Skip to main content

Dátaí Aistrithe maidir le Pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann

Tá aistriú abhaile an 115ú Cathlán Éireannach deimhnithe agus pleanáilte don 21 agus an 29 Meitheamh 2020.
 
Aithnímid gur údar díomá a bhí ann dár bpearsanra agus dá muintir nach raibh siad ábalta a ndaoine muinteartha a fheiceáil le breis is sé mhí de bharr gur cuireadh moill ar na dátaí aistrithe bunaidh. Tá ardmholadh tuillte acu as an íobairt atá déanta acu agus as an teacht aniar atá léirithe acu le linn na géarchéime náisiúnta seo.
 
Is i ndiaidh rannpháirtíocht fhorleathan na Foirne Ginearálta chun díolúine a fháil ó na Náisiúin Aontaithe chun go mbeadh ár dtrúpaí ábalta aistriú abhaile chomh gar do na dátaí bunaidh agus ab fhéidir a tugadh an deimhniú. 
 
Nuair a thiocfaidh siad abhaile, beidh ar na pearsanra féin-aonrú ar feadh 14 lá de réir threoirlínte an FSS maidir le COVID-19.
 
Rachaidh an 116ú Cathlán chuig UNIFIL chun ceannas a ghlacadh ar Limistéir Freagrachta na hÉireann. Sula bhfágann siad beidh orthu tréimhse coraintín 14 lá a chur díobh i gCampa Chúil Mhuine agus i gCampa Bhaile Mhic Gormáin. Tá sé seo de réir threoir Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, arna heisiúint an 04 Aibreán 2020.

Bhain Eachtra de Héileacaptar de chuid an Aerchóir i gCluain Dolcáin

Ag thart ar 5.52 tráthnóna inniu, Déardaoin an 21 Bealtaine, d'imigh an doras cúil de héileacaptar de chuid na Seirbhíse Éigeandála Aerleighis fad agus a bhí sí ag filleadh ar Aeradróm Mhic Easmuinn agus leaindeáil sí i bPáirc na Maoile i gCluain Dolcáin. Níor gortaíodh duine ar bith ar an talamh ná san aer san eachtra. Bhí criú an héileacaptair AW139 ag filleadh ar Bhaile Dhónaill chun breosla a fháil i ndiaidh misean tarrthála chuig ospidéal i mBaile Átha Cliath a thabhairt chun críche.
 
Rinne pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann agus an Gharda Síochána an limistéar inar thit an doras a dhéanamh sábháilte laistigh de chúig nóiméad den eachtra agus bhí foireann imscrúdaithe ar an láthair laistigh de thríocha nóiméad. Chomh luath agus atá anailís déanta ar an áit tabharfar an doras chun bealaigh ón láthair agus tabharfar chuig Baile Dhónaill é.
 
Cuirfear tús le seirbhís EAS arís amárach, mar is gnáth, le haerárthach agus criú athsholáthair. Tabharfar faoi fhiosrúchán iomlán lena fháil amach cad ba chúis leis an eachtra seo.

An LÉ William Butler Yeats (P63) le himeacht as Cé Sir John Rogerson

Timpeall is 12pm inniu, an 15 Bealtaine, imeoidh an tÁrthach Cabhlaigh an L.É. William Butler Yeats (P63) as Cé Sir John Rogerson, Baile Átha Cliath agus fillfidh ar ghnáthoibríochtaí slándála ar muir.  Tugann seo chun críche tréimhse seirbhíse gan stad atá tugtha ag an tSeirbhís Chabhlaigh ón 15 Márta agus ar fheidhmigh sí Ionad Tástála Pobail COVID-19 chun tacú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
 
Tá Longa na Seirbhíse Cabhlaigh ag tacú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mBaile Átha Cliath, Gaillimh agus Corcaigh ón 15 Márta leis an L.É. Samuel Beckett ar dtús ag teacht go Baile Átha Cliath, an L.É. William Butler Yeats ina dhiaidh sin a tháinig i dtír i nGaillimh an 17 Márta agus an L.É. Eithne go Corcaigh. Tá sé long ar fad ar sealaíocht i dtrí chalafort.
 
Tá Longa an Chabhlaigh ag tacú le pearsanra ó Sheirbhís Chúltaca an Chabhlaigh le linn Oibríocht ‘FORTITUDE’.
 
Tá naoi seachtainí caite ag Longa na Seirbhíse Cabhlaigh ag tacú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna chun tabhairt faoi 6,000 Tástáil COVID-19 sa Dícheall Náisiúnta i gcoinne scaipeadh an víris.
 
Tá an oibríocht tugtha ar lámh ag an tSeirbhís Chabhlaigh dá gcomhghleacaithe san Arm a oibreoidh na hionaid tástála COVID19 ag Staid an Aviva ó tharla Óglaigh na hÉireann a bheith fós ag cuidiú le FSS.
 
