Skip to main content

Cór an Airm

Laistigh de struchtúr an airm tá cór éagsúla ann. Tacaíonn cór an airm leis na seacht bhfeidhmeanna comhraic - ainliú, tacaíocht dóiteáin, aerchosaint, ISTAR, soghluaisteacht, tacaíocht seirbhíse comhrac agus ordú & rialú.

An Cór Coisithe

Is iad na "coisithe" cnámh droma gach airm. Grúpaí oibríochta a bhíonn sa Chór Coisithe nach mór a bheith ullamh lena n-imscaradh chuig suíomh ar bith ar gearrfhógra. Le linn cogaidh, agus iad mar an phríomharmghéag chomhairc, beidh siad i measc a dtrúpaí tul-líne agus iad ag cosaint an Stáit. In aimsir síochána, áfach, feictear iad ag comhlíonadh dualgas mar thacaíocht ag an nGarda Síochána chun Airgead Tirim agus Príosúnaigh a thionlacan, agus i ngníomhaíochtaí móra slándála ina bhféadfaidís imscaradh le hIompróirí Pearsanra Armúrtha (APCanna) MOWAG.

Is eagar comhairm í Briogáid Choisithe Óglaigh na hÉireann a eagraítear chun cathanna agus fruilíochtaí a throid agus chun gníomhaíochtaí míleata a reáchtáil sa timpeallacht ‘Oibríochtaí Eile Seachas Cogadh’. Le linn cogaidh, is é ról na Briogáide Coisithe ná dúnadh isteach ar an namhaid trí scaoileadh agus inlíocht, fórsaí namhad a scriosadh nó a ghabháil, nó ionsaithe namhad a chloí le lámhach cosanta, bacanna, dlúthchomhraic agus frithionsaí. Déanann Briogáidí Coisithe oibríochtaí comhthrátha, go príomha san oíche nó le linn tréimhsí nuair nach féidir feiceáil ró-mhaith. Comhcheanglaíonn na briogáidí coisithe iarrachtaí comhordaithe a gcathlán inlíochta le tacaíocht comhraic chomhtháite agus tacaíocht seirbhís comhraic chun tascanna sannta a chomhlíonadh ag leibhéal oirbheartaíochta na n-oibríochtaí míleata.

Ó tugadh isteach an tIompróir Pearsanra Armúrtha MOWAG Piranha IIIH 8x8 go luath in 2001, tá coisithe laistigh d'Óglaigh na hÉireann rangaithe mar choisithe éadrom agus coisithe meicnithe araon. Faoi láthair, oibríonn an tArm ceithre chineál éagsúil 65 MOWAG lena n-áirítear 54 APC, ocht feithicil Ceannais, dhá otharcharr armúrtha agus feithicil aisghabhála amháin. Seachas an úsáid a bhaintear as ag an mbaile, bhí an MOWAG i mbun seirbhíse thar lear in Eiritré (UNMEE), sa Chosaiv (KFOR), an Libéir (UNMIL) agus Sead (EUFOR/MINURCAT). Tá Complacht B, 3ú Cathlán Coisithe atá bunaithe in Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, faoi dhualgas na criúnna APC a thraenáil.

Fís Straitéiseach

Leanfaidh an Cór Coisithe le hacmhainní Tacaíochta Comhraic éifeachtacha, solúbhtha agus cuí a fhorbairt, a chothú agus a sheachadadh d’Óglaigh na hÉireann lena chinntiú go bhfuil acmhainneachtaí coisithe meicnithe agus éadrom a dhóthain aige le go mbeidh sé in ann a chuid tiomantas maidir le slándáil ar an oileán agus síochán agus slándáil idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

Comhairle agus Polasaí an Chóir Choisithe

Cuireann an Cór comhairle ar an bhFoireann Ghinearálta maidir le coisithe Óglaigh na hÉireann. íirítear air sin soláthar Trealamh Cosanta Aonair (IPE), mionairm agus riachtanas armán tacaíochta in Óglaigh na hÉireann. Tá an Stiúrthóir Coisithe freagrach as forbairt agus cur i bhfeidhm foirceadail coisithe Óglaigh na hÉireann. Tá an Cór Coisithe freagrach as criúnna APC Óglaigh na hÉireann a thraenáil. Cinntíonn an Cór Coisithe go bhfuil pearsanra agus feithiclí an Chóir ullamh lena n-imscaradh ar Oibríochtaí Tacaíochta Síochána (PSO) arna sainordú ag an NA thar lear.

