Skip to main content

Scoil Phóilíní an Airm

Misean

Feidhmeoidh Scoil Póilíní an Airm raon leathan agus éifeachtach de chúrsaí traenála do Phóilíní an Airm a fhreastalóidh ar riachtanais oibríochta Póilíní an Airm. Bainfear sin amach trí phearsanra inniúil, gairmiúil agus dea-oilte a chur ar fáil do thascanna ar an oileán agus do thascanna imscartha mar a shanntar iad ag Propast-Mharascal Póilíní an Airm.

Fís Straitéiseach

Is é fís Scoil Póilíní an Airm “cabhrú leis an bPropast-Mharascal Cór Póilíní an Airm a choimeád a bheidh spreagtha, feidhmiúil agus gairmiúil tríd an eolas agus na scileanna is gá a thabhairt do phearsanra Póilíní an Airm in Éirinn. Cuirfidh sin Tacaíocht Póilíní an Airm ar fáil chun cabhrú le Misean Óglaigh na hÉireann a bhaint amach”.

Is í fís Chór Póilíní an Airm an bunús do Spriocanna Straitéiseacha Scoileanna Póilíní an Airm, a athshonraítear anseo thíos:

  • Cabhrú le Propast-Mharascal Póilíní an Airm, Cór Póilíní an Airm láidir agus gairmiúil a chur ar fáil d’Óglaigh na hÉireann, trí chumas Phóilíní an Airm a chothabháil agus a fheabhsú trí thraenáil caighdeánaithe, ardcháilíochta don Chór a chur ar fáil
  • Chun oideachas, oiliúint agus cleachtadh a thabhairt do ONCanna/Oifigigh Chór Póilíní an Airm, idir PDF agus RDF, d’fhonn acmhainneacht an duine aonair agus comh-ullmhacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht feidhmiúil an ghrúpa, a fhorbairt agus a uasmhéadú
  • Chun an cumas a thabhairt do líon dóthanach de phearsanra Póilíní an Airm cur go suntasach le bainistiú géarchéime i dtacaíocht síochána ilnáisiúnta agus le hoibríochtaí daonnúla
  • Chun nuachóiriú agus comh-inoibríocht, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta, de chuid Chór Póilíní an Airm in Éirinn a bhrú chun cinn trí inniúlachtaí nua a fháil ag teacht leis na caighdeáin ghairmiúla is airde agus is féidir.

Croí-Ghníomhaíochtaí

Ag teacht le fís straitéiseach Scoil Póilíní an Airm, reáchtáiltear cúrsaí traenála sonracha do chomhaltaí Chór Póilíní an Airm in Éirinn d’fhonn “cabhrú leis an bPropast-Mharascal Cór Póilíní an Airm dea-oilte, spreagtha, feidhmiúil agus gairmiúil a chothabháil.

De réir Sprioc Straitéiseach 4, comhoibríonn Scoil Póilíní an Airm go dlúth le Gníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais a bhfuil baint acu le gach gné de Choiriúlacht a Bhraith agus a Chosc, mar shampla:

  • Oifig Phaiteolaí an Stáit
  • Biúró Teicniúil an Gharda Síochána
  • Biúró an Gharda Síochána um Imscrúdú Calaoise
  • Aonad Drugaí an Gharda Síochána
  • An tSaotharlann Dlí-Eolaíochta
  • Custaim agus Mál
  • Na Coimisinéirí Ioncaim
  • Seirbhís Príosún na hÉireann

Déanann Scoil Póilíní an Airm a stádas mar Ionad Barr Feabhais a aithnítear go hidirnáisiúnta a choimeád trína hEolas agus Ábhar Foirceadlach féin a thabhairt cothrom le dáta trí pháirt a ghlacadh i gCúrsaí Póilíní an Airm Coigcríche agus trína Cúrsa Póilíní an Airm Idirnáisiúnta féin a reáchtáil.