Skip to main content

An Cór Ordanáis

AN CÓR ORDANÁIS

Tá ról oibríochta agus ról lóistíochta araon ag an gCór Ordanáis laistigh d’Óglaigh na hÉireann. Is é ról lóistíochta an Chóir Ordanáis ná chun tacaíocht theicniúil a chur ar fáil d’Óglaigh na hÉireann chun gach píosa trealaimh a bhaineann le hOrdanás a Sholáthar, a Stóráil, a Dháileadh, a Iniúchadh, a Chothabháil, a Dheisiú agus a Dhiúscairt. Is é ról oibríochta an Chóir Ordanáis ná pearsanra a thraenáil do chumas EOD/IEDD an Stáit agus an pearsanra sin a sholáthar.

Gníomhaíochtaí an Chóir

Cuimsíonn na seacht tasc lóistíochta a bhaineann le hOrdanás a Sholáthar, a Stóráil, a Dháileadh, a Iniúchadh, a Chothabháil, a Dheisiú agus a Dhiúscairt raon trealaimh ag réimsiú ó dhiúracáin fhrithárthacha agus armáil chabhlaigh go dtí an éide a chaitheann an pearsanra míleata. Tá dualgas ar an gCór Ordanáis chomh maith bia a sholáthar, agus as seirbhísí trádálacha lónadóireachta a chur ar fáil.  Leis na nithe trealaimh go léir a bhaineann le hordanás tá an Cór Ordanáis rannpháirteach ina shaolré iomlán laistigh d’Óglaigh na hÉireann ó thaobh lóistíochta de ón mbreith go bás.  Tá na seacht tasc lóistíochta sin de chineál teicniúil agus tá na cáilíochtaí cuí ag pearsanra an chóir le go mbíonn siad in ann measúnú teicniúil a dhéanamh ar chórais ordanáis iomlána agus ar a gcomhpháirteanna agus a dtrealamh coimhdeach.

Soláthraíonn an Cór Ordanáis an t-aon seirbhís Diúscartha Ordanáis Phléascaigh sa stát, mar thacaíocht ag an nGarda Síochána i ról ATCP.  Soláthraíonn An Cór Ordanáis cumas EOD d’Óglaigh na hÉireann ar fud a raon iomlán oibríochtaí.  Tá stair fhada IEDD ag pearsanra an Chóir Ordanáis agus tá siad chun tosaigh maidir le treoir a thabhairt do phearsanra i ngach gné den iarracht C-IED. Áirítear ar sin mionteagaisc agus traenáil do phearsanra a imscartar thar lear agus le gairid an pearsanra ar fad atá ar chúrsaí gairme.


Soláthraíonn an Cór Ordanáis roinnt príomhphearsanra d’aonaid Óglaigh na hÉireann nuair a iarrtar iad. Is teicneoir é an tArmadóir atá freagrach as armáin an Chathláin Choisithe agus trealamh a bhaineann leo a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Áirítear ar sin mionairm i.e. piostail, raidhfilí, innealghunnaí, armáin neamhathchasta, moirtéir, lansairí gránáide, na túiríní agus na córais seastáin a bhaineann leo, trealamh cosanta pearsanta, trealamh iompartha ualaigh agus cistineacha lónadóireachta machaire. Is teicneoir é an Saor Armála atá freagrach as córais armáin tacaíochta comhraic a iniúchadh, a chothabháil agus a dheisiú. Áirítear air sin an Armáil Mharcra, Airtléire, Aerchosanta agus Chabhlaigh go léir sna róil scaoilte díreacha agus indíreacha araon mar an Gunna Éadrom 105mm L118 & L119, Airtléire Frith-Aerárthaí 40mm L70 agus Gunna Cabhlaigh 76mm Oto Melara.

Os rud é go bhfuil an saineolas laistigh d’Óglaigh na hÉireann maidir le heolaíocht agus innealtóireacht ábhar, tá an Cór Ordanáis rannpháirteach as soláthar feithiclí armúrtha ar bith nó cosaint armúrtha ábhartha a bhfuil baint ag Óglaigh na hÉireann leis.   Tá an Cór Ordanáis freagrach as córais armúir Óglaigh na hÉireann a thástáil agus a bhailíochtú agus a gcomhtháthú chuig ardáin feithiclí chomh maith le Trealamh Cosanta Pearsanta (PPE). Déantar ábhar armúir atá i mbun seirbhíse a thástáil in aghaidh na gcaighdeán idirnáisiúnta is fearr (NATO STANAG 4569), lena n-áirítear an BAE RG32M.

Thar Lear

Taistealaíonn rannóg Ordanáis atá ar mhéid an chomplachta in éineacht le gach misean trúpaí, a bhfuil a comhdhéanamh sainithe ar an misean.  Bíonn an pearsanra sin mar chuid den aonad lóistíochta de ghnáth.  Ar mhisin ar leith soláthraíonn an rannóg Ordanáis inniúlacht EOD sainiúil e.g. an Liobáin, an Chosaiv, an Libéir agus Sead.