Skip to main content

An Dochar Bainte ag Foireann Diúscartha Buamaí

12.00in - Dé Luain an 4 Feabhra, 2019
EOD_7

Luath maidin inniu, ar iarratas ón nGarda Síochána, leagadh de chúram ar Fhoireann Diúscartha Buamaí an Airm gaireas a raibh amhras faoi i nDroichead Átha a scrúdú. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 2.45am.

Dhún an fhoireann an limistéar timpeall ar an láthair agus folmhaíodh roinnt tithe fad is a bhí an fhoireann i mbun oibre. D'aithin an fhoireann buama píopa inmharthana, baineadh an dochar as agus fógraíodh an láthair a bheith saor ó phléascáin ag 4.20am.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe amhrasta, nó ar shubstaintí guaiseacha, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu.

Baineann glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na nithe seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-ghránáidí a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrastacha a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.

Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Dé Luain an 4 Feabhra, 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach