Skip to main content

An Próiseas Iarratais

Is próiseas simplí é dul le Fórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh, ach mar sin féin, tá roinnt céimeanna tábhachtacha le glacadh a d'fhéadfadh roinnt ama a thógáil.

  • Iarratas a Dhéanamh
  • Tástáil Corpacmhainne
  • Agallamh
  • Imréiteach Slándála
  • Scrúdú Dochtúra
  • Fianú

Iarratas a Dhéanamh

Ní ghlactar le hiarratais ach trí www.military.ie. Tabharfar rogha 4 láthair duit ar an bhfoirm iarratais. Ní féidir ach láthair amháin a roghnú.

Cáilíochtaí

Níl aon cháilíochtaí oideachais foirmiúla ag teastáil chun dul le Fórsaí Cúltaca Óglaigh na hÉireann i d'Earcach. Seachas teorainneacha aoise, is mar an gcéanna na critéir chun liostáil san RDF is chun liostáil san PDF maidir leis an tástáil corpacmhainne, an scrúdú dochtúra agus an t-imréiteach slándála.

Teorainneacha Aoise

Chun dul le Fórsa Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh ní mór duit a bheith idir ## mbliana d'aois agus ## d’aois  an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Measúnú Corpacmhainne

Iarrfar ar gach iarratasóir san NSR measúnú corpacmhainne a thabhairt i gcrích. Is é an measúnú corpacmhainne céanna a dtugann iarratasóirí faoi do na Buan-Óglaigh. Beidh ar iarratasóirí deimhniú a thabhairt ó dhochtúir teaghlaigh ina luaitear go bhfuil an t-iarratasóir corpacmhainneach chun tabhairt faoin measúnú corpacmhainne.

Agallamh

Iarrfar ar iarratasóirí a n-éireoidh leo sa tástáil corpacmhainne teacht chun agallaimh

Imréiteach Slándála

Beidh ar gach iarrthóir atá ag iarraidh liostáil san NSR Foirm Toilithe a chomhlánú agus a shíniú. Údaraítear leis an bhfoirm sin, de bhun Alt 8 den Acht um Chosaint Sonraí 1988, an Garda Síochána chun ráiteas a chur faoi bhráid Óglaigh na hÉireann, ag rá nach bhfuil aon chiontú taifeadta in aghaidh aon iarrthóra, nó ráiteas maidir le ciontuithe a chur faoi bhráid, de réir mar is cuí.

Scrúdú Dochtúra

Ní mór an tsláinte fhisiceach agus inchinne a bheith go maith ag iarrthóirí, agus iad a bheith saor ó aon mháchail fhisiceach, mhínormaltacht, riocht fhiseolaíoch nó cúlra i ndáil le tinneas tromchúiseach a d'fhéadfadh cur isteach orthu a gcuid dualgas a chur i gcrích ar bhealach éifeachtúil.

Fianú

Nuair a bheidh gach scrúdú Slándála agus Dochtúra tugtha chun críche go sásúil, féadfar iarrthóirí a fhianú isteach san NSR. Tá mionn a ghlacadh nó a fhógairt, agus cóip den mhionn a shíniú ina dhiaidh sin, mar chuid den phróiseas sin. Ag an staid sin is comhalta d'Fhórsa Cúltaca Óglaigh na hÉireann an t-iarrthóir, agus eisítear uimhir airm agus éide dó nó di i rith na seachtainí ina dhiaidh sin.

Tabhair ar Aird: Glacfaidh an próiseas roghnúcháin don NSR 4 mhí ar a laghad.