Skip to main content

An Scoil Iompair agus Cothabhála Feithiclí

Ráiteas Misin

Oiliúint agus oideachas a chur ar fáil do lucht foirne Óglaigh na hÉireann i ngach gné den tiomáint, den obair chothabhála agus d'úsáid feithiclí in Éirinn agus thar lear ionas go gcinntítear úsáid shábháilte éifeachtach as Feithiclí Míleata i ngach láthair oibriúcháin.

Fís Straitéiseach

Leanann an Scoil Iompair de threisiú leis an aisling atá ag an Stiúrthóireacht Iompair. Chun sin a thabhairt i gcrích, cuireann an Scoil Iompair oiliúint agus oideachas ar fáil maidir le gach réimse saineolais a bhaineann leis an gCór Iompair agus soirbhítear ar an gcaoi sin do mhisean an Chóir Iompair Tacaíocht Iompair Seirbhíse Comhraic a fhorbairt agus a choinneáil ar bun d'Óglaigh na hÉireann.

Bíonn an Scoil Iompair i ngleic leis an sár nós oibre sa tionscal i ndáil le gnéithe míleata agus gnéithe sibhialta araon den bhainistíocht iompair.

Tá dea-chaidreamh oibre cothaithe ag an Scoil Iompair le comhlachtaí sibhialta éagsúla, mar shampla an Institiúid Chairte Lóistíochta agus Iompair, FíS, an tíšdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus na gníomhaireachtaí Stáit eile. I réimse na hacadúlachta, cuireann an Scoil Iompair oiliúint ar dhaoine d'Óglaigh na hÉireann go mbíonn cáilíochtaí de leithéid an CPC i mbainistíocht tarlú bóthair agus an teastas ADR do thiománaithe Feithiclí Earraí Contúirteacha bainte amach acu.

Obair Lárnach

Cuireann an Scoil Iompair teagasc ar fáil chun freastal do riachtanais an Chóir Iompair agus Óglaigh na hÉireann i réimsí teicniúla agus sa thiomáint phraiticiúil a thagann faoi scáth réimse cúraim agus saineolais an Chóir, mar seo a leanas:

  • An oiliúint agus an tástáil ar fad maidir le feithiclí neamharmúrtha a thiomáint
  • An traenáil uile maidir le haisghabháil feithiclí in Óglaigh na hÉireann. - Chuir an Scoil Iompair daoine thar lear le scileanna breise a fhoghlaim le Roinn Cosanta an Ríochta Aontaithe freisin mar mheicneoirí aisghabhála d'aicme 1
  • Cúrsaí Gairme do lucht an Chóir Iompair
  • Cúrsaí oiliúna creidiúnaithe sa réim shibhialta. (CPC, ADR)
  • Oiliúint roimh ré i gcúrsaí iompair d'óglaigh atá le cur thar lear
  • Oiliúint theicniúil ar Mheicneoirí Feithiclí Troma Óglaigh na hÉireann. (Printíseach de chuid an Airm a bhuaigh gradam phrintíseach na bliana, an comórtas náisiúnta scileanna, sa bhliain 2012
  • Cúrsaí maidir le Cothabháil Theicniúil ar fheithiclí Óglaigh na hÉireann

Cuireann an Scoil Iompair oiliúint ar fáil do 4 phríomhghrúpa;

  • Daoine den Chór Iompair
  • Daoine d'Óglaigh na hÉireann seachas an Cór Iompair
  • Daoine ó ghníomhaireachtaí eile Stáit (e.g. An Garda Síochána, an tíšdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, etc.)
  • Daoine ó ghníomhaireachtaí sibhialta (e.g. Eagraíochtaí Neamhrialtais, Cór Frithgnímh Mhear, etc.)