 

Tabhair ar aird:
 

Is éard é Oibríocht FORTITUDE oibríocht Óglaigh na hÉireann mar fhreagra ar COVID 19. Tá sé á chomhordú ag Tascfhórsa Óglaigh na hÉireann i nDún Mhic Aodha, Baile Átha Cliath agus áirítear mar chuid de comhordú a dhéanamh ar oibríochtaí ar Muir, ar Tír agus san Aer.    

An Dochar Bainte as Gránáid ag Foireann Diúscartha Buamaí

Tráthnóna, ar iarratas ón nGarda Síochána, leagadh ar Mheitheal Diúscartha Buamaí an Airm gránáid a raibh amhras faoi ag Droichead Chrois Araild, Baile Átha Cliath a scrúdú. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 8.30pm nó mar sin.

 

Dhún an fhoireann an limistéar timpeall ar an láthair fad is a bhí an fhoireann i mbun oibre. Measadh gur gránáid Mills ó ré Chogadh na Saoirse a bhí ann agus baineadh an dochar aisti ar an láthair.  D'fhág an fhoireann an láthair ag 10.30pm nó mar sin.

 

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe a bhfuil amhras fúthu nó ar shubstaintí guaiseacha, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu.

Árthach Iascaireachta atá Cláraithe san Fhrainc Coinnithe ag an Ciara

Go déanach aréir, an 12 Bealtaine, choinnigh Árthach na Seirbhíse Cabhlaigh, an LÉ Ciara, árthach iascaireachta atá cláraithe san Fhrainc tuairim is 120 muirmhíle Siar ó Dheas de Charn Uí Néid


Bhain an choinneáil le sáruithe líomhnaithe ar rialacháin iascaireachta. Tá an t-árthach á tionlacan go Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí áit ar dtabharfar ar láimh ansin í don Gharda Síochána.


Is í seo an cúigiú árthach atá coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh in 2020. Tugann Óglaigh na hÉireann faoi chigireachtaí iascaigh ar muir i gcomhréir le comhaontú leibhéal seirbhíse leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais a chuirtear ar fáil don stát.

TÁSTÁLACHA COVID-19 TUGTHA CHOMH FADA LE SAOTHARLANN SA GHEARMÁIN

Go moch maidin inniu, thug Aerchór na hÉireann tástálacha COVID-19 as Éirinn chomh fada le saotharlann sa Ghearmáin. Is é seo an chéad seachadadh atá déanta ag Sciathán Oibríochtaí Uimh. 1 an Aerchóir agus déantar neart eile díobh sna seachtainí amach romhainn, ag baint úsáid as an aerárthach Pilatus PC-12 a fuarthas le gairid.

Tá iarrtha ag an Rialtas ar na Fórsaí Cosanta tástálacha COVID-19 a thabhairt chomh fada leis an nGearmáin mar chuid de fhreagra leanúnach FSS cur leis an líon tástálacha atá á ndéanamh in Éirinn. An tAerchór agus Comh-Thascfhórsa Óglaigh na hÉireann atá i mbun an tasc a chomhordú. Cuideoidh an t-aerárthach an CASA CN235 leis na seachadtaí seo d'fhonn iomarcaíocht sa dícheall Stáit seo a chinntiú.

ÁRTHACH IASCAIGH ATÁ CLÁRAITHE SA bhFRAINC COINNITHE AG P64

Ráiteas do na Meáin an 26 Aibreán 2020 3.30pm

ÁRTHACH IASCAIGH ATÁ CLÁRAITHE SA bhFRAINC COINNITHE AG AN LÉ GEORGE BERNARD SHAW (P64) 180 MUIRMHÍILE SIAR Ó CHARN UÍ NÉID

Tá árthach iascaigh atá cláraithe in Éirinn coinnithe ar maidin ag Árthach na Seirbhíse Cabhlaigh, an LÉ GEORGE BERNARD SHAW (P64), thart ar 180 muirmhíle siar ó Charn Uí Néid. Baineann an choinneáil le sárú a líomhnaítear a rinneadh ar rialacháin iascaireachta.

Déanfar an t-árthach a thionlacan go Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí áit ar dtabharfar ar láimh í don Gharda Síochána.

Is í seo an ceathrú árthach atá coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh in 2020. Tugann Óglaigh na hÉireann faoi chigireachtaí iascaigh ar muir i gcomhréir le comhaontú leibhéal seirbhíse leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais a chuirtear ar fáil don stát.

CRÍOCH

Teicneolaíocht nua chun Óglaigh na hÉireann

Ráiteas do na Meáin, 9.30 am an 17 Aibreán 2020

Teicneolaíocht chun pataigin a bhaint curtha ar fáil ag Aquila Bioscience d’oibrithe líne tosaigh na hÉireann
Teicneolaíocht nua chun Óglaigh na hÉireann, FSS agus foireann An Post a chosaint ó COVID-19

Thosaigh Aquila Bioscience ag cur Ciarsúir Thaise Dí-éilithe FrithBhithOibreáin (ABDanna) ar fáil do sheirbhísí líne tosaigh in Éirinn an tseachtain seo - Óglaigh na hÉireann, FSS agus An Post ina measc.  Is ciarsúr tais dí-éilithe éifeachtach agus sábháilte a bheidh san ABD do chéad fhreagróirí, d’oibrithe sláinte agus d’oibrithe poist chun scaipeadh COVID-19 a mhaolú.
 
Tá comhpháirt san ABD a ghreamaíonn don dromchla agus a dhéanann dí-éiliú air, agus a ghaistíonn an víreas le gur féidir é a dhiúscairt go sábháilte. Neamhchosúil le modhanna eile dí-éilithe, ina bhféadfadh ceimicí a bheith iontu a dhéanfadh díobháil don chraiceann, níl aon ábhar díobhálach in ABDanna agus is féidir iad a úsáid ar an gcraiceann ina áiteanna boga múcais mar na súile, an tsrón agus an béal (na bealaí is mó a scaipeann ionfhabhtú víris).
 
Is comhlacht é Aquila a bunaíodh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus is iad Óglaigh na hÉireann a bhrú chun cinn an teicneolaíocht a bhaineann leis agus a d’aithin riachtanas acmhainne ina leith i mbearta cosanta Ceimice, Bitheolaíochta, Raideolaíochta & Núicléacha.  Taighdeoirí ollscoile a d’fhorbair teicneolaíocht ABD chun dí-éiliú a dhéanamh go slán agus go héifeachtach ar iloibreáin bithbhaoil (víris san áireamh) agus laghdóidh úsáid ABDanna scaipeadh COVID-19 go mór.
 
Dúirt an tOllamh Lokesh Joshi, bunaitheoir Aquila Bioscience agus Leas-Uachtarán ar Thaighde agus Nuálaíocht in OÉ Gaillimh  “Is mar thoradh ar obair cheannródaíoch Chór Ordanáis Óglaigh na hÉireann chun dul i ngleic le pataigin bitheolaíochta a rinneadh ABDanna a fhorbairt agus táthar ag súil anois iad a chur ar fáil d’oibrithe líne tosaigh chun go mbeidh siad ábalta iad féin a chosaint níos éifeachtaí chomh maith leis na daoine a bhfuil siad ar a ndícheall cuidiú leo sa chath i gcoinne an choróinvíris”. 
 
Inniu dúirt an Ceannasaí Sharon McManus ó Óglaigh na hÉireann: Ní mór d’Óglaigh na hÉireann a gcuid nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a nuálú go rialta chun dul i ngleic leis na dúshláin shíoraí a dtagann siad orthu chomh maith le luach agus éifeachtúlacht a bheith i gceist don eagraíocht.  Is timthriallta fadtéarmacha iad taighde, teicneolaíocht & nuálaíocht agus is sampla iad ABDanna den timthriall nuálaíochta sin. Tosaíodh i mbun oibre le Aquila Bioscience breis is ceithre bliana ó shin nuair a d’aithin an Cór Ordanáis an gá a bhí le PPE sonrach le dul i ngleic le hoibreáin cheimiceacha agus le linn céimeanna taighde agus forbartha fuarthas amach an tábhacht mar a bhain le hoibreáin bhitheolaíochta. Ba iad Aquila Bioscience, OÉG, cuideachta nua-thionscanta Éireannach, na páirtnéirí a theastaigh chun an táirge seo a fhorbairt.  Ár gcuid daoine, an phríomhshócmhainn atá againn, a chosaint an rud is tábhachtaí d’Óglaigh na hÉireann. Tá líon mór de na ABDanna seo faighte ag Óglaigh na hÉireann anois agus déanfar iad a dháileadh ar ár gcuid trúpaí sa bhaile agus thar lear chun cosaint a thabhairt dóibh le linn ghéarchéim Covid-19 agus ina diaidh.
 
Maidir leis an seoladh oifigiúil den chiarsúr tais ABD, dúirt an Leas-Aimiréal Mark Mellett, DSM, Ceann Foirne, Óglaigh na hÉireann;
“Táim le fada ag tacú le líonraí oscailte ilchineálacha chun teacht ar fhreagraí ar fhadhbanna dúshlánacha.  Tá comhpháirtíochtaí ilchineálacha bunaithe againn chun na smaointe seo a thapú agus teacht i dtír orthu le súil teicneolaíochtaí nua a cheapadh ar réiteach iad ar fhadhbanna a bheadh ag úsáideoirí i réimsí acadúla, fiontair agus eile. Ba pháirtnéireacht den chineál sin a chur ar chumas Chór Ordanáis Óglaigh na hÉireann dul i mbun oibre le taighdeoirí ó OÉ Gaillimh chomh fada siar le 2016 chun ábhar ceallalósach a fhorbairt le cur i gciarsúir thaise agus i maisc a bheadh deartha go speisialta chun greim a fháil ar mhiocróib mar an víreas COVID-19, á ngaistiú san ábhar agus leis sin tarchur na pataigine a laghdú. Tá ríméad orm toradh a fheiceáil ar an taighde agus an nuálaíocht seo i gcomhar le hOÉ Gaillimh chun an ciarsúr gan cheimiceáin, bith-dhíghrádaithe seo a chur ar fáil le húsáid ag Óglaigh na hÉireann agus céad fhreagróirí ó FSS, An Post agus eile le linn ghéarchéim COVID-19.”
 