Gníomhaíochtaí an Chóir

Soláthraíonn an Cór Coisithe fórsaí a dhótháin a bhfuil sé de chumas orthu tairbhe suntasach a chothabháil maidir le tacaíocht síochána ilnáisiúnta, bainistiú géarchéime agus oibríochtaí daonnúla.

Cuireann an Cór feabhas leanúnach ar a chumais oibríochta chun foráil a dhéanamh do chosaint mhíleata shláine chríche an Stáit.Leanann an Cór le hoideachas agus traenáil a chur ar na hOifigigh, na hOifigigh Neamhchoimisiúnaithe agus na Saighdiúirí Aonair agus iad a choinneáil aclaí chun a gcumas aonair, a n-ullmhacht chomhchoiteann agus a n-éifeachtúlacht agus a n-éifeachtacht a fhorbairt agus a mhéadú.

Baineann an Cór na hacmhainní riachtanacha sin amach:

  • Trí chúrsaí a reáchtáil ag teacht leis an Treoir Traenála Bhliantúil (ATD) DFHQ
  • Trí chúrsaí Gairme agus Teagascóra an Chóir do gach céim a bhfuil gá leo a chomhlíonadh
  • Trí Chúrsaí Gairme agus Cinnireachta Sóisir a reáchtáil d’Oifigigh agus d’Oifigigh Neamhchoimisiúnaithe
  • Trí thraenáil Oirbheartaíochta Chomhghnásach a reáchtáil do gach céim
  • Trí thraenáil a reáchtáil don raon iomlán Oibríochtaí Tacaíochta Síochána (PSO)
  • Tríd an traenáil armán agus scileanna a reáchtálann an Cór a bhailíochtú
  • Trí thacaíocht a thabhairt do thraenáil RDF Aonaid agus Chomhchoiteann chomhtháite agus neamh-chomhtháite

An Cathlán Coisithe

Is é bunús an Chóir Choisithe ná na haonaid oibríochta, na Cathláin Choisithe. Tá trí Chathlán Coisithe laistigh de gach ceann de thrí Bhriogáid ainmnithe Óglaigh na hÉireann. Tá gach cathlán comhdhéanta de thrí chomplacht muscaed, complacht tacaíochta agus complacht ceanncheathrú. Tá gach complacht muscaed comhdhéanta de bhuíon muscaed agus buíon airm le fritharmúir, feadhna innealghunna meánaigh agus moirtéir. Tá an complacht tacaíochta comhdhéanta d'fheadhna fritharmúir, innealghunna trom, moirtéar, tiargálaithe lingthe agus taiscéalaíochta. Tá an complacht ceanncheathrú comhdhéanta de feadhna riaracháin, lóistíochta, cumarsáide agus iompair.

Soláthraíonn na Cathláin Choisithe na feadhna inlíochta is mó atá ar fáil do Cheannasaí na Briogáide agus dá réir sin is acu atá an méid is mó daonchumhachta laistigh den eagar Briogáidí.

An Cór Coisithe

Is iad na "coisithe" cnámh droma gach airm. Grúpaí oibríochta a bhíonn sa Chór Coisithe nach mór a bheith ullamh lena n-imscaradh chuig suíomh ar bith ar gearrfhógra.

An Cór Marcra

Tá an Cór Marcra ar cheann de phríomhchóir Óglaigh na hÉireann. Tá traidisiún fada agus a bhfuiltear bródúil as ag an gCór Marcra maidir le seirbhís chuig an Stát

Cór Airtléire

Tá airtléire na briogáide comhdhéanta de Reisimint Airtléire Mhachaire (FAR) ag a bhfuil trí bhataire machaire. Tá sé armán éadroma airtléire mhachair, gunnaí 105mm

Córais chumarsáide & Eolais

An Cór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais atá freagrach as an gCóras Teicneolaíochta Faisnéise atá mar thacaíocht ag tascanna Óglaigh na hÉireann a fhorbairt agus a fheidhmiú.

An Cór Innealtóirí

Tá dhá phríomhréimse feidhme ag an gCór Innealtóirí. Tacaíocht innealtóirí a sholáthar do na Briogáidí Coisithe agus Dúin agus feistis Óglaigh na hÉireann a chothabháil

An Cór Ordanáis

Cuimsíonn na seacht tasc lóistíochta a bhaineann le hOrdanás a Sholáthar, a Stóráil, a Dháileadh, a Iniúchadh, a Chothabháil, a Dheisiú agus a Dhiúscairt

An Cór Iompair

Go sonrach, déanann an Cór Iompair feidhmeanna lóistíochta maidir le bogadh, socrú agus breosla a chumhdach chun gach gné d'oibríochtaí míleata a chlúdach