Skip to main content

Conas a Téigh Isteach

Comórtais

Ó am go ham nó nuair is gá, fógfaidh Óglaigh na hÉireann Comórtais Earcaíochta Cúltaca an Airm / na Seirbhíse Cabhlaigh trí gach ardán meáin shóisialta, láithreáin ghréasáin agus na nuachtáin náisiúnta.

Chun féachaint ar na comórtais atá ar siúl faoi láthair tabhair cuairt ar an Leathanach Folúntais Reatha >>

Iarratas

Ní ghlactar le hiarratais ach amháin trí www.military.ie. San fhoirm iarratais tabharfar rogha 26 láthair duit i gcás Chúltaca an Airm, agus 4 láthair i gcás Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh. Ní féidir leat ach láthair amháin a roghnú.

Cáilíochtaí

Níl aon cháilíochtaí oideachais foirmiúla ann chun dul sna hÓglaigh Chúltaca mar Earcach. Seachas teorainneacha aoise, tá na critéir le haghaidh liostála sna hÓglaigh Chúltaca mar an gcéanna leis na critéir don Bhuanfhórsa Cosanta i ndáil le tástáil chorpacmhainne, scrúdú dochtúra agus imréiteach slándála.

Teorannú Aoise

Chun dul sna hÓglaigh Chúltaca caithfear a bheith 18 bliana d'aois nó os a chionn agus faoi 36 bliain d’aois ar an dáta deiridh a nglactar le hiarratais.

Measúnacht Chorpacmhainne

Iarrfar ar gach iarratasóir ar na hÓglaigh Chúltaca measúnacht chorpacmhainne a dhéanamh. Is é sin an mheasúnacht chorpacmhainne chéanna a dhéanann iarratasóirí ar an mBuanfhórsa Cosanta. Ní mór d’iarratasóirí teastas ó Lia-chleachtóir Ginearálta a thabhairt leo a rá go bhfuil siad aclaÁ chun tabhairt faoi mheasúnacht chorpacmhainne.

Agallamh

Iarrfar ar iarratasóirí a n-éiríonn leo ag an gcéim tástála corpacmhainne teacht chun agallamh a dhéanamh.

Imréiteach Slándála

Ceanglaítear ar gach iarratasóir ar liostáil sna hÓglaigh Chúltaca Foirm Toilithe a chomhlánú a thabharfaidh, de bhun Alt 8 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, údarás don Gharda Síochána ráiteas a thabhairt d’Óglaigh na hÉireann nach bhfuil aon chiontuithe taifeadta i gcoinne iarratasóra, nó ráiteas ciontuithe, de réir mar a bheidh.

Scrúduithe Dochtúra

Ní mór go mbeadh meabhairshláinte mhaith agus sláinte chorpartha mhaith ag Iarratasóirí, agus iad slán ó mháchail fhisiceach, mhínormáltacht, riocht fhiseolaíoch nó stair trombhreoiteachta ar dócha go gcuirfeadh siad siad isteach ar fheidhmiúlacht éifeachtúil a ndualgas.

Fianú

Nuair a bheidh na seiceálacha Slándála agus Leighis go léir curtha i gcrích go sásúil, is féidir le hiarratasóirí a fhianú isteach sna hÓglaigh Chúltaca. Áiríonn an próiseas sin mionn a mhóidiú nó a dhearbhú, agus ansin cóip den mhionn a shíniú. Tá an t-iarratasóir anois ina bhall de na hÓglaigh Chúltaca, agus eisÁtear uimhir agus éide airm dó/di sna seachtainí dar gcionn.