Cé go bhfuil éileamh mór ar ABDanna ó fhórsaí armtha idirnáisiúnta agus ó sholáthróirí cúraim sláinte eile, tá Aquila dírithe faoi láthair ar soláthar a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí seirbhíse poiblí in Éirinn.  Dúirt an tOllamh Joshi, “De réir mar a mhéadóidh muid ar tháirgíocht sna seachtainí atá romhainn beimid in ann soláthar níos fearr a dhéanamh do roinnt gníomhaireachtaí idirnáisiúnta atá ag lorg cúnaimh uainn faoi láthair,  tíortha atá in achrann le Covid 19, agus tá súil againn go mbeidh an teicneolaíocht nua seo mar chuid den chath domhanda in aghaidh an víris”.

Cúlra

Is cuideachta Éireannach eolaíochtaí beatha é Aquila Bioscience a bhunaigh an tOllamh Lokesh Joshi i nGaillimh in 2012.  Is ó chlár goradáin Ollscoil na Gaillimhe a tháinig sé agus tá sé fós lonnaithe ar champas OÉ Gaillimh.   An cath i gcoinne galair ainsealacha agus ionfhabhtaíocha trí úsáid a bhaint as strus cealla agus gliceolaíocht is ea réimse saineolais na cuideachta.  Tá roinnt teicneolaíochtaí bithcheimiceacha forbartha ag Aquila, ceann díobh atá curtha ag obair i dtáirge dílsithe darb ainm Ciarsúir Thaise Dí-éilithe FrithBhithOibreáin (ABDanna).  Tá tástáil déanta ar ABDanna agus é faighte amach go bhfuil sin éifeachtach chun deireadh a chur le pataiginí dainséaracha atá sa víreas fliú H1N1, Antrasc agus E.coli.

Féach nasc We Transfer chun teacht ar Ghrianghraif: 
https://wetransfer.com/downloads/62cecc91909f119904947e5ae2d8b13920200416154742/002b5f8f2008413a089c3a0e043f592920200416154804/48bfe2 

Féach nasc We Transfer chun teacht ar Phictiúir Físeáin: 
https://wetransfer.com/downloads/b22f434b4c7b8c38a570bbee33f9cb7a20200416190650/edcfbf9aca37b3b5998975fd86b9e35c20200416190650/89e0bf
 

Le tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le
Aquila Bioscience
Láithreán Gréasáin:  aquilabioscience.com
info@aquilabioscience.com
+353 (0) 86 367 9288
 
Óglaigh na hÉireann
press@military.ie
 
 
CRÍOCH
 

mBriogáidire-Ghinearál Cleary

Ardú céime don Choirnéal Brian Cleary go Ceannasaí (Briogáidire-Ghinearál), Comh-thascfhórsa.

Beathaisnéis

Tá an Coirnéal Brian Cleary ceaptha ina Cheannasaí (Briogáidire-Ghinearál) ar Chomh-thascfhórsa Óglaigh na hÉireann (JTF) a bunaíodh an 19 Márta mar fhreagra ar an mbaol atá d’Éirinn ó COVID-19.

Is as Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí an Briogáidire-Ghinearál Cleary ó dhúchas agus chuaigh isteach sna Buan-Óglaigh in 1981 ina chomhalta den 58ú Rang Daltaí agus rinneadh coimisiúnú ina oifigeach air sa Chór Airtléire in 1983.

Taithí Mhíleata

Is iomaí ról agus ceapachán a bhí ag an mBriogáidire-Ghinearál Cleary sa Chór Airtléire, Caidreamh Poiblí Óglaigh na hÉireann, Oibríochtaí ar Leith Óglaigh na hÉireann, Coláiste Míleata Óglaigh na hÉireann agus Rannán Oibríochtaí Cheannáras Óglaigh na hÉireann.

Taithí Thar Lear

Tá taithí mhór aige ag fónamh thar lear leis na Náisiúin Aontaithe, an tAE agus NATO agus bhí sé ar dualgas sa Liobáin, sa Sahára Thiar, Cote D’Ivoire, Sead, agus san Afganastáin.

Oideachas

Tá Máistreacht ag an mBriogáidire-Ghinearál Cleary in Iompar Eagrúcháin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath chomh maith le Máistreacht i gCeannaireacht, Bainistíocht agus Léann Míleata ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Tá an Briogáidire-Ghinearál Cleary pósta ag Martina agus tá ceathrar clainne acu. Tá suim aige i léamh, spórt, gníomhaíochtaí faoin aer, trí-atlan agus in amhránaíocht i gcór.

