Skip to main content

Armáin an Seirbhís Chabhlaigh

76 mm OTO Melara

Is í an armáil chabhlaigh mheánchalabra Oto Melara 76mm an t-armán is cumhachtaí in armlann na Seirbhísí Cabhlaigh. Tá an 76mm in ann teagmháil ardchruinnis a dhéanamh le targaidí cabhlaigh ar feadh raoin suas le 17km uathu, rud a chinntíonn go mbíonn buntáiste ó thaobh raoin ag an tSeirbhís Chabhlaigh ar gach armáil cabhlaigh gearr-raoin agus gur féidir léi córais armán soghluaiste a láimhseáil. Tá an gunna gírea-chobhsaithe go hiomlán uathoibríoch agus baineann sé úsáid as Córas Rialaithe Lámhaigh RADAMEC. Tá sé in ann teagmháil a dhéanamh le targaidí cabhlaigh, aeir agus targaidí ar chladach. Bíonn sí suite ar árthach den chineál CPV agus LPV.

Staitisticí 76mm OTO Melara
Cineál Gunna          Cannon
Tír a DhéantarAn Iodáil
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse  1984
Calabra76 mm
Criú3
Meáchan an tSliogáin12.34 kgs
Ráta Lámhaigh85 urchar in aghaidh an nóiméid
Raon  18.4 km

Gunna Mór 20mm Rheinmetall

Is armáil chabhlaigh gearr-raoin ardchruinnis é an Gunna Mór Cabhlaigh Rh-202 20mm Rheinmetall. Tá ardráta lámhaigh aige, suas le 1030 urchar in aghaidh an nóiméid agus bíonn sé an-chruinn. Tá dearadh suiteála speisialta aige ina bhfanann an lámhacóir go ceartingearach le haghaidh gach airde lámhaigh. Baineann an Rheinmetall úsáid as raon leathan lónlámhaigh speisialtóra, rud a fhágann gur armáil thánaisteach chumasach é atá suite ar bord gach long sa tSeirbhís Chabhlaigh, le tacaíocht armán gearr-raon a thabhairt agus cosaint frithaerárthaigh a dhéanamh.

Staitisticí Gunna Mór 20mm Rheinmetall
Cineál Gunna           Cannon
Tír a DhéantarAn Ghearmáin
Bliain a tháinig i mBun Seirbhíse  1984
Calabra20 mm
Criú2
Meáchan an tSliogáin134 g
Ráta Lámhaigh1000 urchar in aghaidh an nóiméid
Raon  2km

Steyr AUG A1 Muscaed Lingthe

Léigh tuilleadh faoin Steyr AUG Muscaed Lingthe >>

Heckler & Koch USP

Hero-ns-weapons-1

Léigh tuilleadh faoin Heckler & Koch USP >>

Innealghunna Trom 12.7mm Browning

Léigh tuilleadh faoin Innealghunna Trom 12.7mm Browning >>

Innealghunna Uilefhóinteach FN MAG

Hero-ns-weapons-2

Léigh tuilleadh faoin Innealghunna Uilefhóinteach FN MAG >>