Skip to main content

Glaoite ar Fhoireann Diúscartha Buamaí an Airm chun Iniúchadh a Dhéanamh ar Shubstaint Anaithnid

3.30in - Dé Luain an 04 Márta 2019
EOD_6

Níos luaithe inniu, ar iarratas ón nGarda Síochána, leagadh de chúram ar Fhoireann Diúscartha Buamaí an Airm substaint a raibh amhras faoi ag an Roinn Sláinte ar Shráid Bhagóid a scrúdú. Bhí an fhoireann ar an láthair ag 12.20pm.

Dhún an fhoireann an limistéar timpeall ar an láthair agus folmhaíodh an láthair fad is a bhí an fhoireann i mbun oibre. Rinneadh clúdach litreach ina raibh púdar a scrúdú ar an láthair agus chinn teicneoirí é a bheith neamh-chontúirteach. Tugadh ar láimh é ansin chuig an nGarda Síochána chun é a scrúdú tuilleadh. Fógraíodh an áit slán sábháilte agus d’fhág an fhoireann an láthair ag 2.30pm.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe amhrasta, nó ar shubstaintí a d'fhéadfadh a bheith guaiseach, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu.

Baineann glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na nithe seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-ghránáidí a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrastacha a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.

Léigh a tuilleadh faoi Fhoirne Diúscartha Buamaí Óglaigh na hÉireann

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Dé Luain an 4 Márta, 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach