Skip to main content

 Ceapachán Cheannasaí nua Acmhainní Daonna Straitéiseacha Óglaigh na hÉireann, an tUasal Declan Carville

Tá an tUasal Declan Carville ceaptha ina Cheannasaí nua Acmhainní Daonna Straitéiseacha in Óglaigh na hÉireann. Is ag obair leis an gcuideachta phoiblí theoranta PTSB a bhí an tUasal Carville sular thosaigh sé ag obair le hÓglaigh na hÉireann, áit a raibh sé ina Cheannasaí ar Fheidhmiú agus Comhpháirtíocht Gnó Acmhainní Daonna le cúig bliana anuas. Roimhe seo bhí sé ina Stiúrthóir Acmhainní Daonna ar an gcuideachta phoiblí theoranta FBD ar feadh níos mó ná sé bliana. Ar na róil a bhí aige roimhe seo, tá: Stiúrthóir Acmhainní Daonna do Dairygold Cooperative Society agus Ceannasaí Acmhainní Daonna sa chuideachta phoiblí theoranta, Aviva. Ó tharla gur d’oibrigh Declan i réimse na n-acmhainní daonna le linn a ghairme beatha ar fad, tabharfaidh sé go leor taithí leis chuig an ról seo ó thaobh dearadh, cur i bhfeidhm agus athrú straitéise.
COS_HoSHR3.copy

Sa ról nua sibhialtach a bheidh aige ina Cheannasaí Acmhainní Daonna Straitéiseacha Óglaigh na hÉireann agus é ag tuairisciú go díreach chuig an gCeann Foirne, beidh an tUasal Caville ina chomhalta d’fhoireann shinsearach bainistithe agus ceannaireachta Óglaigh na hÉ‏ireann agus de Choiste Bainistithe Straitéisigh Óglaigh na hÉireann. Agus é ag obair leis an bhfoireann shinsearach ceannaireachta agus bainistithe, tacóidh sé leis an gCeann Foirne go díreach agus déanfaidh sé claochlú Acmhainní Daonna straitéiseacha Óglaigh na hÉireann amach anseo atá dírithe ar dhaoine a chur chun cinn, a chumasú agus tacóidh sé leis i gcomhréir le Plean Gníomhaithe Ardleibhéil a cheadaigh an Rialtas.

 

Cuirfear ar chumas an Uasail Carville straitéis acmhainní daonna chomhtháite atá dírithe ar an todhchaí a leagan amach, a threorú, a chruthú, a chur in iúl agus a chur i gcrích chun tionchar a imirt ar na trí sheirbhís (an tArm, an tAerchór agus an tSeirbhís Chabhlaigh) agus ar Chúltaca Óglaigh na hÉireann faoi seach. Oibreoidh an tUasal Carville go dlúth leis na comhghleacaithe ar fad, le Ceannaireacht Óglaigh na hÉireann agus leis an Roinn Cosanta chun na hathruithe Acmhainní Daonna atá de dhíth a ailíniú agus a chur chun cinn chun Óglaigh na hÉireann a bheidh oiriúnach amach anseo a chur ar fáil.

 

Chas an tUasal Carville le Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, Dé Luain an 4 Meán Fómhair. Chuir an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy fáilte roimh cheapachán nua an Uasail Carville agus dúirt sé “Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Declan chuig ár bhfoireann shinsearach bainistithe, áit a gcuirfidh an taithí shuntasach éagsúil atá aige go mór le hÓglaigh na hÉireann. Sa ról nua a bheidh aige, treoróidh sé straitéis Acmhainní Daonna chomhtháite a bheidh dírithe ar dhaoine agus cuirfidh sé straitéis mar sin chun cinn agus beidh tionchar aige sin ar athrú dearfach a dhéanamh ar fud Óglaigh na hÉireann ina iomláine. Tá sé sin riachtanach lena chinntiú go leanfar leis an dul chun cinn i dtreo Óglaigh na hÉireann a bheidh oiriúnach don fheidhm atá leo agus ag a mbeidh na hacmhainní a bheidh comhionann le leibhéal uaillmhianta a dó.”

 

Tosóidh an Ceannasaí Acmhainní Daonna Straitéiseacha, an tUasal Declan Carville, i mbun oibre le hÓglaigh na hÉireann ar an 04 Meán Fómhair 2023.

 

CRÍOCH