Aonad lárnach de chuid Óglaigh na hÉireann é Sciathán Fiannóglaigh an Airm. Tá na róil roinnte i dhá chuid - róil Ghnáthchogaíocht agus róil a bhaineann le "Cabhair Speisialta don Chumhacht Shibhialta" (ATCP). Tá ról aige freisin an caighdeán a fhorbairt i measc Óglaigh na hÉireann.
Tascanna Míleata
Oibríochtaí Ollionsaitheacha Laistiar de Línte an Namhad:
- Spriocanna riachtanacha a dhaingniú
- Patrólú Fadraoin
- Ruathair
- Luíocháin
- Sabaitéireacht
- Príomhphearsanra a Ghabháil
- Oibríochtaí Atreoraithe
- Bailiú Faisnéise
Oibríochtaí Cosantacha:
- Daoine an-tábhachtacha a Chosaint
- Frithcheannairceacht
- Traenáil agus Reáchtáil Oibríochtaí Speisialta
- Oibríochtaí Moillitheacha
Tascanna ‘Cuidiú leis an gCumhacht Shibhialta’ (Frithsceimhlitheoireacht)
- Oibríochtaí Frith-fhuadaithe
- Oibríochtaí chun Gialla a Tharrtháil
- Idirghabhálacha Aeir agus Mara
- Oibríochtaí Cuardaigh - Tascanna speisialta ar Tír nó ar Muir
- Oibríochtaí Tóra
- Spriocanna atá i Seilbh Sceimhlitheoirí a Athghabháil
- Oibríochtaí Díonachta i leith Daoine an-tábhachtacha/ Dlúthchaomhnú ar Dhaoine An-tábhachtacha
- Pleanáil Theagmhasach chun Frithghníomhú in aghaidh Baol Sceimhlitheoireachta / Treascracha
Caighdeáin Óglaigh na hÉireann a Fhorbairt
Cuidíonn Sciathán Fiannóglach an Airm le caighdeáin a fhorbairt i dtaca le scileanna míleata agus scileanna gaolmhara i measc Óglaigh na hÉireann trí:
- Tástáil agus Meastóireacht a dhéanamh ar Threalamh d'Óglaigh na hÉireann
- Cleachtaí traeánala a Eagrú d'Óglaigh na hÉireann agus Páirt a Ghlacadh Iontu
- Cúrsaí Speisialtóra a Reáchtáil
- Pearsanra Sciathán Fiannóglaigh an Airm a thabhairt ar ais chuig Cóir éagsúla Óglaigh na hÉireann