Skip to main content

Oifigeach Innealtóra Airm (Díriontrála)

Na Daoine atá Uainn

Is iad na hoifigigh na bainisteoirí, na cinnteoirí agus na ceannairí in Óglaigh na hÉireann. Tá na hOifigigh Innealtóra ina mbaill choimisiúnaithe de Chór Innealtóirí an Airm, Cór Tacaíochta Comhraic. Is é an ról príomha atá ag Cór na nInnealtóirí ná cuidiú leis an arm maireachtáil, gluaiseacht agus troid fad a bhítear ag séanadh na rudaí céanna ar an namhaid — bíonn tascanna éagsúla i gceist leis sin, ar nós tógáil Campa agus tacaíocht beatha, oibríochta glanta mianach agus réiteach bealaigh, cothabháil agus tógáil na bhfeisteas atá ag Óglaigh na hÉireann. De bhreis ar do ról innealtóireachta, mar Oifigeach beifear ag súil go dtreoróidh tú agus go ndéanfaidh tú bainistiú ar phearsanra an Chóir Innealtóireachta.

Tá Óglaigh na hÉireann ag lorg daoine a bhfuil na cumais seo a leanas acu de bhreis ar na cáilíochtaí cuí innealtóireachta

  • Cumas pleanála, tosaíochta agus eagrúcháin
  • Leibhéal réasúnta ard corpacmhainne
  • Scileanna cumarsáide atá soiléir, beacht agus éifeachtach
  • A bheith in ann daoine eile a spreagadh oibriú le foireann

Riachtanais Ghairmiúla

Ní mór d’iarrthóir atá le ceapadh mar Oifigeach Innealtóra sa Chór Innealtóirí Céim tríú leibhéal (leibhéal 8) nó a mhacasamhail de cháilíocht atá aitheanta do Bhallraíocht Chorparáideach in Institiúid Innealtóirí na hÉireann a bheith acu i gceann de na hábhair seo a leanas:

  • Innealtóireacht Shibhialta/Struchtúr
  • Innealtóireacht Leictreachais

Riachtanais Aoise

Caithfidh iarrthóirí a bheith faoi 30 bliain d’aois ar an dáta a liostálann siad.

Conas Dul Isteach

Reáchtáiltear comórtais d’Oifigeach Innealtóra Díriontrála de réir mar is gá.

Iarratas

Ní mór d’iarrthóirí ionchasacha an fhoirm iarratais ar líne a líonadh tríd an láithreán gréasáin seo. Bíonn dátaí an chomórtais fógartha sna nuachtáin náisiúnta agus ar an láithreán gréasáin seo agus ní ghlacfar le hiarratais ach amháin ar na dátaí sin. Déanfar gach comhfhreagras leis na hiarrthóirí trí ríomhphost ar feadh tréimhse an chomórtais.

Agallamh

Tabharfar cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe.

Imréiteach Leighis & Slándála

Ansin tabharfar cuireadh do na hiarrthóirí a fuair na marcanna is airde dul faoi scrúdú iomlán dochtúra in Ospidéal Míleata Ginearálta Naomh Bricín i mBaile ítha Cliath. Mar aon leis sin, déanfaidh an Garda Síochána seiceáil slándála ar na hiarrthóirí go léir. Caithfidh na hiarrthóirí pas a fháil sa scrúdú dochtúra agus sa tseiceáil slándála araon sula measfar iad le haghaidh ionduchtaithe.
Deonú Coimisiúin

Tairgeofar coimisiún mar Oifigeach Innealtóra ar chéim Leifteanant in Óglaigh na hÉireann do na hiarrthóirí a chríochnóidh ar bharr ord fiúntais na gcomórtas.

Traenáil

Caithfidh gach Oifigeach Innealtóra Díriontrála cúrsa Ionduchtaithe Míleata a dhéanamh.

Sannaíocht Aonaid

Sannfar Oifigigh Innealtóra do na hAonaid Innealtóireachta faoi réir na riachtanas a bheidh ag Óglaigh na hÉireann. Tá na hAonaid Innealtóireachta lonnaithe sna hionaid seo a leanas:

  • Dún Uí Choileáin, Corcaigh
  • Dún Chostúim, Baile ítha Luain
  • Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Co. Chill Dara
  • Dún Chathail Bhrugha, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath