Skip to main content

Reáchtáladh Searmanas Comórtha Céad Bliain ag bunáit Aerchór na hÉireann

D’fhreastail Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy agus an Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor ar shearmanas tabhairt ar lámh míleata Aeradróm Bhaile Dhónail níos túisce inniu.
AC-Copy

Reáchtáladh Searmanas Comórtha Céad Bliain ag bunáit Aerchór na hÉireann

D’fhreastail Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy agus an Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor ar shearmanas tabhairt ar lámh míleata Aeradróm Bhaile Dhónail níos túisce inniu.

Mar chuid den searmanas, ar ar fhreastail breis is 1,000 pearsanra seirbhíse agus pearsanra iar-sheirbhíse, bhí comhlacht ionadaíoch de phearsanra Aerchór na hÉireann ag máirseáil go siombalach tríd an bpríomhgheata bunaidh ag 12.00pm.  Leagadh bláthfhleasc chun na daoine a básaíodh le linn seirbhíse le Céad Bliain anuas a chomóradh agus ina dhiaidh sin ardaíodh na Dathanna Náisiúnta agus rinneadh tareitilt searmanais.

Chuimhnigh, agus é ag labhairt ag an imeacht, an Ginearáloifigeach i gCeannas an Aerchóir, Briogáidire-Ghinearál Rory O’Connor orthusan a bhí ann “sular mháirseáil fórsaí na hÉireann isteach agus sular ghlac siad ceannas ar an gCampa ar an 03 Bealtaine 1922 agus is é Baile Dhónail bunáit Aerchór na hÉireann ó shin i leith. Is de bharr na ndaoine sin a shiúil trí na geataí seo agus a bhí i mbun seirbhíse ar feadh na mblianta, an chuid is mó díobh a thug os cionn na ndeicheanna de bhlianta, is cúis le dúthracht phearsanra Aerchór na hÉireann, na misin a tugadh chun críche agus na daoine a tugadh slán.”

Is éard a dúirt sé freisin, “Ag caitheamh súil siar dúinn ar an gcuma a bhí ar Bhaile Dhónail 100 bliain ó shin, níl aon dabht faoi ach go mbeadh na chéad chomhaltaí in Aerchór na hÉireann an-bhródúil as an eagraíocht atá inti anois, agus as an méid atá bainte amach aici sa chéad 100 bliain ó bunaíodh í.”

Is féidir tuilleadh sonraí a fháil sa leabhrán atá faoi iamh

Tuilleadh grianghraf: https://www.flickr.com/photos/dfmagazine/albums/72177720298607809