Skip to main content

GOC An Aerchór

GOC AC Rory O'Connor

Taithí Mhíleata

Liostáil an Briogáidire-Ghinearál O’Connor in Aerchór na hÉireann ina Phrintíseach i 1982 agus cuireadh ar dualgas sa rannóg teicneolaíochta é áit ar thug sé a Phrintíseacht ceithre bliana chun críche i mí Lúnasa 1986 sular bronnadh Daltacht air i mí Dheireadh Fómhair 1986.

Rinneadh coimisiúnú ar an mBriogáidire-Ghinearál O’Connor ina 2/Lt i 1988 agus fuair a chuid Sciatháin Phíolóta Míleata i 1989.

Bhí sé i gceannas ar gach leibhéal laistigh den Aerchór agus d’fhóin i EUFOR Tchad/RCA ina Cheannasaí Faisnéise Aeir i 2008 agus fuair ardú céime go céim Coirnéal i 2016.

Oideachas

Tá Máistreacht ag an mBriogáidire-Ghinearál O’Connor i gCeannaireacht, Bainistíocht agus Léann Cosanta ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad chomh maith le Máistreacht ón Roinn Léann Cogaidh, Kings’ College, Londain. Is Scrúdaitheoir agus Teagascóir Eitilte Cáilithe é a bhfuil breis is 5,500 uair cláraithe aige i gcineálacha éagsúla aerárthaí (SIAI Marchetti, Fouga Magister, Cessna FR172, King Air 200, Gulfstream G-IV agus Pilatus PC-9M ina measc) agus tá an domhan taistealaithe aige ina phíolóta oibríochta. Ghníomhaigh sé ina Cheannasaí Tionscadail nuair a bhíothas ag tabhairt aerárthach PC-9M isteach in Aerchór na hÉireann idir 2002 agus 2005.