Skip to main content

COM- JTF

Brig-Gen-Campion

AN BR GIN KEVIN CAMPION go Ceannasaí, Comh-thascfhórsa.

 

Taithí Mhíleata

 

Tá seirbhís déanta ag an mBriogáidire-Ghinearál Campion i réimse leathan ceapachán ceannais agus foirne ag leibhéal an Aonaid, na Briogáide agus Cheanncheathrú Óglaigh an hÉireann. Bhí sé i gceannas ar an gCéad Chathlán Coisithe agus d’fhóin sé ina Cheannfort Scoile sa Scoil Coisithe agus ina Stiúrthóir Coisithe.

Seirbhís Thar Lear

 

Tá ocht dturas dualgais curtha isteach ag an mBriogáidire-Ghinearál Campion thar lear. Áirítear air seo seirbhís sa tSiria (UNTSO), i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (MONUC), sa Libéir (UNMIL) agus sa Chosaiv (KFOR). Tá ceithre thuras dualgais curtha isteach aige sa Liobáin (UNIFIL) lena n-áirítear ceannas ar 45ú Grúpa Coisithe.

 

Oideachas

 

Bhain an Briogáidire-Ghinearál Campion céim amach ó Scoil Cheannais agus Foirne na hÉireann. Tá Baitsiléir Ealaíon ó Ollscoil na Gaillimhe aige. Tá Céim Máistir aige i gCeannaireacht, Bainistíocht agus i Léann Cosanta ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Céim Máistir i gCaidreamh Idirnáisiúnta ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

 

Eolas Pearsanta

 

Tá an Briogáidire-Ghinearál Campion pósta le Eva. Tá beirt mhac agus iníon acu agus tá cónaí orthu i gContae na Gaillimhe. Taitníonn léitheoireacht, taisteal agus raon leathan spórt leis an mBriogáidire-Ghinearál Campion.