Skip to main content

Freastalaíonn Foireann Diúscartha Buamaí an Airm ar Phléasc Buama Píopa

9:25in - Dé Domhnaiagh 03 Feabhra, 2019
EOD_6

Tráthnóna inniu, ar iarratas ón nGarda Síochána, leagadh de chúram ar Fhoireann Diúscartha Buamaí an airm ag 6.15pm an láthair inar phléasc buama píopa sa Chúlóg a scrúdú. Nuair a shroich an fhoireann an láthair, rinne siad anailís iar-phléisce uirthi. 

Cuireadh cordún i bhfeidhm le linn na hoibríochta ar mhaithe le sábháilteacht an phobail. Fógraíodh an áit slán sábháilte ag 7.50pm.

Sa chás go dtiocfadh daoine den phobal ar nithe amhrasta, nó ar shubstaintí guaiseacha, moltar dóibh fanacht glan orthu agus an Garda Síochána a chur ar an eolas fúthu.

Baineann glaonna eile a fhaigheann an tArm leis na nithe seo a leanas a scriosadh: gnáthmhuinisean mar shean-ghránáidí a dtagann an pobal orthu, ceimiceáin éagobhsaí, agus gairis amhrastacha a bhfaightear amach gur gairis bhréige iad.

Is féidir le grianghraif comhad foirne Diúscartha Buama a fheiceáil ar ár Flickr Channel


Dáta an Phreasráitis: Dé Sathairn, 03 Feabhra 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O’Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

Ríomhphost: Preasoifigeach