Féach nasc chuig eolas Ceannasaí JTF ar Military.ie: JTF FORTITUDE

NÓTA MÍNIÚCHÁIN COMH-THASCFHÓRSA ÓGLAIGH NA hÉIREANN

CAD IS COMH-THASCFHÓRSA ANN?

Go simplí is éard is Comh-thascfhórsa (JTF) grúpa míleata atá bunaithe cheana mar chuid d’fhórsa míleata nó, mar atá i gcás Óglaigh na hÉireann, a chuirtear i dtoll a chéile do chuspóir ar leith go ceann tréimhse ar leith. Is ionann an ‘Comh’ is tagairt do chomhdhéanamh an Tascfhórsa. Is téarma míleata é ar fhórsaí coimhdeacha san Arm, sa tSeirbhís Chabhlaigh agus san Aerchór a thagann le chéile d’oibríochtaí i gcomhar faoi aon struchtúr ceannasaíochta amháin. Oibríocht ‘FORTITUDE’ atá tugtha ar an bhfreagra míleata seo.

I gcás COVID-19, cuirfidh JTF, de réir acmhainní agus cumais, Cúnamh ar fáil do na hÚdaráis Shibhialta (ATCA). Tacóidh sé le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais (tabharfar tosaíocht don Roinn Sláinte agus d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) trí phearsanra agus trealamh a chur ar fáil i ndáil le raon iarrataí ar chúnamh.

Tá an Briogáidire-Ghinearál Brian Cleary ceaptha ag an Rialtas ina Cheannasaí ar an JTF. Beidh aon chuid den Arm, den Aerchór nó den tSeirbhís Chabhlaigh a thiocfaidh le chéile chun tabhairt faoin oibríochtaí faoi cheannas an Ghinearáil Cleary feadh an t-achar a mbeidh siad i mbun oibre le linn na héigeandála Sláinte Poiblí.

CÁ BHFUIL SÉ LONNAITHE AGUS MAR A OIBRÍONN SÉ?

Tá ceanncheathrú an JTF lonnaithe i nDún Mhic Aodha, Ascaill an Chiardhuibh, Baile Átha Cliath 7 agus tá foireann de suas le 40 pearsanra míleata ann. An 19 Márta 2020 a bunaíodh é agus bhí sé i mbun oibríochta go hiomlán an 26 Márta. Tá an Ceanncheathrú an JTF ag freagairt do gach tasc a bhaineann le COVID-29 ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag ullmhú pleananna teagmhasacha i leith iarratais a mbeadh súil leo amach anseo ón Phríomhghníomhaireachtaí Freagartha (PRAnna) agus ó údaráis shibhialta.

Chomh maith leis sin tá gné ‘idirghníomhaireachta’ ag baint leis an JTF agus má iarrtar sin féadfaidh an JTF freastal ar an Rialtas agus ar ghníomhaireachtaí agus údaráis eile i nDún Mhic Aodha.

Féach nasc chuig ábhar JTF ar Military.ie: COM JTF

Defence Forces Personnel Involved in Incident in Mali

Mother and Daughter make Defence Forces history

Diving Operation For Irish Fishing Vessel “Alize”

Óglaigh na hÉireann - Athbhreithniú ar an mBliain 2019

Tá deireadh ag teacht le 2019 agus chuir muid achoimre deiridh bliana le chéile ar Oibríochtaí Slándála agus gníomhaíochtaí traenála Óglaigh na hÉireann i rith 2019, anseo sa bhaile agus thar lear araon. Lean na naisc chuig ár gcuntas Flickr ag deireadh an ráitis seo chun teacht a bheith agat ar chuid dár n-íomhánna is fearr den Arm, den tSeirbhís Chabhlaigh agus den Aerchór in 2019.

Oibríochtaí Baile

Thug Óglaigh na hÉireann faoi réimse leathan Oibríochtaí Cosanta agus Slándála in 2019.  I measc an imscartha bhí, Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta agus leis an Údarás Sibhialta ar bhonn laethúil, ag tacú leis an nGarda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údaráis Áitiúla agus príomhghníomhaireachtaí eile an Stáit. Seo roinnt samplaí de na gníomhaíochtaí sin:

Thug an tArm faoi breis is 195 gníomhaíocht Cúnaimh d'Oibríochtaí Cumhachta Sibhialta chun tacú leis an nGarda Síochána, arbh é a bhí i gceist leo ná glaoch ar an bhFoireann Diúscartha Ordanáis Phléascaigh (an Fhoireann Buamaí), Príosúnaigh, Ábhar Pléascach agus suimeanna móra Airgid a thionlacan, agus oibríochtaí Cuardaigh.

