Níos luaithe inniu, bhí an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, T.D. agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy i láthair ag searmanas comórtha chun céad bliain ó thug an Bhreatain Dún Chathail Brugha ar lámh d’Fhórsa na hÉireann ar an 17 Bealtaine 1922.
Níos luaithe inniu, bhí an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, T.D. agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy i láthair ag searmanas comórtha chun céad bliain ó thug an Bhreatain Dún Chathail Brugha ar lámh d’Fhórsa na hÉireann ar an 17 Bealtaine 1922.
Chun an lá mór sin sa stair a chomóradh, mháirseáil slua ionadaíoch ón 7ú Cathlán Coisithe agus aonaid ó Dhún Chathail Brugha tríd an bpríomhgheata ag meán lae, faoi stiúir Bhanna Uimh.1 an Airm agus thareitilt ón Aerchór ina dteannta. Labhair an Ginearáloifigeach, an 7ú Cathlán Coisithe, an Leifteanant-Choirnéal David McNamara leis an bparáid agus leagadh bláthfhleasc in ómós dóibh sin go léir a d’fhóin i nDún Chathail Brugha le linn an chéid. Cuireadh an Bratach Náisiúnta ar foluain go hArdchrann agus casadh an t-amhrán náisiúnta.
Ag labhairt dó ag an imeacht, mhínigh an tOifigeach i gCeannas ar an gCartlann Mhíleata, an Ceannfort Daniel Ayiotis, an tábhacht stairiúil a bhaineann leis na dúin i dtaobh thréimhse réabhlóideacha na hÉireann agus cathair Bhaile Átha Cliath. “Mar aon le Caisleán Bhaile Átha Cliath nó Teach an Ardmhéara, is príomhláthair é Dún Chathail Brugha maidir leis an stair a bhaineann le tréimhse réabhlóideach na hÉireann agus Cathair Bhaile Átha Cliath araon”.
Lean an Ceannfort Ayiotis ar aghaidh “Céad bliain ó shin inniu, mháirseáil fir ó aonad an Dublin Guard - arbh iad na chéad saighdiúirí airm Náisiúnta iad in éide airm - tríd an ngeata agus mháirseáil Reisimint Worchestershire amach. Ghlac an Ceannfort-Ghinearál Tom Ennis agus an Ceannfort-Choirnéil Frank Thornton, a raibh creidiúintí dáiríre réabhlóideacha acu, leis an tabhairt ar lámh ón Maor Clarke. B’ionann tabhairt ar lámh an dúin mhíleata i 1922 agus pointe cinniúnach sa stair mhíleata, shóisialta agus náisiúnta. B’ionann imeacht gharastún na Breataine - an léiriú fisiciúil ar chumhacht na Breataine in Éirinn - agus deireadh le seacht gcéad bliain de rialú coilíneach.”