Skip to main content

An Próiseas Iarratais

Is próiseas simplí é dul isteach i bhFórsa Cúltaca an Airm, ach mar sin féin, tá roinnt céimeanna tábhachtacha le glacadh a d'fhéadfadh roinnt ama a bheith i gceist leo.

  • Iarratas a Dhéanamh
  • Tástáil Chorpacmhainne
  • Agallamh
  • Imréiteach Slándála
  • Scrúdú Dochtúra
  • Fianú

Iarratas a Dhéanamh

Ní ghlactar le hiarratais ach trí www.military.ie. San fhoirm iarratais, cuirfear rogha de 26 láthair ar fáil duit maidir le Fórsa Cúltaca an Airm, agus 4 láthair maidir le Fórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh. Ní féidir ach láthair amháin a roghnú.

Cáilíochtaí

Níl aon cháilíochtaí oideachais foirmiúla ag teastáil chun dul isteach i bhFórsa Cúltaca an Airm i d'Earcach. Seachas teorainneacha aoise, is mar an gcéanna atá na critéir chun liostáil san RDF is atá chun liostáil san PDF maidir leis an tástáil chorpacmhainne, an scrúdú dochtúra agus an imréiteach slándála

Teorainneacha Aoise

Chun dul isteach san RDF ní mór duit a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus faoi aois 36 ar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Measúnú Corpacmhainne

Iarrfar ar gach iarratasóir san RDF measúnú corpacmhainne a chur i gcrích. Is é an measúnú corpacmhainne céanna a dtugann iarratasóirí faoi don PDF. Beidh ar iarratasóirí deimhniú a thabhairt leo ó dhochtúir teaghlaigh ina luaitear go bhfuil an t-iarratasóir corpacmhainneach chun tabhairt faoin measúnú corpacmhainne.

Agallamh

Iarrfar ar iarratasóirí a n-éireoidh leo sa tástáil corpacmhainne teacht chun agallaimh

Imréiteach Slándála

Beidh ar gach iarrthóir le haghaidh liostála san RDF Foirm Toilithe a chomhlánú agus a shíniú. De bhun Alt 8 den Acht um Chosaint Sonraí, 1988, beidh an Garda Síochána údaraithe le ráiteas a chur faoi bhráid Óglaigh na hÉireann, ag rá nach bhfuil aon chiontú taifeadta in aghaidh aon iarrthóra, nó ráiteas maidir le ciontuithe a chur faoi bhráid, de réir mar is cuí.

Scrúdú Dochtúra

Ní mór go mbeadh sláinte fhisiceach agus inchinne mhaith ag iarrthóirí, agus iad a bheith saor ó aon mháchail fhisiceach, mhínormaltacht, riocht fhíseolaíoch nó cúlra i ndáil le tinneas tromchúiseach a d'fhéadfadh cur isteach orthu a gcuid dualgas a chur i gcrích ar mhodh éifeachtúil.

Fianú

Nuair a bheidh gach scrúdú Slándála agus Dochtúra tugtha chun críche go sásúil, féadfar iarrthóirí a fhianú isteach san RDF. Tá mionn a ghlacadh nó a fhógairt, agus cóip den mhionn a shíniú ina dhiaidh sin, mar chuid den phróiseas sin. Ag an staid sin is ball d'Fhórsa Cúltaca an Airm an t-iarrthóir, agus eisítear uimhir airm agus éide dó nó di i rith na seachtainí ina dhiaidh sin.