Rinne Óglaigh na hÉireann thart ar 2,614 pearsanra a imscaradh chuig Comhoibríochtaí Slándála le linn Cuairteanna Stáit, lena n-áirítear, cuairteanna Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Leanfaidh baill Óglaigh na hÉireann orthu ag cur garda faoi airm ar fáil go buan ag Príosún Phort Laoise, an t-aon phríosún ardslándála in Éirinn, ag an mBanc Ceannais agus ag Irish Industrial Explosives.

Chuir Óglaigh na hÉireann pearsanra agus saineolas ar fáil chun tacú leis an Roinn Cumarsáide. Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, agus an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála.

Imscaradh breis is 336 phearsanra, lena n-áirítear Sainfhoirne Cuardaigh Innealtóirí an Airm chun cabhrú le 14 cuardach éagsúla ar iarratas ón nGarda Síochána.

Imscaradh tuairim is 120 pearsanra chun cuidiú le húdaráis shibhialta le linn oibríochtaí, lena n-áirítear tinte sléibhe a chur faoi smacht i gCill Mhantáin, i nDún na nGall agus i Maigh Eo.

Rinne Óglaigh na hÉireann otharcharranna agus criúnna a imscaradh chuig seacht n-ócáid i rith na bliana i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i gCill Dara d'fhonn cuidiú leis an NAS.

Is í an tSeirbhís Chabhlaigh príomhghníomhaireacht muirí an Stáit. Tugann sí faoi ghníomhaíochtaí cosanta agus slándála muirí laistigh de limistéar patróil 220 milliún acra farraige (breis is 12 uair níos mó ná achar talún na hÉireann), arb ionann é agus 15% d'iascaigh na hEorpa.

Bhí an flít páirteach i dtuairim is 780 oibríocht bordála agus coinníodh 12 n-árthach de bharr sáruithe a líomhnaítear a rinneadh ar rialúcháin iascaigh mar thacaíocht don Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara.

Coimisiúnaíodh ar seirbhís an LÉ GEORGE BERNARD SHAW in Aibreán rud a thug tionscadal P60 chun críche.

Imscaradh Rannóg Tumadóireachta na Seirbhíse Cabhlaigh ar 26 oibríocht in 2019, lena n-áirítear 4 cinn d'oibríochtaí cuardaigh agus aisghabhála ar leithligh mar thoradh ar 2 iarratas ón nGarda Síochána.

Tugann an tAerchór faoi Oibríochtaí Cosanta agus Slándála Muirí i gCrios Eacnamaíoch Eisiach na hÉireann (EEZ) trína Scuadrún Patróil Muirí a bhíonn i mbun faireachas ón aer ar uiscí críche ag úsáid dhá aerárthach patróil muirí CASA CN-235.  Rinne an tAerchór breis is *130 (128 an figiúr reatha an 29 Samhain) eitilt Patróil Faireacháin Muirí in 2019.

Thug an tAerchór breis is *233 misean chun críche a bhain le Seirbhísí Éigeandála Aerleighis, ag tacú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seirbhís leighis a chur ar fáil d'othair i bpobail tuaithe a bhí go dona tinn.

Chuir an tAerchór *32 Otharcharr Aeir ar fáil d'ospidéil chun cabhrú le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freagra a thabhairt ar éigeandálacha leighis a bhí criticiúil ó thaobh ama de. B'éigin othair a thabhairt chuig an Ríocht Aontaithe nó chuig mór-roinn na hEorpa ar 20 de na heitiltí sin.

D'fhreagair an tAerchór cúpla iarratas ar chomhraic dóiteáin aeir d'fhonn maoin a bhí i mbaol a chosaint sa ról ATCA.

Ghlac an tAercór páirt in oibríocht monatóireachta um thruailliú ilnáisiúnta sa Mhuir Thuaidh.

Leanann an tAerchór air ag tacú le heitiltí Aonad Tacaíochta Aeir an Gharda Síochána in 2019.

(*na figiúirí is déanaí)

Oibríochtaí Idirnáisiúnta

Is iad Óglaigh na hÉireann is faide atá i mbun seirbhíse thar lear as tíortha uile an domhain ó imscaradh ar dtús iad ar mhisean de chuid na Náisiún Aontaithe i 1958.

In 2019, d'fhóin pearsanra Óglaigh na hÉireann thar lear ar mhisin leis na Náisiúin Aontaithe, NATO PfP (Comhpháirtíocht na Síochána), Tacaíocht Síochána OSCE agus AE agus Oibríochtaí Slándála ar fud 14 mhisean agus 13 tír. Tá 595 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ag fónamh thar lear faoi láthair.

Is i ndeisceart na Liobáine le UNIFIL atá an líon is mó d'Óglaigh na hÉireann faoi láthair, áit a bhfuil 338 pearsanra de chuid na hÉireann imscartha chun timpeallacht shlán agus shábháilte a choimeád. I mí an Samhna 2019, chuaigh Éire i gcomhpháirtíocht leis an bPolainn sa mhisean seo, rud a chuidigh chun ár n-idir-inoibritheacht le Náisiúin Chomhpháirtíochta a fheabhsú agus a fhorbairt. Chomh maith leis sin, cuireann Fórsaí Armtha Mhálta (AFM) naonúr dá gcuid pearsanra ar fáil do IRISHPOLBATT.

