Skip to main content

An Scoil Riaracháin Mhíleata

An Scoil Riaracháin Mhíleata

Is comhscoil de chuid an Choláiste Mhíleata í an Scoil Riaracháin Mhíleata (MAS) agus chun críocha traenála tá sí roinnte isteach i trí rannóg. Cuimsíonn gach rannóg a cuid ball foirne ardoilte féin. Le roinnt blianta anuas, de bharr athruithe i bpearsanra agus i gcleachtais agus rialacháin bhainistíochta lóistíochta ar fud Óglaigh na hÉireann fágann sé go bhfuil méadú tagtha ar aschur traenála na scoile agus mar thoradh air sin tá gá le hidirghníomhaíocht níos mó idir rannóga éagsúla laistigh den Scoil.

Is féidir cur síos a dhéanamh ar Riarachán Míleata, mar a bhaineann sé le hÓglaigh na hÉireann, mar na gnóthaí míleata uile nach bhfuil san áireamh i straitéis agus oirbheartaíocht, a eagrú, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm. Go príomha baineann an téarma sin le hacmhainní daonna, le seirbhísí pearsanra agus le lóistíochtaí. Cuireann an Scoil Riaracháin Mhíleata an traenáil is gá ar fáil sna réimsí sin uile ar mhaithe le cuspóirí straitéiseacha Óglaigh na hÉireann a chur chun cinn agus béim níos mó á cur ar ardbhainistíocht pearsanra agus lóistíochtaí.

Fís Straitéiseach

Cuirfidh an Scoil an caighdeán oideachais mhíleata agus traenála míleata is airde is féidir ar fáil, de réir teoirice Óglaigh na hÉireann, ag cinntiú go gcuirtear an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí ar fáil do gach mac léinn ar chúrsaí gairme, teagascóra agus eile chun ceapacháin ábhartha a líonadh go héifeachtúil mar chuid d’Aonaid Óglaigh na hÉireann sa bhaile nó nuair a bhíonn siad ar imscaradh in éineacht le fórsaí ilnáisiúnta ar oibríochtaí thar lear.

Os cionn gach breithniúcháin eile atá ag MAS is ea timpeallacht a chothabháil a chuideoidh leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim ar mhaithe leis an bhfoireann agus na mic léinn araon a bhíonn páirteach sna cúrsaí oideachais mhíleata agus traenála míleata ar fad. Creidimid go mbraitheann feidhmiúchán MAS ar deireadh, ar inniúlacht, tiomantas agus seasmhacht na foirne seo againne agus go ndéantar na buanna sin a fhorbairt go príomha tríd an oideachas agus an traenáil.

Tugann oideachas, traenáil agus forbairt foirne deiseanna do gach ball foirne a chuid acmhainní a léiriú, a lánacmhainneacht a bhaint amach agus sásamh níos mó a bhaint as a phost. Tabharfaidh foireann atá ard-spreagtha agus gairmiúil an deis do na mic léinn uile a bhíonn ag freastail ar chúrsaí sa MAS a gcuid cuspóirí pearsanta féin a bhaint amach agus cuirfidh an méid sin go mór leis an bhfeidhm riaracháin ar fud Óglaigh na hÉireann.

Príomhghníomhaíochtaí

Reáchtálann an Scoil Riaracháin Mhíleata cúrsaí sna réimsí seo a leanas:

  • Bainistíocht Pearsanra ('A' Riarachán)
  • Bainistíocht Lóistíochtaí ('Q' Riarachán)
  • Córais Faisnéise Oifige (IT)
  • Bainistíocht Bialainne