Skip to main content

14 Deireadh Fómhair 2024 - Nuashonrú ó Óglaigh na hÉireann

Is féidir le hÓglaigh na hÉireann a dheimhniú go bhfuil tuairisc ar Choimeádaithe Síochánaíochta ar fad na hÉireann agus go bhfuil siad go maith.
mowag_uphill_lebanon

Leanann Coimeádaithe Síochána na hÉireann de bheith ag feidhmiú i dtimpeallacht chorraitheach, mhíshocair agus
dhothuartha.

Tá an dá thaobh sa choimhlint fós i mbun troda i Limistéar Oibríochta na
hÉireann agus i Limistéar Oibríochta níos leithne UNIFIL.

Leanann coimeádaithe síochána na hÉireann de mhonatóireacht agus de thuairisciú neamhspleách agus neamhchlaonta a
dhéanamh ar aon sárú a dhéanann na páirtithe uile atá i mbun troda ar Rún 1701
Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mar aon le seasamh neamhspleách agus
neamhchlaonta a choinneáil.

CRÍOCH

Nótaí d’Eagarthóirí:

Ní bheidh aon uasdátú eile ann inniu seachas sa gcás go dtiocfadh athrú mór ar chúrsaí.

Meabhraímid arís do na meáin faoin úsáid fhorleathan a bhaineann an dá pháirtí sa
choimhlint as oibríochtaí faisnéise agus faoin tábhacht a bhaineann leis an bhfaisnéis go léir
a dheimhniú sula bhfoilsítear í, agus go ndéanfaidh an oifig seo iarracht faisnéis a dheimhniú
de réir mar is gá.

Mar gheall ar an timpeallacht oibríochtúil agus mar gheall ar an gcás mar atá ar an talamh,
ní féidir linn aon iarratas ó na meáin chun cuairt a thabhairt ar an limistéar a cheadú, agus
cinnte dearfa, ní féidir linn cead a thabhairt do na meáin tréimhsí a chaitheamh in éineacht
leis an gCathlán. Anuas air sin, faraor níl aon bhealach ann faoi láthair inar féidir le
pearsanra atá imscartha sa Liobáin dul faoi agallamh.