Skip to main content

Oifigeach Innealtóra sa tSeirbhís Chabhlaigh

Na Daoine atá Uainn

Is iad na hoifigigh na bainisteoirí, na cinnteoirí agus na ceannairí in Óglaigh na hÉireann. Baill choimisiúnaithe den tSeirbhís Chabhlaigh is ea na hOifigigh Leictreachais/Leictreonaice. Dlúthchuid den struchtúr tacaíochta d’fheidhmiú na Seirbhíse Cabhlaigh is ea na hOifigigh Leictreachais/Leictreonaice. Déanann siad réimse dualgas ar muir agus ar tír. Cinntíonn siad go mbíonn na córais leictreacha agus leictreonacha ag feidhmiú go hiomlán an t-am ar fad sna longa cabhlaigh. Déanann siad bainistiú ar theicneoirí agus treoraíonn siad iad ar bord loinge agus ar tír, déanann siad maoirseacht ar dheisiúcháin agus ar chothabháil agus leigheasann siad aon fhadhb a thagann chun cinn.

Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg daoine a bhfuil na cumais seo a leanas acu de bhreis ar na cáilíochtaí cuí innealtóireachta

  • Cumas pleanála, tosaíochta agus eagrúcháin
  • Leibhéal réasúnta ard corpacmhainne
  • Scileanna cumarsáide atá soiléir, beacht agus éifeachtach
  • A bheith in ann daoine eile a spreagadh oibriú le foireann.

Riachtanais Ghairmiúla

Ní mór d’iarrthóir atá le ceapadh mar Oifigeach Innealtóra Leictreachais / Leictreonaice sa tSeirbhís Chabhlaigh a bheith i seilbh Céime tríú leibhéal (leibhéal 8) nó a mhacasamhail de cháilíocht atá aitheanta do Bhallraíocht Chorparáideach in Institiúid Innealtóirí na hÉireann i gceann de na hábhair seo a leanas:

  • Innealtóireacht Leictreonaice
  • Innealtóireacht Leictreachais

Riachtanais Aoise

Ní mór d'iarrthóirí a bheith faoi 30 bliain d'aois ar an dáta a mheastar mar an dáta deiridh d'iarratais.

Conas Dul Isteach

Reáchtáiltear comórtais d’Oifigigh Innealtóra Leictreachais / Leictreonaice Díriontrála de réir mar is gá. Ní mór d’iarrthóirí ionchasacha an fhoirm iarratais ar líne a líonadh tríd an láithreán gréasáin seo. Bíonn dátaí an chomórtais fógartha sna nuachtáin náisiúnta agus ar an láithreán gréasáin seo agus ní ghlacfar le hiarratais ach amháin ar na dátaí sin. Déanfar gach comhfhreagras leis na hiarrthóirí trí ríomhphost ar feadh thréimhse an chomórtais.

Agallamh

Tabharfar cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe.

Imréiteach Leighis & Slándála

Tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí a gheobhaidh na marcanna is airde dul faoi scrúdú iomlán dochtúra sa Bhunáit Chabhlaigh, Inis Sionnach, Co. Chorcaí. Mar aon leis sin, déanfaidh an Garda Síochána seiceáil slándála ar na hiarrthóirí go léir. Caithfidh na hiarrthóirí pas a fháil sa scrúdú dochtúra agus sa tseiceáil shlándála araon sula measfar iad le haghaidh ionduchtaithe.

Deonú Coimisiúin

Tairgeofar coimisiún mar Oifigeach Innealtóra ar chéim Fo-Leifteanant (NS) in Óglaigh na hÉireann do na hiarrthóirí a chríochnóidh ag barr ord fiúntais na gcomórtas.

Traenáil

Caithfidh gach Oifigeach Innealtóra Leictreachais / Leictreonaice Díriontrála cúrsa Ionduchtaithe Míleata a dhéanamh. Ina dhiaidh sin tiocfaidh an Fhorbairt Ghairmiúil Thosaigh (IDP) agus leanfaidh sin ar aghaidh san innealtóireacht ghinearálta leictreachais / leictreonaice sula dtosófar ar aon traenáil bhreise i gceann de na disciplíní speisialta.

  • Leictreachas
  • Leictreonaic
  • Stiúradh & Uathoibriú
  • Loingseoireacht
  • Caidreamh Minicíochta Raidió
  • Teicneolaíocht an Eolais
  • Ordanáis (Armáin)

Cuireann an tSeirbhís Chabhlaigh IPD cuimsitheach ar fáil agus tá sí tiomanta d’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach dá comhaltaí, trí thraenáil a chur ar fáil do na baill chomh maith le cúnamh a thabhairt do bhaill a bheadh ag iarraidh breis traenála dá gcuid féin a fháil.

Sannaíocht Aonaid

Sannfar Oifigigh Innealtóra Leictreachais / Leictreonaice na Seirbhíse Cabhlaigh do long nó do cheapachán ar tír faoi réir na riachtanas a bheidh ag Óglaigh na hÉireann. Tá an tSeirbhís Chabhlaigh lonnaithe in Inis Sionnach, Co. Chorcaí.