Skip to main content

An Méid a Gheallain Tusa

De ghnáth, téann Aonaid Fórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh ar paráid ar a gcuid láithreán uair sa tseachtain ar feadh dhá uair an chloig

  • Tráthnónta Dé Máirt i mBaile Átha Cliath & Corcaigh
  • Tráthnónta Dé Céadaoin i Luimneach & Port Láirge

Chomh maith le hoícheanta paráide gach seachtain, eagraíonn Aonaid Fórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh laethanta Allamuigh (Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh) a mhaireann thart ar ocht n-uaire agus/nó traenáil deireadh seachtaine Dé Sathairn & Dé Domhnaigh.

Téann aonaid i mbun patróil ina gcuid limistéar Calaidh féin le linn oícheanta na seachtaine agus le linn traenála ar an deireadh seachtaine chun tacú le hOibríochtaí Cabhlaigh. Tacaíonn Aonaid NSR le traenáil, Freachnaimh agus oibríochtaí an PDF.

Beidh ort an traenáil agus an Gealltanas Deonach seo a leanas a chur i gcrích gach bliain.

48 n-uaire traenála ar an iomlán a chur i gcrích agus 12 uaire ar a laghad de sheirbhís dheonach gan phá a dhéanamh.

Agus a chur i gcrích go rathúil:

  • Tástáil Bhliantúil Armán Pearsanta
  • Scrúdú dochtúra de réir mar a thugtar sainmhíniú ina leith i Rialacháin Óglaigh na hÉireann
  • Tástáil Aclaíochta Bhliantúil de réir Rialacháin Óglaigh na hÉireann

Is féidir an líon uaireanta deonacha atá ag teastáil a shaothrú trí 

  • Páirt a ghlacadh i bhFreachaimh Óglaigh na hÉireann i Ról Tacaíochta Comhraic, Tacaíochta Comhraic nó Seirbhísí Comhraic chomh maith le Plean Traenála an Aonaid.
  • Dualgais Slándála a chur i gcrích.
  • Dualgais Searmanais.
  • Oibríochtaí chun Cuidiú leis an Údarás Sibhialta.
  • Tréimhsí a chaitheamh mar theagascóir ar ghníomhaíochtaí traenála nó ar chúrsa teagaisc ceadaithe ina bhfuil daltaí ó na Buan Óglaigh agus ó na hÓglaigh Cúltaca nuair atá scil faoi leith ag an teagascóir.
  • Dualgais riaracháin nó lóistíochtúla.
  • Dualgais eile a mheasann an Ceannasaí Aonaid a bheith cuí agus atá ceadaithe ag an slabhra ceannasaíochta.

Campaí Samhraidh

I ndiaidh traenáil bhunúsach a chur i gcrích, féadfaidh comhaltaí NSR cúrsaí a chur i gcrích laistigh d'ionaid traenála na Seirbhíse Cabhlaigh nó Óglaigh na hÉireann.

Seo a leanas gnáthchúrsaí Cabhlaigh a bhíonn ar fáil do phearsanra NSR;

  • Garchabhair Bhunúsach
  • Comhrac Dóiteáin Bunúsach agus Rialú Damáiste
  • Cúrsa maidir le Teicnící Marthanais do Phearsanra
  • Cúrsaí maidir le Báid Inséidte Cabhail Dhocht
  • Cúrsa maidir le Láimhsiú Sábháilte

Eagraíonn aonaid Freachnamh Rialála Calaidh, seacht lá, gach bliain ina láthair féin.