Skip to main content

Árthach Iascaigh Coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh

Dé hAoine, an 11 Eanáir 2019, 11.40am.
LÉ Samuel Beckett P61

Tráthnóna inné, choinnigh árthach na Seirbhíse Cabhlaigh, an LÉ Samuel Beckett árthach iascaigh atá cláraithe in Éirinn tuairim is 80 míle farraige amach ó chósta Thiar na hÉireann. Bhain an choinneáil le sárú a líomhnaítear a rinneadh ar rialacháin iascaireachta.

Rinne an LÉ Samuel Beckett an t-árthach a thionlacan go Gaillimh, agus tháinig siad isteach sa chuan ar maidin. Tugadh ar láimh ansin í don Gharda Síochána.

Is í seo an chéad árthach atá coinnithe ag an tSeirbhís Chabhlaigh in 2019. Seolann Óglaigh na hÉireann cigireachtaí iascaigh ar muir de réir comhaontú leibhéal seirbhíse idir an Roinn Cosanta agus an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara, mar chuid de na seirbhísí rialtais a chuirtear ar fáil don stát.


Dáta an Phreasráitis: Dé hAoine, an 11 Eanáir 2019

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le:

Preasoifigeach: An Ceannfort James O'Hara

Teil: 045 49 2502 , 045 49 2503

Fón Póca : 087 2482130

RÌomhphost: Preasoifigeach