Skip to main content

JTF 'FORTITUDE'

CAD IS COMH-THASCFHÓRSA ANN?

Go simplí is éard is Comh-thascfhórsa (JTF) grúpa míleata atá bunaithe cheana mar chuid d’fhórsa míleata nó, mar atá i gcás Óglaigh na hÉireann, a chuirtear i dtoll a chéile do chuspóir ar leith go ceann tréimhse ar leith. Is ionann an ‘Comh’ is tagairt do chomhdhéanamh an Tascfhórsa. Is téarma míleata é ar fhórsaí coimhdeacha san Arm, sa tSeirbhís Chabhlaigh agus san Aerchór a thagann le chéile d’oibríochtaí i gcomhar faoi aon struchtúr ceannasaíochta amháin. Oibríocht ‘FORTITUDE’ atá tugtha ar an bhfreagra míleata seo.

I gcás COVID-19, cuirfidh JTF, de réir acmhainní agus cumais, Cúnamh ar fáil do na hÚdaráis Shibhialta (ATCA). Tacóidh sé le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais (tabharfar tosaíocht don Roinn Sláinte agus d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) trí phearsanra agus trealamh a chur ar fáil i ndáil le raon iarrataí ar chúnamh.

Tá an Briogáidire-Ghinearál Kevin Campion ceaptha ag an Rialtas ina Cheannasaí ar an JTF. Beidh aon chuid den Arm, den Aerchór nó den tSeirbhís Chabhlaigh a thiocfaidh le chéile chun tabhairt faoin oibríochtaí faoi cheannas an Ghinearáil Cleary feadh an t-achar a mbeidh siad i mbun oibre le linn na héigeandála Sláinte Poiblí.

CÁ BHFUIL SÉ LONNAITHE AGUS MAR A OIBRÍONN SÉ?

Tá ceanncheathrú an JTF lonnaithe i nDún Mhic Aodha, Ascaill an Chiardhuibh, Baile Átha Cliath 7 agus tá foireann de suas le 40 pearsanra míleata ann. An 19 Márta 2020 a bunaíodh é agus bhí sé i mbun oibríochta go hiomlán an 26 Márta. Tá an Ceanncheathrú an JTF ag freagairt do gach tasc a bhaineann le COVID-29 ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag ullmhú pleananna teagmhasacha i leith iarratais a mbeadh súil leo amach anseo ón Phríomhghníomhaireachtaí Freagartha (PRAnna) agus ó údaráis shibhialta.

Chomh maith leis sin tá gné ‘idirghníomhaireachta’ ag baint leis an JTF agus má iarrtar sin féadfaidh an JTF freastal ar an Rialtas agus ar ghníomhaireachtaí agus údaráis eile i nDún Mhic Aodha.

Féach nasc chuig ábhar JTF ar Military.ie: COM JTF