Faoi láthair, tá 138 pearsanra imscartha le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe in Arda Golan sa tSiria (UNDOF). Mar gheall ar ár gclár leanúnach uasghrádaithe i leith Iompróirí Armtha Pearsanra (APC), imscaradh naoi APC nua chuig UNDOF i mí na Samhna 19, rud a chuir le cosaint an fhórsa agus le soghluaisteacht na dtrúpaí ar an láthair.

I mí Mheán Fómhair 2019, ghlac an Briogáidire-Ghinearál Maureen O’Brien le ceapachán mar Leas-Cheannasaí Fórsa UNDOF.

I mí Mheán Fómhair 2019, chuir Óglaigh na hÉireann tús lena chéad imscaradh chuig Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí (MINUSMA). Áirítear le rannchuidiú Óglaigh na hÉireann don mhisean seo oifigigh foirne sa Cheanncheathrú Fórsa in Bamako agus pearsanra Sciathán Fiannóglaigh an Airm (ARW) le Tascfhórsa Taiscéalaíochta na Gearmáine (ISR).

Faoi láthair, tá 3 phearsanra (2 x NS, 1 x AC) ag oibriú i gCeanncheathrú Oibriúcháin Fhórsa Cabhlaigh Meánmhuirí an AE (EUNAVFOR-MED) ar Oibríocht Sophia sa Róimh. Is é cuspóir straitéiseach an mhisin cur as do líonraí coirpeach eagraithe atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí neamhcheadaithe, lena n-áirítear smugláil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus sceimhlitheoireacht.

Le linn 2019, imscaradh oifigeach léarscáilíochta amháin de chuid Óglaigh na hÉireann chuig Mósaimbíc, trí huaire i ndiaidh a chéile, mar chomhalta den Chomhghrúpa Teicniúil maidir le Dí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh (JTGDDR).

I mí Lúnasa 2019, imscaradh deichniúr chuig Stadtallendorf, an Ghearmáin mar chuid d'Fhoireann Cheanncheathrú an Fhórsa le Cathlán an AE (EUBG) 2020.

Nuálaíocht agus Comhoibriú

Foilsiú na Straitéise Fiontraíochta Cosanta

Ta treoirlínte foirmeálta agus próisis fhoirmeálta anois i bhfeidhm i spás Fiontraíochta Slándála. Tá an cháipéis seo anois ag tionscadail nuálaíochta agus comhoibrithe d'fhonn cur leis na polasaithe dearfacha a tugadh don ábhar seo sa Pháipéar Bán Cosanta.

Maoiniú do thioncadail MORIGEN ón DPER faoi OPS2020

Is sampla cruthanta é seo ar mar a d'fhíoraigh Gradaim Nuálaíochta an Chinn Foirne acmhainní ó thaobh amuigh d'Óglaigh na hÉireann. Is sárshampla é freisin de rannpháirtíocht luachmhar ár bpearsanra chúltaca ó tharla gur Cúltaca Airm a rinne an tionscadail a fhorbairt, a fuair síolchistiú ó Óglaigh na hÉireann agus tá níos mó airgid anois faighte ón DPER chun tús a chur leis an gCóras Traenála Réaltachta Fíorúla seo.

ROCSAFE

Ball cuibhreannais is ea Cór Ordanáis de thionscadal rathúil H2020 le páirtnéirí ó eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus fuarthas breis agus €4.7m de mhaoiniú taighde de bharr an tionscadail. Tionscadal é seo atá bunaithe ar an méid a tharlaíonn i ndiaidh imeacht Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Pléascach (CBRNe) agus tá teicneolaíocht cheannródaíoch á cruthú aige lena húsáid sa réimse a bhaineann le Diúscairt Ordanáis Phléascaigh (EOD). Cuireann Cór Ordanáis Óglaigh na hÉireann saineolas agus forléargas túslíne úsáideora deiridh ar fáil don tionscadal. Tugadh an tionscadal chun críche le taispeántas ar an teicneolaíocht ar éirigh go maith leis in Aeradróm Baile Dhónaill i Meán Fómhair.

Gradaim Nuálaíochta an Chinn Foirne

Chuir Gradaim Nuálaíochta COS na bliana seo go mór leis an rath a bhí ar na gradaim i mblianta roimhe seo agus is imeacht suaitheanta anois é ar nuálaíocht a aithint in Óglaigh na hÉireann.

Traenáil agus Oideachas

Téimid i mbun traenála don méid is eol dúinn atá romhainn agus cuirimid oideachas orainn féin maidir leis an méid a d'fhéadfadh bheith romhainn. Is é ár bpearsanra an neart is mó atá againn agus dá bhrí sin cuirimid béim shuntasach ar thraenáil agus ar oideachas lena chinntiú go bhfuil ár bpearsanra á bhforbairt agus go mbeidh siad ullamh do thimpeallachtaí casta oibriúcháin sa bhaile agus i gcéin.

Ionduchtaíodh 461 Earcach (21 Bean) agus 96 Dalta (14 Bean) isteach in Óglaigh na hÉireann agus cuireadh tús lena gcuid traenála míleata in 2019. Ba chomhaltaí a bhí ag fónamh iad 8 de na daltaí sin a d'aistrigh ó chéimeanna liostáilte agus fuair 24 phearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann, a thosaigh a gcúrsa d'Ábhair Oifigeach in 2018, a gcoimisiún an 13 Márta 2019.

Rinne tuairim is 166 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann cúrsaí Céime Onóracha traidisiúnta agus rinne 2 pearsanra díobh sin cúrsaí Máistreachta trí chláir Forbartha Gairmiúlachta Leanúnaí.

Reáchtáil Óglaigh na hÉireann 1,051 Cúrsa Scileanna in 2019, agus chaith mic léinn 13,412 lá ag forbairt agus ag cothú cumas a bhaineann le hÓglaigh na hÉireann.

Rinne 601 bpearsanra d'Óglaigh na hÉireann 35 chúrsa Gairm bheatha, ag forbairt a gceannaireachta, a bpleanála agus a scileanna cinnteoireachta.

Chuaigh tuairim is 1,900 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann faoi thraenáil réamh-imscartha ullmhachta misin thar sáile. Bhí idir scileanna frith-IED, traenáil an chéad fhreagróra leighis, scileanna raidió agus cumarsáide agus tiomáint feithiclí airm i gceist leis seo. Áirítear san uimhir seo comhaltaí sciathán fiannóglaigh an airm a imscaradh chuig Mailí.

Imeachtaí Searmanas 2019

Bhí baint ag Óglaigh na hÉireann le níos mó ná 50 Imeacht searmanais Stáit agus míleata suntasach in 2019.

Ghlac Óglaigh na hÉireann páirt i searmanais comórtha Stáit bhliantúla, lena n-áirítear cothrom 103 bliain Éirí Amach na Cásca a chomóradh ag an GPO, Sráid Uí Chonaill; Comóradh ar Cheannairí 1916 ag Cnoc an Arbhair; agus an Lá Náisiúnta Comórtha san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann. 

Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach i gComóradh Náisiúnta an Ghorta, a bhí ar siúl i mbliana i Sligeach.

Bronnadh onóracha searmanais Stáit ar ócáid Chuairt Stáit Rí agus Banríon na Sualainne go hÉirinn i mí Bealtaine, Rí agus Banríon na hÍsiltíre go hÉirinn i mí an Mheithimh agus Uachtarán Chúba go hÉirinn i mí Dheireadh Fómhair. Bronnadh onóracha ar Uachtarán na hÉireann, A Oirirceas an tUachtarán Michael D. Higgins, tráth a raibh sé chun cuairt Stáit a dhéanamh chuig an Ghearmáin i mí Iúil.

Bhí Óglaigh na hÉireann páirteach i sraith searmanas gach mí ag Áras an Uachtaráin áit ar chuir 35 Ambasadóir ar an iomlán a gcuid Cáipéisí i láthair Oifig Uachtarán na hÉireann.

I bPort Láirge a tionóladh searmanas ainmniúcháin agus coimisiúnaithe an Árthaigh Cabhlaigh an L. É. George Bernard Shaw in Aibreán. Bhí an Taoiseach i láthair ag an searmanas sin. 

Tionóladh searmanas speisialta Stáit i nDún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath in Aibreán na bliana seo chun comóradh a dhéanamh ar 90 bliain ó bunaíodh Fórsaí Cúltaca Óglaigh na hÉireann. Mar chuid de na hócáidí comórtha seo, tionóladh paráid ina ndearna an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint athbhreithniú ar Fhórsaí Cúltaca Óglaigh na hÉireann.

Tionóladh Searmanas Cuimhneacháin Óglaigh na hÉireann ag an gCuimhneachán Náisiúnta, Cearnóg Mhuirfean i mí na Nollag i gcuimhne ar chomhaltaí Óglaigh na hÉireann a fuair bás ag fónamh don Stát. Mar chuid den ócáid seo leag an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint bláthfhleasc ag an gCuimhneachán Náisiúnta in éindí le muintir na gcomhaltaí a fuair bás.

Le linn 2019, chuaigh comhaltaí Óglaigh na hÉireann i mbun dualgais searmanais agus tacaíochta eile ar fud na tíre ag cur tacaíocht ar fáil d'imeachtaí Stáit agus comórtha eile. 

ALBAIM GRIANGHRAF - AN CHUID IS FEARR DE 2019

An tArm

https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72157712243289127

An tSeirbhís Chabhlaigh

https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72157712243047676

An tAerchór

https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72157712244688908

Misin Thar Lear

https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72157712244739608

Christmas Wishes from Overseas