Skip to main content

Searmanas Coimisiúnaithe Oifigeach 99ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh

D’fhreastail an Tánaiste agus an tAire Cosanta Micheál Martin TD agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant Ginearálta Seán Clancy, ar Shearmanas Coimisiúnaithe an 99ú Rang Daltaí sa Choláiste Míleata, Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann Dé Céadaoin an 17 Aibreán 2024.
99th-Cadet-Class

Lá bródúil, tábhachtach a bhí ann do chomhaltaí 99ú Rang Daltaí na Seirbhíse Cabhlaigh agus a gCoimisiúin á bhfáil acu i searmanas os comhair a dteaghlach, cairde agus daoine den phobal. Seo é a luach saothair i ndiaidh 18 mí de thraenáil dhian chrua mhíleata a bheith tugtha chun críche acu. 

 

Chuir an 99ú Rang Daltaí tús lena dtraenáil ar an 02 Samhain 2022 sa Choláiste Míleata in Ionad Traenála Óglaigh na hÉireann. Is iomaí dúshlán míleata, oirbheartaíochta, fisiciúil agus acadúil atá curtha díobh acu le 18 mí anuas agus iad ag traenáil le bheith ar na ceannairí is nuaí ar Óglaigh na hÉireann. Tar éis dóibh a gCoimisiúin a fháil rachaidh siad i mbun a róil nua ina nOifigigh san Arm, san Aerchór, sa Chór Ordanáis, sa Chór Innealtóra, sa Scoil Eachaíochta agus i bhFórsaí Armtha Mhálta.  

 

Bronnadh Claíomh ARCO ar an Leifteanant Kieran Kilbane mar aitheantas ar an Dalta is Fearr le linn an thréimhse na traenála a bheith bainte amach aige.

 

Rinne an Tánaiste agus an Ceann Foirne comhghairdeas leis na hoifigigh nua-choimisiúnaithe agus ghuigh siad gach rath orthu sa ghairm bheatha atá amach romhaibh mar Oifigigh sna Buan-Óglaigh.

 

Dúirt Micheál Martin, an Tánaiste agus an tAire Cosanta: "Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le 42 comhalta an 99ú Rang Daltaí agus le 41ú Rang Daltaí an Aerchóir as bheith ina n-oifigigh nua-choimisiúnaithe. Is céim mhór ina n-aistear an lá inniu laistigh de thraidisiúin mhóra Óglaigh na hÉireann. Leis an ngairm mhíleata tagann comrádaíocht, rochtain ar fhorbairt phearsanta agus raon spreagúil eispéireas anseo sa bhaile agus thar lear. Is iad comhaltaí Óglaigh na hÉireann an tsócmhainn is mó atá aige agus tá siad ríthábhachtach chun an clár claochlaithe atá beartaithe d’Óglaigh na hÉireann a sheachadadh go rathúil sna míonna agus sna blianta amach romhainn.”

 

Dúirt an Ceann Foirne, an Leifteanant Ginearálta Seán Clancy: "Inniu, de réir mar a fhaigheann sibh bhur gcoimisiúin, tugann sibh faoi chosán iontach seirbhíse don náisiún. Níl aon teorainn leis na deiseanna atá romhaibh - deiseanna chun ceannaireacht a dhéanamh sa bhaile agus thar lear, chun cur leis an oiliúint den scoth atá faighte agaibh le 18 mí anuas, agus chun fónamh agus cur le hÓglaigh na hÉireann go macánta. Cuireadh de chúram oraibh seasamh lenár luachanna trínár n-éide a chaitheamh agus an fhreagracht a ghabhann leis seo a iompar, agus táim cinnte de go ndéanfaidh sibh é sin le bród agus dúthracht. Tapaigh na deiseanna atá romhaibh le misneach agus le dúthracht, óir is sibhse todhchaí Óglaigh na hÉireann. Comhghairdeas libh agus fearaim fáilte roimh na hOifigigh nua."