Skip to main content

An dochar bainte ag Meitheal Diúscartha Buamaí an Airm as 
Gaireas

12.50in - Dé Luain 10ú Meitheamh
EOD_7

Go moch maidin inniu, ar iarratas ón nGarda Síochána, leagadh de chúram ar Mheitheal Diúscartha Buamaí an Airm gaireas a raibh amhras faoi i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo a scrúdú. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 7.30am.

Dhún an fhoireann an limistéar timpeall ar an láthair agus folmhaíodh roinnt foirgneamh in aice láimhe fad is a bhí an oibríocht ar bun. Aithníodh gaireas amháin (1) agus baineadh an dochar as agus tugadh chun bealaigh é lena scrúdú tuilleadh. Fógraíodh an láthair slán sábháilte ag 11.00am.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe a bhfuil amhras fúthu nó ar shubstaintí guaiseacha, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu.

Baineann glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na nithe seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-ghránáidí a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrastacha a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.

Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Dé Luain an 10 meitheamh 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach