Traenáil d'Earcaigh
Cuirtear Traenáil d'Earcaigh i gcrích sa Bhunáit Chabhlaigh, Inis Sionnach, Co. Chorcaí. Bíonn ceithre (4) dheireadh seachtaine de thraenáil gan phá i gceist, chomh maith le 14 lá de thraenáil leanúnach íoctha, agus dhá (2) dheireadh seachtaine de thraenáil íoctha ina dhiaidh sin. Foghlaimeoidh tú scileanna nua éagsúla de leithéid:
- Druil Choise
- Druil Armán
- Aimsitheoireacht Raidhfil ar raidhfil Styer Aug 5.56mm
- Cáilíocht a bhaint amach i Raidhfil Styer a scaoileadh
- Mairnéalacht Bhunúsach
- Corpoideachas
- Stair na Seirbhíse Cabhlaigh
- Céimeanna Óglaigh na hÉireann
- Struchtúr Óglaigh na hÉireann
Is ar an deireadh seachtaine deireanach a mbeidh an pharáid cáilithe ar bun ag do Rang Earcach sa Bhunáit Chabhlaigh.
Ní mór duit freastal ar gach traenáil d'Earcaigh agus na scrúduithe scríofa/ praiticiúla a bhaint amach chun do thraenáil Earcaíochta Cúltaca a chur i gcrích go rathúil.
Traenáil d'Oifigeach Neamhchoimisiúnaithe (NCO)
Cuirtear traenáil gairme NCO i gcrích sa Bhunáit Chabhlaigh. Baineann cúraimí agus dúshláin faoi leith le gach cúrsa a mbíonn achair éagsúla i gceist leo. Is laethanta traenála íoctha na laethanta seo.
- Trí chúrsa NCO Ionchasach a chur i gcrích, rachaidh tú ó a bheith i do Mhairnéalach Inniúil go Mairnéalach Ceannais.
- Trí ghnáthchúrsa NCO a chur i gcrích, rachaidh tú ó bheith i do Mhairnéalach Inniúil go Mionoifigeach
- Trí chúrsa NCO Sinsearach a chur i gcrích, rachaidh tú ó bheith i do Mhionoifigeach go Ard-Mhionoifigeach agus Ard-Mhionoifigeach Sinsearach
I ndiaidh traenáil bhunúsach a chur i gcrích, féadfaidh comhaltaí NSR cúrsaí a chur i gcrích laistigh d'ionaid traenála na Seirbhíse Cabhlaigh nó Óglaigh na hÉireann.
Seo a leanas gnáthchúrsaí Cabhlaigh a bhíonn ar fáil do phearsanra NSR;
- Garchabhair Bhunúsach
- Comhrac Dóiteáin Bunúsach agus Rialú Damáiste
- Cúrsa maidir le Teicnící Marthanais do Phearsanra
- Cúrsaí maidir le Báid Inséidte Cabhail Dhocht
- Cúrsa maidir le Láimhsiú Sábháilte
- Eagraíonn aonaid Freachnamh Rialála Calaidh, seacht lá, gach bliain ina láthair féin.
Traenáil d'Oifigigh NSR
Riachtanais Iarrthóirí
Critéir cháilíochta lena meas mar Oifigigh NSR ( faoi na rialacháin reatha R5):
- NCOnna a léirigh cumas agus nádúr faoi leith lena gCoimisiúnú ina nOifigeach
- Gan bheith níos sine na 35 bliain d'aois an lá a mbeidh an t-agallamh ar siúl don chúrsa d'Oifigigh
- A bheith molta ag Bord Agallaimh
- Cúrsa traenála d'Oifigigh a chur i gcrích
Traenáil d'Oifigigh NSR
Tá an siollabas roinnt i 11 tábla:
- Sláinte agus sábháilteacht
- Oifigeach an lae agus oifigeach ar dualgas
- Modhanna Teagaisc
- Cinnireacht
- Riarachán agus dlí míleata
- Dualgais Foirne
- Bainistíocht Acmhainní Daonna
- Nósanna imeachta Iascach
- Dualgais Oifigeach Teagmhála
- Traenáil ar Phiostal
- Druil Claímh