Skip to main content

Preasráiteas Óglaigh na hÉireann - Eachtra Thar Lear sa Liobáin, 14 Nollaig 2022

Is le fíorbhrón atá Óglaigh na hÉireann ag dearbhú go bhfuair duine de choimeádaithe síochána dá gcuid bás in eachtra thromchúiseach sa Liobáin aréir.
Fj_wXy0XwAAo2wU-2

Is le fíorbhrón atá Óglaigh na hÉireann ag dearbhú go bhfuair duine de choimeádaithe síochána dá gcuid bás in eachtra thromchúiseach sa Liobáin aréir.

Tharla eachtra thromchúiseach ar an 14 Nollaig 2022 ag thart ar 2115 (am na hÉireann), ina raibh comhaltaí an 121ú Cathlán Coisithe, UNIFIL páirteach.  Scaoileadh mionairm le conbhua de dhá (2) Fheithicil Fóntais Armúrtha ina raibh ochtar (8), den phearsanra a bhí ag taisteal go Béiriút, á n-iompar acu. Tugadh ceathrar (4) den phearsanra go dtí Ospidéal Rahee, in aice le Siodón, mar thoradh ar an eachtra. Fógraíodh marbh saighdiúir amháin nuair a sroicheadh an t-ospidéal agus cuireadh saighdiúir eile faoi scian agus tá drochbhail air. Tá cóir leighis á cur ar an mbeirt saighdiúirí eile mar gur bhain mionghortuithe dóibh. Tá oifigeach leighis ón 121ú Cathlán Coisithe leis na saighdiúirí in Ospidéal Raee faoi láthair.

Níor gortaíodh an ceathrar eile den phearsanra a bhí sa chonbhua agus tá siad slán sábháilte.

Ní eiseoidh Óglaigh na hÉireann ainm na ndaoine den phearsanra ag an tráth seo, ach tá teaghlaigh na ndaoine sin atá i gceist ar an eolas faoin méid a tharla.

Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an  Leifteanant-Ghinearál Seán Clancy, “Baineadh geit asainn in Óglaigh na hÉireann agus tá muid faoi bhrón ag an scéala ar an eachtra thragóideach seo agus ar bhás duine dár gcoimeádaithe síochána. Tá muid ag cuimhneamh ar a theaghlach, a chairde agus a chomhchoimeádaithe síochána ón 121ú Cathlán Coisithe. Tá muid ag cuimhneamh freisin ar na daoine sin a gortaíodh aréir agus a dteaghlaigh agus cairde. Tá duine dár n-oifigigh leighis ag Ospidéal Raee faoi láthair agus déanfaidh muid cinnte go dtabharfar an aire is fearr agus is féidir dár bpearsanra. Is ag cinntiú go mbeidh ár bpearsanra, atá ar imscaradh sa Liobáin, sábháilte agus go mbeidh tacaíocht leanúnach ar fáil dóibh an méid a bheidh muid ag díriú air anois.  

Cuirfear tús le fiosrúchán iomlán maidir leis an eachtra seo.

 

An 121ú Cathlán Coisithe, a bhfuil 333 saighdiúir Éireannach ann, imscartha i mí na Samhna 2022 chuig Deisceart na Liobáine mar chuid den UNIFIL (Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin).

Tá an 121ú Cathlán Coisithe mar chuid de chathlán ilnáisiúnta, ina bhfuil pearsanra as Éirinn, as Málta, as an bPolainn agus as an Ungáir, ar a dtugtar IRISHPOLBATT orthu ar fad. Tacaíonn IRISHPOLBATT le sainorduithe an UNIFIL i gcomhréir le Rún 1701 (2006) Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) agus le UNSCR 2539 (2020).