Skip to main content

Bronnadh Céime 29ú Cúrsa Sciatháin na nOifigeach Óg: Ceiliúradh ar Bharrfheabhas sa Traenáil Mhíleata

Bhain 29ú Cúrsa Sciatháin na nOifigeach Óg cloch mhíle mhór amach inniu agus a gcuid sciathán míleata á mbronnadh orthu in Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill. Léiríonn an ócáid chinniúnach seo tiomantas, teacht aniar agus traenáil eisceachtúil na n-oifigeach óg seo agus iad ag dul isteach ina róil san Aerchór.
29th-Young-Officers-Wings

Léirigh na hoifigigh óga seo a ndúthracht agus a dtiomantas gan staonadh le linn a dtraenála fad a ndearna siad a mbealach trí chleachtaí, ionsamhlúcháin dhiana agus dúshláin a leagtar amach chun barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna agus iad a ullmhú chun tabhairt faoi na cúraimí atá amach rompu. Ó bheith ag baint máistreachta amach ar bhunphrionsabail eitlíochta go cumais cheannaireachta a fhorbairt, tá na caighdeáin is airde gairmiúlachta agus inniúlachta léirithe ag gach oifigeach.

Ba é Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, an Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor, a bhí i gceannas ar an searmanas bronnta céime, agus leag sé béim ar thábhacht an éachta seo sa phobal míleata. Nuair a gheobhaidh na hoifigigh óga seo a sciatháin, ní hamháin go dtabharfar aitheantas dóibh as na héachtaí aonair atá bainte amach acu ach tabharfar cuireadh dóibh freisin a bheith páirteach i dtraidisiún seirbhíse agus barr feabhais, traidisiún a bhí céad bliain ar an bhfód le déanaí.

Thréaslaigh an Ceann Foirne agus Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir leis na hOifigigh nuacháilithe agus ghuigh siad gach rath orthu agus iad ag glacadh na gcéad chéimeanna eile ina ngairmeacha mar phíolótaí.

Is éard a dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, “Tréaslaim lenár bpíolótaí nua san Aerchór as bhur Sciatháin a ghnóthú - léiriú ar bhur scil, bhur ndúthracht agus ar bhur dtoilteanas freagrachtaí na gné uathúla seo dár seirbhís don Stát a ghlacadh ar láimh. De réir mar a thugann sibh aghaidh ar an ré nua seo, bíodh sibh mórtasach agus sibh ag glacadh leis an réimse deiseanna a chuirfear ar fáil daoibh: deiseanna a dhéanfaidh sibh a fhorbairt mar Oifigigh agus mar phíolótaí agus a chuirfidh leis an méid a chuireann Óglaigh na hÉireann ar fáil don Stát. Tabhair faoi na deiseanna sin le díocas agus le gairmiúlacht agus bíodh sibh ag súil le seirbhís a dhéanamh don Aerchór, d’Óglaigh na hÉireann, agus d’Éirinn go calma.”

Dúirt Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, an Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor, “De réir mar a réitíonn píolótaí ó 29ú Cúrsa Sciatháin na nOifigeach Óg iad féin le tabhairt faoin gcéad ré eile dá ngairm eitlíochta míleata, déanfaidh siad amhlaidh le mórtas, onóir agus seasfaidh siad le luachanna an Aerchóir le dúthracht diongbháilte. Is mór an inspioráid do chách é a ndíograis dá ndualgas agus dá seirbhís don tír.  Tá tábhacht ar leith ag baint leis an lá seo do mhuintir na n-oifigeach a bhfuil céim bainte amach acu, céim a léiríonn toradh na mblianta atá caite acu féin ag tabhairt tacaíochta, ag tabhairt ugaigh agus i mbun íobartha. Bhí ról lárnach ag a ndíograis gan staonadh ar rath na n-oifigeach seo agus léiríonn an bronnadh céime seo a ndúthracht dhiongbháilte”.