Skip to main content

An Scoil Innealtóireachta Míleata

School of Military Enginering

Misean

Cuireann an Scoil Innealtóireachta Míleata (SME) oideachas agus traenáil ghairmiúil mhíleata ar fáil do gach duine de Chór Innealtóirí (COE) Óglaigh na hÉireann (DF) agus do phearsanra eile de réir mar is gá sna réimsí Soghluaisteachta, Frith-Shoghluaisteachta, Marthanachta, agus Innealtóireachta Ginearálta; feidhmíonn sí mar CBRN Ionad Barr Feabhais Óglaigh na hÉireann do chúrsaí “cuir oiliúint ar na hoiliúnóirí"; cuireann sí comhairle agus traenáil innealtóireachta míleata ar aonaid agus ar phearsanra a bhíonn á n-ullmhú féin d’imscaradh thar lear; cuireann sí traenáil in innealtóireacht mhíleata ar fáil do choláistí agus do scoileanna eile de chuid Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann (DFTC); cuireann sí tacaíocht innealtóireachta míleata ar fáil do chleachtaí DFTC agus Óglaigh na hÉireann tríd is tríd de réir mar a iarrtar uirthi; cuireann teagascóir innealtóireachta míleata ar fáil don Choláiste Míleata; cuireann comhairle ar an Stiúrthóir Innealtóireachta agus ar aonaid COE eile maidir le cúrsaí innealtóireachta míleata; comhordaíonn agus tugann comhairle maidir le cleachtaí traenála innealtóireachta míleata, d'fhonn tacú le misin DFTC agus Óglaigh na hÉireann.

Fís Straitéiseach

Díríonn an SME go príomha ar thraenáil, oideachas agus meantóireacht do chomhaltaí an Chóir. Ról bunúsach atá aige freisin ná pearsanra Óglaigh na hÉireann a ullmhú le páirt a ghlacadh i raon leathan oibríochtaí thar lear. Déanann an SME idirchaidreamh leanúnach le hairm eachtracha, agus le hinstitiúidí traenála, oideachais agus sibhialta le súil agus barr feabhais a chur ar fhoirceadal, eolas a roinnt agus cur le scileanna, a chuireann gnéithe iltoiseacha an phobail innealtóireachta a bhíonn ag síor-athrú, san áireamh. Tugann sin deis d’Óglaigh na hÉireann agus don COE a gcuid pearsanra a dhéanamh inniúil i scileanna sain-dírithe ar aghaidh a thabhairt ar mhisin dúshlánacha thar raon leathan réimsí lena n-áirítear síochánaíocht láidir agus oibríochtaí daonnúla thar lear, chomh maith le tacú le rialtais áitiúla.

Croí-Ghníomhaíochtaí

Cuireann an SME oiliúint innealtóireachta comhraic agus ginearálta ar chomhaltaí Óglaigh na hÉireann sa lá atá inniu ann, agus cinntíonn go gcoimeádtar ardleibhéal saineolais innealtóireachta míleata. Déanann an SME comhordú ar dhá (2) Shain-Fhreachnamh Cuardaigh agus Glanta Innealtóirí agus ar aon (1) Fhreachnamh Oirbheartaíochta Innealtóireachta Comhraic do gach duine de phearsanra COE in Óglaigh na hÉireann gach bliain. Éascaíonn sin leis na gealltanais oibríochta go léir a chomhlíonadh, sa bhaile agus thar lear.

íirítear ar réimsí saineolais an SME:

  • Sainchuardach agus Glanadh Innealtóirí
  • Feasacht ar Mhianaigh, Cogaíocht agus Glanadh Daonnúil na Mianach
  • Tógáil Campaí, Cothabháil agus Innealtóireacht Cosanta Fórsaí
  • Soláthar Uisce agus Seirbhísí Sláintíochta
  • Cosc Dóiteáin, Comhrac Dóiteáin agus Oiliúint Dóiteáin Aitinn Uile-Airm
  • Taiscéalaíocht Innealtóireachta
  • Droicheadaíocht Mhíleata
  • Taithí ar an Uisce#
  • Scartálacha Pléascacha.