábhar a fháil agus a iarraidh do na tascanna atá leagtha amach go neamhspleách.

Bainistíocht Stórais

Cuntas a thabhairt i leith ábhar corparáideach a bhogadh agus stóras

Traenáil agus Meantóireacht

Saineolaí ábhair i ndisciplíní atá leagtha amach agus comhordaitheoir traenála

Ábhar Oifigigh Coimisiúnaithe

Is í an chéad chéim ar dhréimire fheidhmiúcháin Óglaigh na hÉireann é a bheith i d'Oifigeach Coimisiúnaithe. Tugtar deis duit sa chúrsa seo dul i mbun traenála sa scoil ceannaireachta is fearr in Éirinn.

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

Ceannaire Buíne

A bheith i gceannas ar ~30 duine le linn oibríochtaí ardluais

Misin a Phleanáil agus a Chur i gCrích

Rún duine níos sinsearaí a thuiscint, pleananna mionsonraithe a fhorbairt agus a ullmhú agus iad a chur in iúl don fhoireann/do na foirne.

Clár Traenála a Bhainistiú

Scileanna na foirne a chothú, cuspóirí traenála agus nithe insoláthartha a leagan amach.

Treoir a Fháil agus a Thabhairt

Éisteacht ghníomhach, óráidíocht phoiblí, scileanna cuir i láthair.

Taiscéalaíocht Bhunúsach

Bunaítear pleanáil mhíleata ar fhaisnéis agus déantar faisnéis a bhailiú i bpáirt trí thaiscéalaíocht. Tabhair faoi dhúshlán agus cuir le do chuid scileanna coisithe leis an gcúrsa seo.

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

Loingseoireacht Ardleibhéil

Léamh léarscáileanna, pleanáil bhealaigh, treoshuíomh

Oirbheartaíocht d'Fhoirne Beaga

Ag obair go dlúth le 4-5 duine chun comhsprioc a bhaint amach

Fulangacht Fhisiciúil

Aclaíocht Fhisiciúil agus teacht aniar meabhrach

Breathnóireacht agus Tuairisciú

Gníomhaíochtaí agus tuairiscí teicniúla a thógáil isteach, a thabhairt chun cuimhne agus a thuairisciú lena n-úsáid ag an bhfeidhmeannas.

Cúrsa Tiomána (4x4 + leantóir)

Déan forbairt ar do scileanna tiomána agus cuir tuilleadh catagóirí le do cheadúnas tiomána trí Óglaigh na hÉireann.

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

Iniúchadh Feithiclí Céadlíne

Feasacht ar shábháilteacht mheicniúil

Sábháilteacht Lastais agus Paisinéara

Freagrach as beatha daoine agus maoin faoi bhealach

Tiomáint Ilraoin

Modhanna oibrithe meaisín a chur in oiriúint don timpeallacht

Riarachán

Loga a choinneáil, tuairisciú agus páipéarachas a phróiseáil

Comharthóir Reisiminte

Tá cumarsáid ríthábhachtach chun oibríochtaí míleata a nascadh le chéile. Foghlaim mar is féidir cumarsáid a bhunú agus a chothabháil i dtimpeallacht naimhdeach.

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

Córais líonra raidió comhraic a úsáid

Trealamh teileachumarsáide a oibriú agus a chothabháil.

Gnáthamh gutha

Scileanna cumarsáide éifeachtacha agus éifeachtúla bunaithe ar nósanna imeachta

Rialaitheoir líonra

Bainistiú a dhéanamh ar acmhainní iargúlta páirce, nósanna imeachta géaraithe, gnáthriarachán agus tuairisciú.

Cogaíocht Leictreonach

Athruithe i dtimpeallacht oibre achrannach a thuiscint agus dul in oiriúint dóibh. Fadhbanna teicniúla a réiteach

Ceannaire Corpoiliúna

Déan ceannaireacht ar thrúpaí, tabhair chun cinn iad agus tabhair spreagadh dóibh mar Cheannaire Corpoiliúna. Cibé más ag tógáil meáchan san ionad traenála nó ag crochadh lomán ar an trá é, foghlaimeoidh tú faoi mar is féidir leat barr do chumais agus barr cumais daoine eile a thabhairt chun cinn.

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

Leas trúpaí

Cumas an ranga a mheas agus an ceacht a chur in oiriúint chun leasa gach dalta

Cláir Chorpacmhainne

Cláir thraenála shaincheaptha a ullmhú do ghrúpaí agus do dhaoine aonair bunaithe ar na riachtanais atá leagtha amach ina leith nó i leith na complachta

Traenáil a Dhéanamh go Sábháilte

Measúnuithe riosca, maolú riosca a dhéanamh ag cloí leis an dea-chleachtas sábháilteachta.

Ceachtanna a Phleanáil agus a Chur ar Fáil

Bainistíocht ama, cur i láthair a dhéanamh de réir na formáide atá leagtha amach, leibhéil incriminteacha de thraenáil a chur ar fáil.

Sainchúrsa Teagascóra

Oiliúint don oiliúnóir, tríd an gcúrsa seo déantar an bealach ina gcuirtear teagasc ar fáil a chomhchuibhiú ar fud Óglaigh na hÉireann agus de réir an dea-chleachtais.

Scileanna Míleata
Scileanna Inaistrithe

Meantóireacht agus Cóitseáil

Caidreamh a fhorbairt atá bunaithe ar mhuinín trína gcuirtear forbairt ghairmiúil agus phearsanta chun cinn.

Foghlaim a Mhaoirsiú

Modheolaíochtaí san Fhoghlaim Aosach, anailís agus aiseolas ar fheidhmíocht

An Modh Teagaisc

Scileanna cuir i láthair - seachadadh, struchtúr, leagan amach

Measúnú agus Rialú Caighdeáin

Meadaracht inchainníochtaithe a shainmhíniú maidir le rath agus tacú le spriocanna atá leagtha amach a bhaint amach.