Skip to main content

Ceapacháin Speisialtóirí

Amanna, bíonn gá ag Óglaigh na hÉireann daoine le cáilíochtaí nó scileanna speisialta a liostáil isteach sna seirbhísí éagsúla atá san fhórsa chun folúntais a líonadh. Liostáiltear na daoine a líonann na folúntais sin mar Dhíriontrálaithe i gcás na n-oifigeach.

Amanna, bíonn gá ag Óglaigh na hÉireann daoine le cáilíochtaí nó scileanna speisialta a liostáil isteach sna seirbhísí éagsúla atá san Fhórsa chun folúntais a líonadh. Liostáiltear na daoine a líonann na folúntais sin mar Dhíriontrálaithe i gcás na n-oifigeach.

Oifigeach Innealtóra sa tSeirbhís Chabhlaigh

Baill choimisiúnaithe den tSeirbhís Chabhlaigh is ea na hOifigigh Leictreachais/Leictreonaice. Dlúthchuid den struchtúr tacaíochta d’fheidhmiú na Seirbhíse Cabhlaigh is ea na hOifigigh Leictreachais/Leictreonaice. Déanann siad réimse dualgas ar muir agus ar tír. Cinntíonn siad go mbíonn na córais leictreacha agus leictreonacha ag feidhmiú go hiomlán an t-am ar fad sna longa cabhlaigh.

Léigh tuilleadh faoi Cheird mar Oifigeach Innealtóra sa tSeirbhís Chabhlaigh

Oifigeach Innealtóra san Arm

Tá na hOifigigh Innealtóra ina mbaill choimisiúnaithe de Chór Innealtóirí an Airm, Cór Tacaíochta Comhraic. Is é an ról príomha atá ag Cór na nInnealtóirí ná cuidiú leis an arm maireachtáil, gluaiseacht agus troid fad a bhítear ag séanadh na rudaí céanna ar an namhaid — bíonn tascanna éagsúla i gceist leis sin, ar nós tógáil Campa agus tacaíocht beatha, oibríochta glanta mianach agus réiteach bealaigh, cothabháil agus tógáil na bhfeisteas atá ag Óglaigh na hÉireann.

Léigh tuilleadh faoi Cheird mar Oifigeach Innealtóra

Dochtúir Leighis

Oifigeach Speisialta is ea an tOifigeach Liachta a chleactann míochaine in Óglaigh na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Díríonn an cleachtas leighis ar chosaint agus oideachas sláinte, ar phríomhchúram agus ar mhíochaine timpeallachta. Bíonn dúshláin an-mhóra fhisiciúla agus intinne le sárú sa ról seo.

Léigh tuilleadh faoi Cheird mar Oifigeach Liachta

Oifigeach Fiaclóireachta

Mar Fhiaclóir in Óglaigh na hÉireann, beidh ról tábhachtach ag do chuid gairmiúlachta i ngach misean. Ní féidir le saighdiúir a bheith curtha ó mhaith ag fadhbanna fiaclóireachta agus é/í ar dhualgas gníomhach. Go háirithe nuair a bhíonn a shábháilteacht phearsanta féin agus sábháilteacht a gcomrádaithe ag brath air.

Léigh tuilleadh faoi Cheird mar Oifigeach Fiaclóireachta

Ionstraimithe

Tugann Ionstraimithe Míleata tacaíocht cheolmhar do gach gné den saol míleata ar a n-áirítear paráidí searmanais, bronnadh céimeanna, searmanais loinge, srl. Feidhmíonn siad freisin ag ócáidí rialtais agus ag coirmeacha poiblí, sa bhaile agus thar lear.

Léigh tuilleadh faoi Ceird sa Cheol Mhíleata

Oifigeach Innealtóra sa tSeirbhís Chabhlaigh

Baill choimisiúnaithe den tSeirbhís Chabhlaigh is ea na hOifigigh Leictreachais/Leictreonaice. Dlúthchuid den struchtúr tacaíochta d’fheidhmiú na Seirbhíse Cabhlaigh is ea na hOifigigh Leictreachais/Leictreonaice

Oifigeach Innealtóra Airm

Is é an ról príomha atá ag Cór na nInnealtóirí ná cuidiú leis an arm maireachtáil, gluaiseacht agus troid fad a bhítear ag séanadh na rudaí céanna ar an namhaid — bíonn tascanna éagsúla i gceist leis sin, ar nós tógáil Campa agus tacaíocht beatha, o...

Pearsanra Leighis

Oifigeach Speisialta is ea an tOifigeach Liachta a chleactann míochaine in Óglaigh na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Díríonn an cleachtas leighis ar chosaint agus oideachas sláinte, ar phríomhchúram agus ar mhíochaine timpeallachta.

Ionstraimithe

Ní mór do na ceoltóirí a bheith ildánach agus taithí a bheith acu ar roinnt stíleanna ceoil, agus ní mór doíbh a bheith in ann dul in oiriúint do gach saghas seanma agus d’éisteoirí éagsúla.